Uimhir 21 de 1982
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1982
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976;
ciallaíonn “deimhniú forbartha” deimhniú arna eisiúint faoi alt 29 d'Acht 1976;
ciallaíonn “fógra tarscaoilidh” fógra arna eisiúint faoi alt 29 d'Acht 1976.
Teorainn le ré cead pleanála.
2.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, aon chead a tugadh faoi Chuid IV den Phríomh-Acht roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, scoirfidh sé, ar éag don tréimhse iomchuí (ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh dá bhun roimh éag don tréimhse sin), d'éifeacht a bheith leis—
(a) i gcás gan an fhorbairt lena mbaineann an cead a bheith tosaithe i rith na tréimhse sin, maidir leis an bhforbairt go léir, agus
(b) i gcás an fhorbairt sin a bheith tosaithe i rith na tréimhse sin, maidir leis an méid sin di nach mbeidh críochnaithe laistigh den tréimhse sin.
(2) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—
(i) maidir le cead ar bith aon déanmhas a choinneáil ar thalamh,
(ii) maidir le cead ar bith arna thabhairt ar feadh tréimhse teoranta amháin nó faoi réir coinníll de chineál a thuairiscítear in alt 26 (2) (j) nó 27 (2) (f) den Phríomh-Acht,
(iii) maidir le cead ar bith d'aicme nó de thuairisc a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire chun críocha an ailt seo,
(iv) i gcás teach, siopa, oifig nó foirgneamh eile atá críochnaithe é féin, i ndáil le soláthar aon déanmhais nó oibreacha atá ar áireamh sa chead iomchuí agus atá riachtanach nó cumhalda nó foghabhálach i ndáil le húsáid an fhoirgnimh de réir an cheada sin,
(v) i gcás forbairt a chuimsíonn uimhir foirgneamh nach bhfuil ach cuid acu críochnaithe, i ndáil le bóithre, seirbhísí agus spásanna oscailte a sholáthar atá ar áireamh sa chead iomchuí agus atá riachtanach nó cumhalda i ndáil leis na foirgnimh chríochnaithe sin.
(b) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) den alt seo difear—
(i) do leanúint de thalamh a úsáid ar aon slí, de réir ceada,
(ii) i gcás ina mbeidh forbairt críochnaithe (an oiread sin a thuairiscítear i mír (a) den fho-alt seo nó ar a mhalairt de dhóigh), don oibleagáid a bheidh ar aon duine aon choinníoll a chomhlíonadh a ghabhann leis an gcead iomchuí lena gceanglaítear rud éigin a dhéanamh nó a fhágáil gan déanamh.
(3) (a) I gcás ina mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar dréacht díobh faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.
(b) Ní bheidh feidhm ag alt 10 (2) den Phríomh-Acht maidir le rialacháin a dhéanfar faoin alt seo.
(4) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Shamhain 1981.
(5) San alt seo agus in alt 4 den Acht seo, ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—
(a) i ndáil le cead ar bith a tugadh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1976, an tréimhse dar thosach an dáta a tugadh an cead sin agus dar críoch an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1983,
(b) i ndáil le cead ar bith a tugadh nó a thugtar tráth nach túisce ná an 1ú lá de Shamhain, 1976, nó nach déanaí ná an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1982—
(i) i gcás, i ndáil leis an gcead, go sonraítear tréimhse de bhun alt 3 den Acht seo, an tréimhse sin, agus
(ii) in aon chás eile, an tréimhse dar críoch an lá ar lá é seacht mbliana tar éis an dáta ar tugadh an cead sin nó an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1987, cibé acu is túisce,
(c) maidir le cead ar bith a tugadh nó a thugtar an 1ú lá de Shamhain, 1982, nó dá éis—
(i) i gcás, i ndáil leis an gcead, go sonraítear tréimhse de bhun alt 3 den Acht seo, an tréimhse sin, agus
(ii) in aon chás eile, an tréimhse cúig bliana dar thosach an dáta a tugadh an cead sin:
Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh údarás pleanála, roimh thosach feidhme an ailt seo, tar éis ordú a dhéanamh faoi alt 29 (9) d'Acht 1976 agus de bhua an ordaithe go scoirfeadh an cead lena mbaineann an t-ordú, dá mba rud é nár achtaíodh an t-alt seo, d'éifeacht a bheith leis ar dháta is déanaí ná an dáta ar a scoirfeadh sé, ar leith ón gcoinníoll seo, d'éifeacht a bheith leis, ansin, d'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo agus alt 15 den Acht seo, go dtiocfaidh an tréimhse iomchuí maidir leis an gcead chun críche ar an dáta is déanaí sin.
