Uimhir 2 de 1963.
AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1963.
[An tiontú oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Chuideachta” Nítrigin Éireann Teoranta ;
ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.
An tAire Airgeadais do thógáil scaireanna.
2.—Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £100.
An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna.
3.—Féadfaidh an tAire Airgeadais na cearta agus na cumhachtaí go léir a fheidhmiú i leith scaireanna a bheidh aige sa Chuideachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna den sórt sin agus, más trí aturnae is infheidhmithe ceart nó cumhacht, féadfaidh sé an céanna a fheidhmiú trína aturnae.
Díbhinní, etc. a íoc isteach sa Státchiste.
4.—Déanfar na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna sa Chuideachta a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.
An tAire Airgeadais do thabhairt airleacan don Chuideachta.
5.—(1) D'fhonn a chumasú don Chuideachta a feidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó san iomlán, ar iad a chur le haon airgead a airleacadh chun na Cuideachta roimh dháta an Achta seo a rith as airgead a sholáthraigh an tOireachtas, ná sé mhilliún punt) a iarrfaidh an Chuideachta ó am go ham a airleacan ó am go ham chun na Cuideachta.
(2) Tabharfar airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus eile a chinnfidh an tAire Airgeadais.
(3) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna uile a íocfaidh an Chuideachta ag aisíoc airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar faoina réir a tugadh airleacan faoin alt.
An meabhrán comhlachais agus na hairteagail chomhlachais a athrú.
6.—Déanfaidh an Chuideachta na beartanna sin is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí chun meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú chun go mbeidh siad ar comhréir leis an Acht seo.
An tAire do ráthú airgid a gheofar ar iasacht.
7.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim aon airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus fós an t-ús a íoc.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos mó ná £1,000,000.
(3) I gcás ina ndéanfar nó ina ndearnadh ráthaíocht faoin alt seo a thabhairt, tabharfaidh an Chuideachta, má fhoréilíonn an tAire é, cibé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúirí) a shonrófar san fhoréileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a urrú don Aire.
(4) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar, maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin,—
(a) sonraí na ráthaíochta,
(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,
(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.
(5) Déanfaidh an Chuideachta airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.
(6) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a cheanglaítear le fo-alt (5) den alt seo a aisíoc leis an Aire gan aisíoc leis an Aire de réir an fho-ailt sin, déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(7) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (6) den alt seo chun an tsuim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Chuideachta an tsuim sin (maraon le hús uirthi de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéantar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(8) Déanfar airgead a aisíocfaidh an Chuideachta leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire ón gCuideachta faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.
Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht as an bPríomh-Chiste.
8.—(1) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais agus ón Aire faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha acu faoin Acht seo.
(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh faoi chomhair suimeanna a airleacfar as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint, agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh.
(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrús sin a eisiúint.
Forálacha ag a mbeidh éifeacht i gcúinsí áirithe.
9.—Beidh éifeacht ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo an fad—
(a) a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais,
(b) a bheidh aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe ag an Aire faoin Acht seo, nó
(c) a bheidh aon airgead a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe amhlaidh agus a mbeidh a mhéid íoctha ag an Aire faoin ráthaíocht (maraon le hús air de réir na rátaí a cheap an tAire Airgeadais) gan aisíoc ag an gCuideachta leis an Aire nó gan gnóthú ón gCuideachta ag an Aire, nó
(d) a bheidh aon airgead a airleacadh chun na Cuideachta as an bPríomh-Chiste gan aisíoc.
Caiteachas an Aire.
10.—Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal.
11.—Féadfar an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963, a ghairm den Acht seo.
AN SCEIDEAL.
Forálacha ag a mbeidh éifeacht an fad a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais nó aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus ar ráthaigh an tAire go naisíocfaí é go cuí nó aon airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht gan aisíoc ag an gCuideachta leis nó gan gnóthú aige ón gCuideachta nó aon airgead a airleacadh chun na Cuideachta as an bPríomh-Chiste gan aisíoc.
1. D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais na Cuideachta, ní bheidh aon athrú ar an meabhrán nó na hairteagail sin bailí ná éifeachtúil gan ceadú a bheith faighte chuige roimh ré ón Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.
2. Ní dhéanfar scaireanna sa Chuideachta a eisiúint mura mbeidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, tar éis an eisiúint a údarú.
3. Ar stiúrthóir de chuid na Cuideachta d'éirí as oifig nó má fhaigheann stiúrthóir bás, nó ar oifig stiúrthóra a theacht chun bheith folamh de réir airteagail chomhlachais na Cuideachta, dílseoidh an scair a bheidh i seilbh an stiúrthóra sin san Aire Airgeadais, gan aistriú a bheith riachtanach, ar an Aire sin d'níoc par-luach na scaire sin leis an athstiúrthóir sin nó lena ionadaí pearsanta dlíthiúil.
4. (1) Tabharfaidh an Chuideachta don Aire a luaithe is féidir é tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na Cuideachta—
(a) clár comhardaithe amhail mar bhí ag deireadh na bliana cuntasaíochta sin agus é cuí-iniúchta ag iniúchóir na Cuideachta,
(b) cuntas sochair agus dochair in aghaidh na bliana cuntasaíochta sin, agus é cuí-iniúchta ag iniúchóir na Cuideachta, agus
(c) cóip de thuarascáil stiúrthóirí na Cuideachta chun scairshealbhóirí na Cuideachta in aghaidh na bliana cuntasaíochta sin.
(2) Beidh an clár comhardaithe agus an cuntas sochair agus dochair a bheidh le tabhairt de bhun fomhír (1) den mhír seo dréachtaithe i cibé slí a ordóidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.
(3) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe, de gach cuntas sochair agus dochair agus de gach tuarascáil a thabharfar dó de bhun fomhír (1) den mhír seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe, an cuntas sochair agus dochair agus an tuarascáil sin a thabbairt amhlaidh dó.
(4) Tabharfaidh an Chuideachta don Aire, má iarrann an tAire uirthi é, cibé eolas a iarrfaidh sé maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair nó tuarascáil de chuid na Cuideachta, nó i dtaobh beartas agus gníomhaíochtaí na Cuideachta.
5. (1) Má ainmnítear duine is stiúrthóir ar an gCuideachta mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.
(2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht na Cuideachta a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—
(a) beidh sé, i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Teach sin agus dar críoch an dáta a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an dáta a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé den fhostaíocht sin nó a fhoirceannfaidh an Chuideachta an fhostaíocht sin, ar iasacht ón bhfostaíocht sin,
(b) ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh teideal aige go bhfaigheadh sé ón gCuideachta, aon tuarastal ná pá, cibé acu é, in aghaidh na tréimhse sin.
(3) Má thagann duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960, ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin, de réir bhrí na nAchtanna sin, a áireamh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh ag an gCuideachta chun sochair aoisliúntais a íoc le, nó maidir le, hoifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta.
(4) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta.