Uimhir 2 de 1955.
AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1955.
[An tiontó oifigiúil.]
An ráta talmhaíochta.
1.—(1) An tsuim bhreise a fhéadfas comhairle chontae a chruinniú faoi fho-alt (1) d'alt 36 den Acht Talmhaíochta, 1931 (Uimh. 8 de 1931), sa bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1955, nó in aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, is suim í a bheas comhionann le hocht bpingne sa phunt, ar a mhéid, ar luach inrátuithe na contae i dtosach na bliana sin.
(2) Athghairmtear dá réir sin alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1948 (Uimh. 24 de 1948), a rinne foráil le haghaidh ráta bhreise nár mhó ná cúig pingne sa phunt.
(3) Gach gníomh agus gach ní a rinne comhairle chontae roimh an Acht seo a rith maidir le gearradh aon ráta don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1955, beidh sé (má bhíonn méid an ráta thalmhaíochta ar áireamh sa mhéid a bheas le cruinniú tríd an ráta sin) chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh fo-alt (1) den alt seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh an gníomh nó an ní sin.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1955, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Talmhaíochta, 1931 go 1955, a ghairm de na hAchta Talmhaíochta, 1931 go 1948, agus den Acht seo le chéile.