(6) Ní dhéanfaidh údarás pleanála, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 3 den Acht seo i ndáil le cead dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (b) den alt seo, an chumhacht a fheidhmiú chun tréimhse a shonrú ar tréimhse í is giorra ná an tréimhse a mbeadh feidhm aici, de bhua an fho-ailt sin (5) (b), i ndáil leis an gcead dá mba rud é nár feidhmíodh an chumhacht amhlaidh.
Cumhacht tréimhse iomchuí a athrú.
3.—Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar dóibh le Cuid IV den Phríomh-Acht cead a thabhairt talamh a fhorbairt ar feadh tréimhse teoranta amháin, féadfaidh údarás pleanála nó an Bord, de réir mar is iomchuí, nuair a bheidh siad ag cinneadh cead a thabhairt faoi alt 26 den Phríomh-Acht, agus tar éis féachaint do chineál agus do mhéid na forbartha iomchuí agus d'aon ní ábhartha eile, an tréimhse a shonrú, ar tréimhse í is faide ná cúig bliana, ina mbeidh éifeacht leis an gcead agus i gcás ina bhfeidhmeoidh an t-údarás pleanála an chumhacht a thugtar dóibh leis an alt seo, nó ina ndiúltóidh siad í a fheidhmiú, measfar gur cuid de chinneadh iomchuí an údaráis sin faoin alt sin 26 an feidhmiú nó an diúltú sin.
Cumhacht tréimhse iomchuí a shíneadh.
4.—(1) Ar iarratas a dhéanamh chucu chun na críche sin, déanfaidh údarás pleanála, maidir le cead áirithe, an tréimhse iomchuí a shíneadh feadh cibé tréimhse bhreise a mheasfaidh an t-údarás is gá chun go bhféadfar an fhorbairt lena mbaineann an cead a chríochnú, má chomhlíontar, agus ar an gcoinníoll amháin go gcomhlíonfar, gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
(a) go mbeidh an t-iarratas de réir cibé rialacháin faoin Acht seo a bhainfidh leis,
(b) go gcomhlíonfar aon cheanglais de chuid na rialachán sin, nó aon cheanglais a dhéanfar fúthu, maidir leis an iarratas, agus
(c) gur deimhin leis an údarás i ndáil leis an gcead—
(i) gur thosaigh an fhorbairt lena mbaineann an cead sin roimh éag don tréimhse iomchuí atáthar ag iarraidh a shíneadh, agus
(ii) go ndearnadh mór-oibreacha de bhun an cheada sin i rith na tréimhse sin, agus
(iii) go gcríochnófar an fhorbairt laistigh d'achar réasúnach.
(2) Más rud é—
(a) go ndéanfar iarratas go cuí faoin alt seo chun údaráis phleanála,
(b) go gcomhlíonfar aon cheanglais de chuid rialachán faoi alt 11 den Acht seo, nó aon cheanglais arna ndéanamh fúthu, maidir leis an iarratas, agus
(c) nach dtabharfaidh an t-údarás pleanála fógra don iarratasóir faoina gcinneadh maidir leis an iarratas laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach—
(i) i gcás na ceanglais réamhráite ar fad dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo a bheith comhlíonta an lá, nó roimh an lá, a bhfaighidh an t-údarás pleanála an t-iarratas, an lá sin, agus
(ii) in aon chás eile, an lá a mbeidh na ceanglais sin ar fad comhlíonta,
faoi réir alt 10 (2) den Acht seo, i gcás cinneadh ón údarás pleanála an tréimhse, arb í an tréimhse iomchuí í maidir leis an gcead iomchuí, a shíneadh nó a shíneadh tuilleadh, de réir mar is iomchuí, feadh cibé tréimhse bhreise a shonrófar san iarratas, measfar an cinneadh sin a bheith tugtha ag an údarás pleanála ar an lá deiridh den tréimhse dhá mhí sin.
