Uimhir 2 de 1947.
AN tACHT ALCÓIL CHEARDAIS (LEASÚ), 1947.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Ginearalta.
Gearr theideal agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht Alcóil Cheardais (Leasú), 1947, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Alcóil Cheardais, 1938 agus 1947, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” an Chuideachta a bunaíodh de bhun ailt 7 den Phríomh-Acht;
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
ciallaíonn an abairt “an Phríomh-Acht” an tAcht Alcóil Cheardais, 1938 (Uimh. 23 de 1938).
(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus an Príomh-Acht.
CUID II.
Ainm na Cuideachtan a athru agus a cuspoiri a leathnu.
Ainm na Cuideachtan a athrú.
3.—(1) Ar an Acht seo a rith beidh ainm na Cuideachtan arna hathrú, de bhuaidh an ailt seo, go dtí Ceimicí, Teoranta.
(2) Déanfaidh an cláraitheoir cuideachtan, ar an gCuideachta dá iarraidh sin, ainm nua na Cuideachtan a iontráil ar an gclár in ionad na sean-ainme, agus eiseoidh deimhniú corpraitheachta agus é athraithe chun freagairt do thosca an cháis.
(3) Ní dhéanfaidh an t-athrú a déantar ar ainm na Cuideachtan leis an alt seo difir d'aon chearta nó oblagáidí de chuid na Cuideachtan ná ní dhéanfaidh lochtach aon imeachta dlí ag an gCuideachtain nó ina coinne, agus aon imeachta dlí a bhféadfaí leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina sean-aimn féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina hainm nua.
Cuspóirí na Cuideachtan a leathnú.
4.—(1) Leasaítear leis seo mír 2 den Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht tríd an bhfo-mhír seo a leanas a chur in ionad fomhíre (c), is é sin le rá:—
“(c) go mbeidh ar phríomhchuspóirí na Cuideachtan—
(i) alcól ceardais agus táirgí agus díorthaigh ó alcól ceardais a dhéanamh, a athghlanadh agus a dhíol, agus
(ii) turgnaimh, fiorsrúcháin, taighde agus triaileacha a dhéanamh, nó cabhrú leo nó cúnamh airgid a thabhairt chucu, maidir le sodhéantacht aon tsubstainte a dtáirgtear nó a bhfaightear a hiomlán nó aon chuid di trí phróiseas ceimiceach, agus
(iii) aon tsubstaint, a dtáirgtear nó a bhfaightear a hiomlán nó aon chuid di trí phróiseas ceimiceach, a dhéanamh agus a dhíol.”
(2) Tráth ar bith tar éis an tAcht seo a rith, féadfaidh an Chuideachta, le haontú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a meabhrán comhlachais a athrú i slí go leathnófar a cuspóirí i gcomhréir leis an leasú a déantar le fo-alt (1) den alt seo, agus ní bheidh feidhm ag alt 17 den Phríomh-Acht maidir leis an athrú sin.
(3) Ní bheidh feidhm ag alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le haon athrú a húdaraítear leis an alt seo don Chuideachtain a dhéanamh ar a meabhrán comhlachais, agus ina ionad sin achtaítear leis seo go bhféadfar gach athrú den tsórt sin a dhéanamh trí rún neamhghnáthach, mar a mínítear sin le halt 69 den Acht sin, agus, i dteannta alt 70 den Acht sin a chomhlíonadh, go ndéanfaidh an Chuideachta, laistigh den am a luaitear san alt sin 70, cóip chlóbhuailte den mheabhrán arna athrú amhlaidh a sheachadadh don chláraitheoir cuideachtan agus go gcláróidh an cláraitheoir sin é agus go ndeimhneoidh an clárú faoina láimh, agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise dhochlaoite gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta sin, arna leasú leis an bhfo-alt seo maidir leis an athrú sin, agus uaidh sin amach is é an meabhrán arna athrú amhlaidh meabhrán na Cuideachtan.
CUID III.
An Chuideachta do dheanamh tairgi ceimiceacha airithe agus srianta le tairgi ceimiceacha a allmhuiriu.
Míniú chun críocha Coda III.
5.—Sa Chuid seo, ciallaíonn an abairt “ceadúnas déantóireachta (táirge ceimiceach)” ceadúnas arna dheonadh faoi alt 7 den Acht seo.
Srian le déanamh táirgí ceimiceacha áirithe ag an gCuideachtain.
6.—(1) Ní dhéanfaidh an Chuideachta chun a dhíolta aon táirge ceimiceach lena mbaineann an t-alt seo mura sealbhóir í ar cheadúnas déantóireachta (táirge ceimiceach) á údarú dhi an táirge ceimiceach sin a dhéanamh.
(2) San alt seo ciallaíonn an abairt “táirge ceimiceach lena mbaineann an t-alt seo” aon tsubstaint a dtáirgtear nó a bhfaightear a hiomlán nó aon chuid di trí phróiseas ceimiceach, ach ní fholaíonn sí alcól ceardais ná aon táirge ná díorthach uaidh.
Ceadúnas déantóireachta (táirge ceimiceach) a dheonadh.
