[EN]

Uimhir 2 de 1962.


[EN]

AN tACHT PÍOLOTAÍOCHTA (LEASÚ), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN PILOTAGE ACT, 1913. [21 Feabhra, 1962.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :— [EN]

Mínithe.

1913, c. 31.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta ;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Pilotage Act, 1913.

[EN]

Dleachtanna píolótaíochta i leith longa áirithe atá eiscthe ó phíolótaíocht éigeantach.

2.—(1) I gcás—

[EN]

(a) aicme áirithe longa a bheith faoi réir phíolótaíocht éigeantach i gceantar píolótaíochta áirithe an lú lá d'Eanáir, 1961, agus

[EN]

(b) fodhlí faoin bPríomh-Acht a bheith i bhfeidhm ag eisiamh na haicme sin longa ó phíolótaíocht éigeantach sa cheantar sin,

[EN]

féadfaidh údarás píolótaíochta an cheantair sin, le fodhlí, a cheangal go n-íocfar dleachtanna píolótaíochta i leith aon loingseoireachta sa cheantar sin ag longa den aicme sin chun dul isteach in aon chalafort sa cheantar nó amach as nó é a úsáid agus, an fad a bheidh fodhlí faoin alt seo i bhfeidhm i leith longa d'aon aicme, measfar, chun críocha alt 49 den Phríomh-Acht, gur longa a bhfuarthas seirbhísí píolótaí ceadúnaithe dóibh longa den aicme sin.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 17 den Phríomh-Acht maidir le fodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm acu maidir le fodhlíthe arna ndéanamh faoin bPríomh-Acht.

[EN]

Alt 17 den Phríomh-Acht a leasú.

3.—Leasaítear leis seo alt 17 (a bhfuil foráil ann le haghaidh údaráis phíolótaíochta do dhéanamh fodhlíthe) den Phríomh-Acht trí “and in respect of ships of a class which was subject to compulsory pilotage in the district on the 1st day of January, 1961, and which is exempted from compulsory pilotage by bye-law made under section 11 of this Act” a chur isteach i mír (f) d'fho-alt (1) i ndiaidh “licensed pilot”.

[EN]

Fodhlíthe áirithe faoin bPríomh-Acht a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

4.—Má thugann fodhlí a dhéanfaidh údarás píolótaíochta faoin bPríomh-Acht díolúine ó phíolótaíocht éigeantach i gceantar píolótaíochta an údaráis d'aicme longa nár ghnás a bheith díolmhaithe ó phíolótaíocht éigeantach sa cheantar sin ar dháta an Phríomh-Achta a rith agus go ndaingneoidh an tAire an fodhlí sin, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an fodhlí a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an fhodhlí, beidh an fodhlí ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin bhfodhlí.

[EN]

Aisghairm.

5.—Aisghairtear leis seo an coinníoll a ghabhann le fo-alt (4) d'alt 11 den Phríomh-Acht.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

6.—(1) Féadfar an tAcht Píolótaíochta (Leasú), 1962, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1952, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.

[EN]

(3) Féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1962, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1952, le chéile.

[EN]

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.