(3) (a) I gcás ina dtabharfar cinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo tréimhse iomchuí a shíneadh nó ina measfar cinneadh a bheith tugtha de bhun fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh an t-údarás pleanála an tréimhse iomchuí a shíneadh tuilleadh, mura gcomhlíonfar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
(i) go ndéanfar iarratas chucu chun na críche sin de réir cibé rialacháin faoin Acht seo a bhainfidh leis,
(ii) go gcomhlíonfar aon cheanglais de chuid na rialachán sin, nó aon cheanglais arna ndéanamh fúthu, maidir leis an iarratas, agus
(iii) gur deimhin leis an údarás nár críochnaíodh an fhorbairt iomchuí de bharr imthosca nach raibh neart ar bith ag an duine a bhí ag déanamh na forbartha orthu.
(b) Ní dhéanfar tréimhse iomchuí a shíneadh tuilleadh faoin bhfo-alt seo ach amháin feadh cibé tréimhse is dóigh leis an údarás pleanála iomchuí is gá chun go bhféadfar an fhorbairt iomchuí a chríochnú.
(4) Déanfar sonraí faoi aon iarratas chun údaráis phleanála faoin alt seo agus faoi chinneadh an údaráis phleanála i leith iarratas den sórt sin a thaifeadadh ar an taifead iomchuí sa chlár.
(5) I gcás ina dtabharfar cinneadh faoin alt seo tréimhse a shíneadh nó a shíneadh tuilleadh nó ina measfar an cinneadh sin a bheith tugtha de bhun fho-alt (2) den alt seo, déanfar alt 2 den Acht seo, i ndáil leis an gcead lena mbaineann an cinneadh, a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis faoi réir agus de réir théarmaí an chinnte.
(6) Ní dhéanfar an t-alt seo a fhorléiriú mar alt a choisceann tréimhse iomchuí a shíneadh nó a shíneadh tuilleadh de bharr an tréimhse do dhul in éag.
Cumhacht a dhearbhú go bhfuil tarchuir, achomhairc agus iarratais tarraingthe siar.
5.—(1) Más dóigh leis an mBord go bhfuil tarchur nó achomharc chun an Bhoird, nó iarratas ar chead nó ar cheadú lena mbaineann achomharc den sórt sin, tréigthe, féadfaidh an Bord fógra a sheirbheáil ar an duine a rinne an tarchur, an t-achomharc nó an t-iarratas, de réir mar is iomchuí, á rá sin agus á cheangal ar an duine sin, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (ar tréimhse í nach giorra ná ceithre lá dhéag dar tosach dáta seirbheála an fhógra) aighneacht i scríbhinn a dhéanamh chun an Bhoird i dtaobh cad chuige nach mbeadh sé le meas gur tarraingíodh siar an tarchur, an t-achomharc nó an t-iarratas, cibé acu é.
(2) I gcás fógra a bheith seirbheáilte faoi fho-alt (1) den alt seo féadfaidh an Bord a dhearbhú, tráth ar bith tar éis an tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra do dhul in éag, agus tar éis breithniú a dhéanamh ar an aighneacht (más ann) a rinneadh chun an Bhoird de bhun an fhógra—
(i) i gcás ina dtagróidh an fógra do tharchur, go measfar an tarchur a bheith tarraingthe siar,
(ii) i gcás ina dtagróidh an fógra d'iarratas a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo, go measfar an t-iarratas a bheith tarraingthe siar, agus
(iii) i gcás ina dtagróidh an fógra d'achomharc chun an Bhoird, go measfar an t-achomharc a bheith tarraingthe siar.
(3) I gcás, de bhun an ailt seo, go ndearbhóidh an Bord go measfar iarratas a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo a bheith tarraingthe siar, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an iarratas:
(a) measfar aon achomharc i ndáil leis an iarratas a bheith tarraingthe siar agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh an Bord an t-achomharc a chinneadh, agus
(b) d'ainneoin aon chinneadh a bheith déanta roimhe sin faoi alt 26 nó 27 den Phríomh-Acht ag údarás pleanála maidir leis an iarratas, ní thabharfaidh an t-údarás cead ná ceadú ar bith faoi cheachtar de na hailt sin ar scór an iarratais.
(4) I gcás ina ndéanfaidh an Bord dearbhú faoin alt seo, d'ainneoin alt 15 (2) d'Acht 1976, féadfaidh an Bord, más oiriúnach leis, a ordú go ndéanfar an éarlais a bheidh taiscthe i ndáil leis an achomharc iomchuí, nó i ndáil le haon achomharc lena mbaineann an t-iarratas iomchuí, cibé acu é, a fhorghéilleadh don Bhord.
Bailíocht ceadanna agus ceaduithe áirithe.
6.—(1) Aon chead nó ceadú a bheidh tugtha ar achomharc faoi Chuid IV den Phríomh-Acht roimh an 15ú lá de Mhárta, 1977, ní bheidh sé, agus ní mheasfar go raibh sé riamh, neamhbhailí de bhíthin amháin gur sháraigh, nó go sáródh an fhorbairt áirithe, ar mhodh ábhartha, an plean forbartha a bhaineann le limistéar an údaráis phleanála ar lena gcinneadh a bhain an t-achomharc.
(2) Más rud é, de bharr aon cheann nó gach ceann dá fhorálacha, go mbeadh, murach an fo-alt seo, fo-alt (1) den alt seo ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine, beidh cibé teorainn is gá ag gabháil le forálacha an fho-ailt sin chun a áirithiú nach mbeidh siad ar neamhréir amhlaidh ach, thairis sin, beidh lánfheidhm agus lánéifeacht leo.
Treoracha ginearálta polasaí maidir le pleanáil agus forbairt.
7.—(1) Tabharfaidh an tAire, ó am go ham, cibé treoracha ginearálta is dóigh leis is gá maidir le polasaí i ndáil le pleanáil agus forbairt.
(2) Beidh aird ar aon treoir faoin alt seo ag údarás pleanála agus ag an mBord ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó.
(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chumasaíonn don Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le haon chás áirithe a mbeidh baint, nó a bhféadfaidh baint a bheith, ag údarás pleanála nó ag an mBord leis.
(4) Nuair a thabharfaidh an tAire treoir faoin alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
(a) cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir, cóip den treoir a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas,
(b) foilseofar an treoir san Iris Oifigiúil, agus
(c) cuirfidh an tAire faoi deara cóip den treoir a sheoladh go dtí gach údarás pleanála agus go dtí an Bord.
Pionóis áirithe faoin bPríomh-Acht nó faoi Acht 1976 a athrú.
8.—(1) Aon duine a chiontóidh an Chúirt Dúiche i gcion dá bhforáiltear pionós in aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha dlífear, in ionad an phionóis a fhoráiltear amhlaidh, an pionós a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus déanfar an t-alt sin a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis dá réir sin.
(2) (a) Aon duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (9) d'alt 32 d'Acht 1976 dlífear, in ionad cibé méid den phionós a shonraítear san fho-alt sin ar fíneáil é, fíneáil nach mó ná £800 a chur air, agus déanfar an fo-alt sin (9) a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis dá réir sin.
(b) Aon duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (10) d'alt 33 d'Acht 1976 dlífear, in ionad cibé méid den phionós a shonraítear san fho-alt sin ar fíneáil é, fíneáil nach mó ná £800 a chur air, agus déanfar an fo-alt sin (10) a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis dá réir sin.
(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 24 (3) den Phríomh-Acht nó faoi alt 26 (4) d'Acht 1976 dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.
(4) (a) I gcás ina gciontófar duine i gcion dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo agus go leanfaidh sé den chion tar éis a chiontaithe beidh sé ciontach i gcion breise agus dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den chion, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.
(b) In aon imeachtaí maidir le cion faoin alt seo ina líomhnaítear gur lean an cosantóir de chion faoi fho-alt (3) d'alt 24 den Phríomh-Acht, beidh feidhm, maidir leis na himeachtaí, ag fo-alt (4) den alt sin 24, mar atá feidhm aige maidir le hionchúiseamh i leith ciona faoin alt sin.
