[EN]


Uimhir 21 de 1954.


[EN]

AN tACHT TALÚN, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AILT 15 DEN ACHT TALÚN, 1950. [13ú Iúil, 1954.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Leasú ar alt 15 den Acht Talún, 1950.

1.—Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Talún, 1950 (a fhorálas an aois chun Coimisinéirí Tuatha dá dtagrann an t-alt sin do scor de bheith i seilbh oifige) trí “seacht mbliana seascad d'aois” a chur in ionad “chúig bliana seascad d'aois”.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

2.—(1) Féadfar an tAcht Talún, 1954, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Talamh-Cheannaigh mar aon ní amháin agus féadfar an tAcht seo a lua i dteannta na nAcht sin.