[EN]

Uimhir 21 de 1925.


[EN]

ACHT UM SCRÚDÓIREACHT SCANNÁN (LEASÚ), 1925.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN SMACHT DO CHIMÉAD AR FHÓGRÁIN PHICTIÚRDHA I dTAOBH PICTIÚIRÍ CINEMATOGRAFACHA AGUS, CHUIGE SIN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE, CHUN AN tACHT UM SCRÚDÓIREACHT SCANNÁN, 1923, DO LEASÚ. [27adh Meitheamh, 1925.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an tAcht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 (Uimh. 23 de 1923);

[EN]

cialluíonn an focal “nochta go puiblí” nochta in aon tsráid, slí, no áit, dúnta isteach no nea-dhúnta isteach, go bhfuil ceart gan chosc ag an bpuiblíocht chun gabháil tríd no chun dul isteach ann, no in aon áit, dúnta isteach no nea-dhúnta isteach, gur féidir don phuiblíocht dul isteach ann, le ceart no le cead, do ghnáth no ar amannta áirithe, agus pe'ca tá an dul isteach san fé íocaíocht no fé chosc eile no ná fuil, agus is dá réir sin a léireofar gach focal atá gaolmhar leis;

[EN]

cialluíonn an focal “leathán tuairisce” an scríbhinn ar a dtugtar an ainm sin do ghnáth imeasc daoine gurb é a ngnó pictiúirí do thaisbeáint le cinematograf no le hinneal eile dá shamhail no pictiúirí den tsórt san do dhéanamh, do roinnt, no do chur ar cíos.

[EN]

Fógraíocht le sliocht as pictiúir.

2.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne, maidir le taisbeáint phictiúra le cinematograf no le hinneal eile dá shamhail, aon aithghein ghrianghrafach ná aithghein eile ar aon chuid den phictiúir sin do nochta go puiblí marar dheimhnigh an Scrúdóir Oifigiúil an pictiúir sin, maraon leis an gcuid de ar ar dineadh aithghein amhlaidh, do bheith oiriúnach le taisbeáint go puiblí.

[EN]

(2) Gach éinne a nochtfidh go puiblí, contrárdha don alt so, aon athghein ghrianghrafach no aithghein eile den tsórt san roimhráite, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga punt agus, i gcás cionta leanúnaigh, fé fhíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta.

[EN]

Cosc le fógráin áirithe.

3.—(1) Ag gabháil le gach iarratas chun an Scrúdóra Oifigiúla ag iarraidh teistis fén bPríomh-Acht beidh cóip den leathán tuairisce a bhaineann leis an bpictiúir go mbeidh an t-iarratas á dhéanamh ina thaobh.

[EN]

(2) Nuair isé tuairim an Scrúdóra Oifigiúla aon phostaer, cárta, no bille láimhe pictiúrdha, no fógrán pictiúrdha eile a luaidhtear in aon leathán tuairisce den tsórt san roimhráite do bheith neamh-oiriúnach le nochta go puiblí toisc é bheith nea-náireach, draosta, no naomhaithiseach no toisc go gcuirfí smaointe in úil a bheadh contrárdha don mhoráltacht phuiblí no go millfí an mhoráltacht phuiblí ar aon chuma eile dá nochtfí go puiblí é, cuirfe sé cosc leis an bhfógrán pictiúrdha san do nochta go puiblí agus cuirfe sé an cosc san ar breaca ar an slí orduithe.

[EN]

(3) Bainfidh alt 8 den Phríomh-Acht (alt a bhaineas le hathchomharcanna chun an Bhúird Athchomhairc i gcoinnibh an Scrúdóra Oifigiúla) le coscanna a chuirfidh an Scrúdóir Oifigiúil, fén alt so, le fógrán pictiúrdha do nochta go puiblí, agus san ar gach slí díreach mar a bhaineann sé leis na breitheanna san an scrúdóra oifigiúla a luaidhtear san alt san, agus déanfar gach luadh no tagairt atá sa Phríomh-Acht d'athchomharcanna chun an Bhúird Athchomhairc do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá bhfoluíodh sé athchomharcanna fén alt san 8 mar a dintar leis an bhfo-alt so an t-alt san do chur i mbaint.