(c) In aon imeachtaí maidir le cion faoin alt seo ina líomhnaítear gur lean an cosantóir de chion faoi fho-alt (4) d'alt 26 d'Acht 1976—
(i) beidh feidhm, i ndáil leis na himeachtaí, ag fo-alt (7) den alt sin 26 mar atá feidhm aige i ndáil le himeachtaí a luaitear san fho-alt sin, agus
(ii) beidh feidhm, maidir leis na himeachtaí, ag fo-alt (8) den alt sin 26 mar atá feidhm aige maidir le hionchúiseamh i leith ciona faoin alt sin.
(5) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le cionta a dhéanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo.
AN TÁBLA
Uimh. Thag. | An tAlt den Phríomh-Acht | An Pionós |
(1) | (2) | (3) |
1. | 7 (5), 9 (2), 80 (4), 82 (5) (b) agus 82 (7) (b) (iv). | Fíneáil nach mó ná £100. |
2. | 31 (8), arna leasú le halt 38 d'Acht 1976, 34 (6), arna leasú amhlaidh, 37 (7), arna leasú amhlaidh agus 49 (2) (b), arna leasú amhlaidh. | Fíneáil nach mó ná £800 agus, i gcás cion breise faoin alt, fíneáil bhreise (nach mó ná £800 san iomlán) nach mó ná £150 in aghaidh gach lae a leanfar den chion. |
3. | 51 (4), arna leasú le halt 40 (c) d'Acht 1976, 81 (3), 83 (7) agus 89 (8). | Fíneáil nach mó ná £100 agus, i gcás cion breise faoin alt, fíneáil bhreise (nach mó ná £800 san iomlán) nach mó ná £25 in aghaidh gach lae a leanfar den chion. |
4. | 34 (1), arna leasú le halt 38 d'Acht 1976, 35 (7), arna leasú amhlaidh, 45 (8), arna leasú amhlaidh agus 46 (8), arna leasú amhlaidh. | Fíneáil nach mó ná £800. |
5. | 34 (5), arna leasú le halt 38 d'Acht 1976, agus 35 (8), arna leasú amhlaidh. | Fíneáil (nach mó ná £800 san iomlán) nach mó ná £150 in aghaidh gach lae a leanfar den chion breise faoin alt. |
Féadfar cionta áirithe a thriail go hachomair.
9.—(1) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion dá dtagraítear in alt 8 (3) den Acht seo, nó cion faoi alt 8 (4) den Acht seo, a thriail go hachomair—
(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh in aghaidh cosantóir a cúisíodh i gcion den sórt sin,
(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis, agus
(c) mura ndiúltóidh an cosantóir (ar bheith curtha in iúl dó ag an mBreitheamh gurb é a cheart dul ar a thriail roimh ghiúiré) dul ar a thriail go hachomair,
agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear—
(i) i gcás é a chiontú i gcion dá dtagraítear amhlaidh, fíneáil nach mó ná £800, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur ar an gcosantóir sin,
(ii) i gcás é a chiontú i gcion faoin alt sin 8 (4), fíneáil (nach mó ná £800 san iomlán) nach mó ná £150 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur ar an gcosantóir sin.
(2) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, i ndáil le cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo amhail is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, an pionós dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo i ndáil leis an gcion a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi dá réir sin.
Táillí.
10.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh d'fhoráil—
(a) táillí forordaithe a íoc le húdaráis phleanála i ndáil le hiarratais ag iarraidh—
(i) cead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht,
(ii) ceaduithe a cheanglaítear le rialacháin cheada,
(iii) ceaduithe a cheanglaítear a fháil faoi choinníoll ar faoina réir a thugtar cead nó ceadú faoin bPríomh-Acht, nó
(iv) síneadh nó síneadh breise faoi alt 4 den Acht seo,
(b) táillí forordaithe a íoc leis an mBord i ndáil le hachomhairc nó tarchuir chun an Bhoird nó cinntí ag an mBord,
agus féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin i dtaobh táillí éagsúla a íoc i ndáil le cásanna d'aicmí nó de thuairiscí éagsúla, i dtaobh díolúine a thabhairt ó tháillí a íoc in imthosca sonraithe, i dtaobh táillí a tharscaoileadh, a mhaitheamh nó a aisíoc (go hiomlán nó go páirteach) in imthosca sonraithe agus i dtaobh an modh ina ndéanfar táillí a dhiúscairt.
