[EN]

Uimhir 21 de 1933.


[EN]

ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ), 1933.


ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNE AN ARD-CHOMHAIRLE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932.

[29adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :— [EN]

Orduithe do dhaingniú.

1.—Daingnítear leis seo na hOrduithe uile agus fé seach a hainmnítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932).

[EN]

Gearr-theideal.

2.—Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú), 1933, do ghairm den Acht so.


[EN]

SCEIDEAL.

1. An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 5), 1932.

2. An tOrdú chun Díúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 11), 1933.