Uimhir 21 de 1965.
AN tACHT LEITHREASA, 1965
[An tiontú oifigiúil.]
Deontais as an bPríomh-Chiste
£144,857,090 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1965-66.
1.—Féadfaidh an tAire Airgeadais suim chéad daichead is ceithre mhilliún, ocht gcéad caoga is seacht míle, is nócha punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a sé.
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £144,857,090 a fháil ar iasacht.
2.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná céad daichead is ceithre mhilliún, ocht gcéad caoga is seacht míle, is nócha punt a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun an céanna a fháil ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.
(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear phríomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.
(3) Déanfar aon airgead a chruinneofar trí urrúis a eiseofar faoin Acht seo a chur chun creidmheasa do chuntas an Státchiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.
Deontais a Leithreasú
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £243,338,174, a leithreasú.
3.—(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim dhá chéad daichead is trí mhilliún, trí chéad tríocha is ocht míle, céad seachtó is ceithre phunt, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAchtanna a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin. An achomaireacht ar sceidil a ghabhann léi, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.
(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim ocht milliún déag, céad is ocht míle, naoi gcéad nócha is ceithre phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.
Iasacht a fháil in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit.
4.—(1) Chun aon iasacht a fháil a n-údaraítear dó í a fháil faoin Acht seo nó faoi aon Acht arna rith roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, féadfaidh an tAire Airgeadais iasacht a fháil in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit.
(2) Is é méid a bheidh le híoc isteach sa Státchiste i leith aon iasachta a gheofar faoin alt seo ná na fáltais iarbhír in airgead reatha an Stáit ón iasacht agus, chun críocha cumhachtaí an Aire Airgeadais chun iasacht a fháil, measfar gurb é an méid a íocfar isteach as Státchiste an méid iarbhír a fuarthas ar iasacht.
(3) Is é méid a bheidh le heisiúint as an Státchiste chun iasacht a gheofar faoin alt seo a aisíoc, nó ús uirthi a íoc, ná costas an aisíoctha, nó costas íoctha an úis, in airgead reatha an Stáit.
Gearrtheideal.
5.—Féadfar an tAcht Leithreasa, 1965, a ghairm den Acht seo.
An Achomaireacht ar Sceidil A agus B Dá dtagraítear san Acht seo
Sceideal A
DEONTAIS
Deontais as an bPríomh-Chiste | .. | .. | .. | .. | .. | £243,338,174 |
Sceideal B
DEONTAIS A LEITHREASU
Bliain | Suimeanna nach mó ná | ||||||
Deontais Soláthair | Leithreasaí-igCabhair | ||||||
£ | £ | ||||||
1964-65 (Forlíontach) | .. | .. | 23,188,684 | 1,062,900 | |||
1965-66 | .. | .. | .. | .. | 220,149,490 | 17,046,094 | |
An tIomlán | .. | £ | 243,338,174 | 18,108,994 |
SCEIDEAL A
DEONTAIS AS AN bPRÍOMH-CHISTE
£ | |||||||
Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1965. | |||||||
Faoi Acht Uimh. 4 de 1965 | .. | .. | .. | 23,188,684 | |||
Chun Seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1966. | |||||||
Faoi Acht Uimh. 4 de 1965 | .. | .. | .. | 75,292,400 | |||
Faoin Acht seo | .. | .. | .. | .. | .. | 144,857,090 | |
An tIomlán | .. | £ | 243,338,174 |
Sceideal B
DEONTAIS A LEITHREASU
Cuid I
Sceideal de shuimeanna Forlíontacha a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íochta muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1965.