(2) I gcás, faoi rialacháin faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha le húdarás pleanála ag iarratasóir i leith iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:
(a) ní dhéanfaidh an t-údarás cinneadh ar an iarratas mura mbeidh an táille faighte ag an údarás, agus
(b) d'ainneoin aon ní in alt 26 (4) nó 27 (3) den Phríomh-Acht nó in alt 4 (2) den Acht seo, ní mheasfar, de bhun aon cheann de na hailt sin, cinneadh ó údarás pleanála a bheith tugtha lá is túisce ná lá dhá mhí tar éis an lae a mbeidh an táille faighte ag an údarás agus déanfar na hailt sin 26 (4), 27 (3) agus 4 (2) a fhorléiriú faoi réim agus de réir fhorálacha na míre seo.
(3) I gcás—
(a) faoi rialacháin faoin alt seo, go mbeidh táille (seachas táille dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo) iníoctha leis an mBord ag achomharcóir i leith achomharc uaidh chun an Bhoird, agus
(b) nach dtugann an fhoráil de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, a údaraíonn an t-achomharc, cumas an t-achomharc a dhéanamh ach amháin laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh éag do thréimhse shonraithe nó roimh lá sonraithe, forléireofar an fhoráil mar fhoráil a fholaíonn—
(i) ceanglas nach foláir don Bhord an táille a fháil laistigh den tréimhse sin nó roimh éag don tréimhse sin nó roimh an lá sin (nó, más leis an bpost a sheolfar an táille, tráth nach déanaí ná an tríú lá tar éis na tréimhse sin nó an lae sin), agus
(ii) foráil go mbeidh an t-achomharc neamhbhailí mura bhfaighfear an táille amhlaidh.
(4) I gcás, faoi rialacháin faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha le húdarás pleanála nó leis an mBord agus maidir leis an duine arb aige is iníoctha an táille—
(a) nach é an t-iarratasóir é ar chead, ar cheadú nó ar cheadúnas, nó
(b) nach achomharcóir é chun an Bhoird, nó
(c) nach é an duine é atá ag déanamh tarchur chun an Bhoird nó ag iarraidh cinneadh ón mBord,
ní bhreithneoidh an t-údarás pleanála ná an Bord, de réir mar is iomchuí, aighneachtaí a bheidh déanta nó tuairimí a bheidh tugtha maidir leis an iarratas, leis an achomharc, leis an tarchur nó leis an gcinneadh iomchuí ag an duine nó thar ceann an duine arb aige is iníoctha an táille mura mbeidh an táille faighte ag an údarás nó ag an mBord.
(5) I gcás, faoi rialacháin faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha leis an mBord ag duine atá ag déanamh tarchur chun an Bhoird nó ag iarraidh cinneadh ón mBord, ní dhéanfaidh an Bord an cheist nó an t-ábhar iomchuí a chinneadh mura mbeidh an táille faighte ag an mBord.
(6) I gcás, faoi rialacháin faoin alt seo, go mbeidh táillí iníoctha leis an mBord i leith éisteacht ó bhéal a iarraidh ar achomhairc nó ar tharchuir chun an Bhoird, ní dhéanfaidh an Bord an iarraidh sin a bhreithniú mura mbeidh an táille is iníoctha amhlaidh i leith na hiarrtha faighte ag an mBord.
(7) Is forálacha i dteannta, agus ní forálacha in ionad, fhorálacha alt 22 d'Acht 1976 forálacha fho-alt (3) den alt seo.
Rialacháin.
11.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i ndáil le haon ní a bhaineann le nós imeachta maidir le hiarratais faoi alt 4 den Acht seo agus cibé socrú foghabhálach, iarmhartach nó forlíontach a dhéanamh iontu is dóigh leis is gá nó is cuí chun lánéifeacht a thabhairt d'aon cheann d'fhorálacha alt 2, 3 nó 4 den Acht seo.
