[EN]

Uimhir 20 de 1948.


[EN]

AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEATHNÚ AN ACHTA UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1946. [21ú Nollaig, 1948.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946, maidir le 1949-1950.

1.—Beidh feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 (Uimh. 36 de 1946), maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1950.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

2.—(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1948, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1948, a ghairm de na hAchta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1947, agus den Acht seo le chéile.