Suimeanna nach mó ná | |||
Vóta Uimh. | Teideal | Deontais Soláthair | Leithreasaí-igCabhair |
(1) | (2) | (3) | (4) |
£ | £ | ||
9 | Le haghaidh Caitheachais i leith Foirgneamh Poiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Poiblí áirithe a Chothabháil; chun Oibreacha Siltin agus Oibreacha Innealtóireachta eile a Dhéanamh agus a Chothabháil; agus chun Deontais-i-gCabhair áirithe a íoc .. .. .. | 720,000 | |
16 | Le haghaidh Deontais d'Údaráis Áitiúla mar Fhaoiseamh i leith Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta .. .. | 1,775,000 | -- |
18 | Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe .. .. .. | 32,500 | -- |
23 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais an Gharda Síochána, lena n-áirítear Pinsin, etc., agus le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla .. | 805,000 | -- |
29 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair .. .. .. | 210,330 | |
30 | Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc. .. .. .. .. .. | 2,100,000 | -- |
31 | Le haghaidh Meánoideachais, lena n-áirítear Deontas Tuarastail na Múinteoirí, Deontas Ceannsraithe, Tuarastal Breisitheach do Mheánmhúinteoirí agus Deontas do Chiste Pinsin na Meánmhúinteoirí .. .. | 1,006,200 | -- |
32 | Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair .. | 129,000 | -- |
34 | Le haghaidh Deontais-i-gCabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath .. .. .. .. .. | 255,400 | -- |
37 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le Foraoiseacht, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair chun Talamh a Fháil .. .. .. .. .. | 469,000 | |
40 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc .. .. .. | 7,341,100 | 260,000 |
41 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc .. .. | 30 | -- |
42 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc .. .. | 2,100,000 | -- |
43 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc .. .. .. | 2,816,000 | 568,900 |
44 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh Pá agus Costais Óglaigh na hÉireann; agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc .. | 1,954,600 | 81,000 |
46 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha, agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair .. .. .. .. | 20,400 | 7,700 |
48 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh Ildeontas .. .. .. | 1,136,000 | 289,000 |
49 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais ilghnéitheacha, agus Deontas-i-gCabhair .. .. .. .. .. | 318,000 | -- |
53 | Chun suimeanna áirithe a díscríobhadh as sócmhainní Chiste na nIasachtaí Áitiúla a chúiteamh leis an gCiste sin | 224 | -- |
£23,188,684 | 1,062,900 |
Cuid II
Sceideal de shuimeanna a deonaíodh agus de shuimcanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1966.
Suimeanna nach mó ná | |||
Vóta Uimh. | Teideal | Deontais Soláthair | Leithreasaí-igCabhair |
(1) | (2) | (3) | (4) |
1 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin agus le haghaidh Costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair .. .. | £ | £ |
14,300 | -- | ||
2 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Thithe an Oireachtais lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe .. .. | 510,000 | -- |
3 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn an Taoisigh .. .. .. | 43,500 | -- |
4 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Príomh-Oifige Staidrimh .. .. | 327,360 | 1,500 |
5 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste .. | 54,700 | 12,000 |
6 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta .. .. | 595,500 | 6,070 |
7 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin .. .. .. | 3,749,700 | 140,000 |
8 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na nOibreacha Poiblí, le haghaidh Caiteachais i leith Foirgneamh Poiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Poiblí áirithe a Chothabháil; agus chun Oibreacha Siltin agus Oibreacha Innealtóireachta eile a Dhéanamh agus a Chothabháil .. .. .. | 9,429,500 | 979,017 |
9 | Le haghaidh Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála (lena n-áirítear Fóirithint ar Ghátar) .. .. | 922,600 | 53,000 |
10 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Saotharlainne Stáit .. .. .. | 37,640 | 1,360 |
11 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla .. | 44,000 | 50,000 |
12 | Le haghaidh Deontais (Deontas-igCabhair) don Chomhairle Ealaíon .. | 40,000 | -- |
13 | Le haghaidh Pinsin, Aoisliúntais, Cúiteamh (lena n-áirítear Cúiteamh do Lucht Oibre), agus Liúntais agus Aiscí, breise agus eile faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus faoi Reachtanna éagsúla eile; Pinsin, Liúntais agus Aiscí Eisreachtúla, arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do Lia-Réiteoirí agus corrtháillí do Dhochtúirí; Cúiteamh agus Íocaíochtaí eile i leith Díobhálacha Pearsanta; etc. .. .. .. | 1,816,000 | 188,600 |
14 | Le haghaidh Seirbhís Sicréideach .. | 8,500 | -- |
15 | Le haghaidh Deontais d'Údaráis Áitiúla mar Fhaoiseamh i leith Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta .. .. | 12,500,000 | -- |