(2) Go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo—
(a) an tráth a bhféadfar iarratais a dhéanamh faoi alt 4 den Acht seo, an modh ina ndéanfar na hiarratais sin agus na sonraí a bheidh iontu a shonrú,
(b) a cheangal ar iarratasóirí aon fhaisnéis sonraithe a bhainfidh lena n-iarratais (lena n-áirítear aon fhaisnéis maidir le haon eastát nó leas i dtalamh nó aon cheart thar thalamh) a thabhairt don údarás pleanála,
(c) a cheangal ar iarratasóirí aon fhaisnéis eile a bhainfidh lena n-iarratais (lena n-áirítear aon fhaisnéis maidir le heastát, leas nó ceart den sórt sin) a thabhairt don údarás pleanála,
(d) a cheangal go dtabharfar ar aird aon fhianaise chun aon sonraí nó faisnéis a bheidh tugtha ag aon iarratasóir a fhíorú,
(e) a cheangal ar údaráis phleanála fógra a thabhairt (i slí fhorordaithe) i dtaobh cinntí ar iarratais den sórt sin.
Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.
12.—Leasaítear leis seo mír (c) d'alt 8 (4) den Phríomh-Acht trí “na táille forordaithe” a chur in ionad “táille deich scilling”, agus tá an mhír sin (c), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA
(c) I gcás ina ndéanfar iarratas chun údaráis phleanála ag iarraidh cóipe faoin alt seo, eiseofár an chóip chun an iarratasóra ar é d'íoc na táille forordaithe leis an údarás pleanála i leith gach taifid.
Leasú ar alt 80 den Phríomh-Acht.
13.—Leasaítear leis seo alt 80 den Phríomh-Acht trí “go hachomair” a chur isteach i ndiaidh “a dhéanamh” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA
(1) I gcás cion faoin Acht seo féadfaidh an t-údarás pleanála arbh ina limistéar a rinneadh an cion ionchúiseamh a dhéanamh go hachomair ina leith.
Cosaint.
14.—(1) Ní fhorléireofar alt 15 ná an coinníoll a ghabhann le halt 2 (5) den Acht seo mar ní a dhéanann difear don Chúirt Chuarda nó don Bhord d'fheidhmiú aon chumhachta a thugtar dóibh le halt 29 d'Acht 1976 i ndáil le haon iarratas dá dtagraítear in alt 15 (4) (b) den Acht seo.
(2) I gcás, roimh dháta thosach feidhme an ailt seo, go ndearnadh iarratas chun údaráis phleanála ar chead nó ar cheadú, ní mheasfar, de bhun alt 26 (4) nó 27 (3) den Phríomh-Acht, gur tugadh cinneadh ón údarás maidir leis an iarratas, de bhíthin alt 2 den Acht seo a achtú agus dá bhíthin sin amháin.
Aisghairm.
15.—(1) I bhfo-alt (3) d'alt 24 den Phríomh-Acht aisghairtear leis seo na focail go léir idir “ciontach i gcion” agus deireadh an fho-ailt.
(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas d'Acht 1976:
(a) ailt 6, 15 (1), 26 (5) agus 38,
(b) fo-ailt (1), (2), (3), (4), (7) agus (9) d'alt 29,
(c) “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad agus caoga punt a chur air” in alt 26 (4).
(3) Tiocfaidh an t-alt seo, a mhéid a aisghaireann sé alt 15 (1) d'Acht 1976, i ngníomh cibé lá a shocróidh an tAire le hordú.
(4) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo—
(a) leanfaidh aon fhógra tarscaoilidh nó aon deimhniú forbartha d'fheidhm agus d'éifeacht a bheith leis,
(b) féadfaidh údarás pleanála, tar éis tosach feidhme an ailt seo, fógra tarscaoilidh nó deimhniú forbartha a eisiúint má bhíonn, agus sa chás amháin go mbeidh, iarratas a rinneadh chucu chun na críche sin faighte acu roimh an tosach feidhme sin.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
16.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1982, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1982, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, agus den Acht seo le chéile.
(3) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, le chéile mar aon Acht amháin.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976 | |
Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976 |