[EN]

Ciontaí a bhaineann le fógráin choiscthe.

4.—(1) Gach éinne a nochtfidh go puiblí no a cuirfidh fé ndeár go nochtfar go puiblí aon phostaer, cárta, no bille láimhe pictiúrdha, no fógrán pictiúrdha eile gur dhin an Scrúdóir Oifigiúil fén Acht so cosc do chur le n-a nochta go puiblí, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé chun sástachta na cúirte ná raibh a fhios aige agus ná féadfadh sé, go réasúnta, a fhios do bheith aige an cosc san do bheith ann no gur dhin an té óna bhfuair sé an fógrán a chur in úil do ná raibh aon chosc den tsórt san ann.

[EN]

(2) Gach éinne a dhíolfidh le duine eile, chun é nochta go puiblí, aon phostaer, cárta, no bille láimhe pictiúrdha, no fógrán pictiúrdha eile gur dhin an Scrúdóir Oifigiúil fén Acht so cosc do chur le n-a nochta go puiblí, agus ná cuirfidh an cosc san in úil don duine eile sin le linn an díola, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(3) Gach éinne a bheidh ciontach i gcionta fén alt so féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga punt agus, i gcás cionta leanúnaigh, fé fhíneáil bhreise chúig bpunt in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta.

[EN]

Cosc le teistisí áirithe do thaisbeáint.

5.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon teistisí (seachas teisteas a dheon an Scrúdóir Oifigiúil fén bPríomh-Acht) do thaisbeáint, ná a chur fé ndeár iad do thaisbeáint, i dteanta ná i dtaobh aon phictiúra a taisbeánfar le cinematograf no le hinneal eile dá shamhail, sé sin, teistisí a bheidh in ainm bheith ag údarú taisbeáint an phictiúra san.

[EN]

(2) Gach éinne a thaisbeánfidh no a chuirfidh fé ndeár go dtaisbeánfar, contrárdha don alt so, aon teisteas den tsórt san roimhráite, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

[EN]

Quorum, etc., an bhúird athchomhairc.

6.—Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt 3 den Phríomh-Acht fé réir na n-atharuithe seo a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfidh triúr ball den bhord athchomhairc, i láthair i bpearsain, quorum chun athchomharcanna d'éisteacht;

[EN]

(b) ath-éistfar athchomharc más lú ná triúr an móráireamh a luaidhtear sa bhfo-alt san no más ina dhá roinn chothroma do sna baill a bheidh i láthair;

[EN]

(c) is i láthair cúigear ball ar a luíod den bhord athchomhairc a déanfar gach ath-éisteacht.

[EN]

Pionós mar gheall ar shárú rialachán.

7.—(1) Le rialacháin a dhéanfa sé fé alt 12 den Phríomh-Acht féadfidh an tAire Dlí agus Cirt gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a fhaisnéis, i dtaobh sárú gach rialacháin no aon rialacháin a dineadh fé alt 12 den Phríomh-Acht, gur cionta fé sna rialacháin sin an sárú san agus a údarú go dtrialfadh cúirteanna údaráis achmair daoine a cúiseofí in aon chionta den tsórt san do dhéanamh;

[EN]

(b) a ordú cadiad na pionóisí a fhéadfidh cúirteanna údaráis achmair a chur ar dhaoine a chiontóid na cúirteanna san i gcionta i gcoinnibh na rialachán san no i gcoinnibh aon rialacháin acu, ach gan aon phionós a hordófar amhlaidh do dhul thar fíneáil chúig bpunt ar fhichid ná thar príosúntacht ar feadh téarma trí mí, agus gan aon phionós minimum d'ordú amhlaidh;

[EN]

(c) regleáil do dhéanamh ar nós-imeachta an bhúird athchomhairc maidir le héisteacht athchomharc.

[EN]

(2) Bainfidh forálacha uile agus fé seach alt 12 den Phríomh-Acht, maidir le rialacháin a déanfí fén alt san, bainfid le rialacháin a déanfar fén alt san de bhua an ailt seo.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

8.—(1) Féadfar an tAcht um Scrúdóireacht Scannán (Leasú), 1925, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar an tAcht so do léiriú mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus féadfar na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 agus 1925, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.