16 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh Costais Ionchúiseamh Coiriúil agus Dlímhuirear eile, lena n-áirítear Deontas Faoisimh i leith Costais áirithe is iníoctha de réir Reachta as Rátaí Áitiúla .. .. .. .. .. | 225,000 | 8,000 |
17 | Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe .. .. .. | 345,160 | -- |
18 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh Clódóireachta agus Ceangaltóireachta, agus chun Páipéar, Foilseacháin, Innealra Oifige agus Soláthairtí eile Oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh Ilchuspóirí Ilghnéitheacha, lena n-áirítear Tuairiscí ar Dhíospóireachtaí an Oireachtais, Billí, Achtanna agus Foilseacháin eile Rialtais a fhoilsiú agus a dhíol .. .. | 763,000 | 212,700 |
19 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus Mionseirbhísí áirithe .. | 282,000 | 32,600 |
20 | La haghaidh Rátaí agus Ranníocaí in ionad Rátaí, etc., i leith Maoin Rialtais, agus le haghaidh Ranníocaí i leith Rátaí ar Áitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha .. .. .. | 717,500 | 100,500 |
21 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe; agus na hOifige Irisí Phoiblí agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar, agus chun Doiciméid Stairiúla, etc., a cheannach .. .. .. .. | 241,810 | 525 |
22 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais an Gharda Síochána lena n-áirítear Pinsin, etc., agus le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla .. .. .. | 8,893,000 | 319,090 |
23 | Le haghaidh Costais Phríosún, Foras Naomh Pádraig, agus chun Príosúnaigh a Chothabháil a choinnítear in Ospidéil Mheabhair-Ghalar Cheantair .. .. | 402,950 | 37,600 |
24 | Le haghaidh na dTuarastal agus na gCostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste .. | 502,730 | 43,724 |
25 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas .. .. .. .. | 225,270 | -- |
26 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla .. .. .. .. | 11,580 | 43 |
27 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais agus Costais eile i ndáil le Tithíocht, agus Deontais Ilghéitheacha lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair .. | 7,821,700 | 179,000 |
28 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair .. .. .. | 1,132,500 | 14,936 |
29 | Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoiri Scoile Náisiúnta, etc. .. .. .. | 17,306,400 | 127,000 |
30 | Le haghaidh Meánoideachais, lena n-áirítear Deontas Tuarastail na Múinteoirí, Deontas Ceannsraithe, Tuarastal Breisitheach do Mheánmhúinteoirí agus Deontas do Chiste Pinsin na Meánmhúinteoirí .. .. | 5,515,400 | 51,060 |
31 | Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair .. | 3,478,500 | 51,610 |
32 | Le haghaidh Costais i ndáil le Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, lena n-áirítear Aiteanna Coinneála .. | 285,550 | 5,000 |
33 | Le haghaidh Deontais-i-gCabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath .. .. .. .. .. | 2,889,300 | -- |
34 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair .. .. .. | 25,410 | 150 |
35 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talún na hÉireann .. .. .. | 3,414,700 | 208,220 |
36 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le Foraoiseacht, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair chun Talamh a Fháil .. .. .. .. .. | 3,606,200 | 612,000 |
37 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le hIascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear Ildeontais-i-gCabhair .. | 837,400 | 28,400 |
38 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair .. .. .. .. | 954,700 | 5,100 |
39 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc | 31,765,000 | 951,375 |
40 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc .. .. | 7,044,000 | 112,114 |
41 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc .. .. | 7,609,100 | 1,424,860 |
42 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc .. .. .. | 18,727,000 | 9,114,400 |
43 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh Pá agus Costais Óglaigh na hÉireann; agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc .. | 10,440,700 | 150,740 |
44 | Le haghaidh Pá Scortha, Pinsin, Cúiteamh, Liúntais agus Aiscí is iníochta faoi Reachtanna Eagsúla le Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí Míleata áirithe eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh Ranníocaí agus Costais Eagsúla i ndáil leo sin, agus le haghaidh Liúntais Leanaí Eisreachtúla áirithe .. .. | 2,377,130 | 2,500 |
45 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair .. .. .. .. | 727,500 | 11,300 |
46 | Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe agus do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna .. .. .. .. .. | 185,000 | 50 |
47 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh Ildeontas .. .. .. | 35,508,000 | 1,781,000 |
48 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais ilghnéitheacha agus Deontas-i-gCabhair .. .. .. .. | 15,338,900 | 25,500 |
49 | La haghaidh Costais Chothabhála, etc., Othar sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar .. .. .. .. .. | 81,100 | 3,450 |
50 | Chun Méaduithe ar Phinsin áirithe, etc., i leith seirbhíse poiblí a íoc .. .. | 375,000 | -- |
£ | 220,149,490 | 17,046,094 | |
Iomlán Sceideal B ..£ | 243,338,174 | 18,108,994 |