[EN]


Uimhir 2 de 1952.


[EN]

AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUANÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1951. [18ú Márta, 1952.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :- [EN]

Na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1951, a bhuanú.

1.—Leanfaidh an hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1951, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1953, agus raghaid in éag ansin.

[EN]

Gearrtheidéal agus forléiriú.

2.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1952, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1951, agus féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1952, a ghairm de na hAchta sin agus den Acht seo le chéile.