7.—(1) Aon uair is dóigh leis an Aire—
(a) maidir le haon táirge ceimiceach áirithe lena mbaineann an t-alt seo—
(i) ná fuil sé á dhéanamh sa Stát trí ghnóthas príobháideach, nó
(ii) ná fuil sé á dhéanamh ar mórchóir sa Stát trí ghnóthas príobháideach, agus
(b) go bhfuil sé inmhianuithe go ndéanfaí an táirge ceimiceach sin ar mórchóir sa Stát, agus
(c) go dtiocfadh de cheadúnas a dheonadh faoin alt seo don Chuideachtain á údarú dhi an táirge ceimiceach sin a dhéanamh go mbeadh an táirge ceimiceach sin á dhéanamh ar mórchóir,
ansin, faoi réir an ailt seo, féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ceadúnas a dheonadh don Chuideachtain, as a threoir féin nó ar iarratas ón gCuideachtain, á údarú don Chuideachtain an táirge ceimiceach sin a dhéanamh.
(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le ceadúnas déantóireachta (táirge ceimiceach) a dheonadh chun táirge ceimiceach áirithe lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh—
(a) má bheartaíonn an tAire ceadúnas a dheonadh, bhéarfaidh sé, sar a ndéonfaidh an ceadúnas, go bhfoilseofar fógra go bhfuil sin ar intinn aige san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile a mheasfas sé a chuirfeadh in iúl do dhaoine leasmhara go bhfuil sin ar intinn aige;
(b) luafar sa bhfógra sin—
(i) cineál an táirge cheimicigh sin, agus
(ii) go bhféadfaidh duine ar bith, laistigh de thréimhse shonraithe (nach giorra ná tríocha lá tar éis dáta na huimhreach den Iris Oifigiúil ina mbeidh an fógra), ráiteas i scríbhinn a chur chun an Aire ag insint a agóide in aghaidh an cheadúnais a dheonadh agus ag insint na bhforas sonrach atá léi;
(c) breithneoidh an tAire gach agóid den tsórt sin a cuirfear chuige laistigh den tréimhse sin;
(d) tar éis an tréimhse sin a bheith caite agus breithniú a bheith déanta ar na hagóidí (más ann), féadfaidh an tAire an ceadúnas a dheonadh do réir mar bhí ar intinn aige nó i pé foirm mhodhnaithe is cuí leis ag féachaint do na hagóidí a fuarthas.
(3) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha agus srianta is oiriúnach leis a chur ag gabháil le ceadúnas déantóireachta (táirge ceimiceach).
(4) San alt seo ciallaíonn an abairt “táirge ceimiceach lena mbaineann an t-alt seo” aon tsubstaint a dtáirgtear nó a bhfaightear a hiomlán nó aon chuid di trí phróiseas ceimiceach, ach ní fholaíonn sí alcól ceardais ná aon táirge ná díorthach uaidh.
Srian le táirgí ceimiceacha a allmhuiriú.
8.—(1) Féadfaidh an Rialtas, aon uair agus a mhinicí is oiriúnach leo, toirmeasc a chur, trí ordú, le hallmhuiriú aon táirge cheimicigh shonraithe ar shlí seachas do réir ceadúnais chuige sin arna eisiúint faoin alt seo.
(2) Féadfaidh an Rialtas tráth ar bith, le hordú, ordú arna dhéanamh roimhe sin faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.
(3) Ní dleathach do dhuine ar bith aon táirge ceimiceach a allmhuiriú ná féachaint lena allmhuiriú contrártha d'ordú arna dhéanamh faoin alt seo.
(4) Ar dhuine ar bith dá iarraidh sin, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ceadúnas a eisiúint don duine sin chun táirge ceimiceach a allmhuiriú a mbeidh a allmhuiriú toirmiscthe trí ordú faoin alt seo, agus féadfaidh pé coinníollacha is cuí leis agus a shonrós sé ann a chur ag gabháil le haon cheadúnas den tsórt sin.
(5) Gach ordú a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag cur an orduithe sin ar neamhbhrí, beidh an t-ordú sin arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.
(6) San alt seo ciallaíonn an abairt “táirge ceimiceach” aon tsubstaint a dtáirgtear nó a bhfaightear a hiomlán nó aon chuid di trí phróiseas ceimiceach, agus folaíonn sí alcól ceardais agus aon táirge nó díorthach uaidh.
CUID IV.
Forala Ilghneitheacha.
Alcól ceardais a dhíol le daoine nach imdháileoirí.
9.—Ní léireofar aon ní sa Phríomh-Acht mar ní a thoirmisceas ar an gCuideachtain alcól ceardais a dhíol le duine nach imdháileoir do réir bhrí Coda V den Phríomh-Acht.
Alt 23 den Phríomh-Acht a leasú.
10.—Más rud é, ar an Acht seo a rith nó dá éis sin, go raghaidh an Chuideachta isteach agus go nglacfaidh seilbh ar aon talamh faoi alt 23 den Phríomh-Acht nó go bhfeidhmeoidh aon cheart faoin alt sin roimh chúiteamh a íoc, is dó réir trí puint faoin gcéad sa bhliain a bheas an t-ús dá dtagartar i bhfo-alt (7) den alt sin 23 in ionad an ráta a sonraítear sa bhfo-alt sin (7).
Dleachta stampa ar léasanna áirithe, etc., a aisíoc leis an gCuideachtain.
11.—Má dhéanann Aire Stáit aon talamh a léasú nó a leithliú nó a shannadh chun na Cuideachtan nó aon mhaoin eile a shannadh chuici, déanfar, má ordaíonn an tAire Airgeadais amhlaidh, méid na ndleacht stampa uile a íocfas an Chuideachta ar an léasú, an leithliú nó an sannadh a aisíoc leis an gCuideachtain as airgead a sholáthrós an tOireachtas.