[EN]

Uimhir 2 de 1964.


[EN]

AN tACHT UCHTÁLA, 1964

[An tiontú oifigiúil].


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UCHTÁLA, 1952. [5 Feabhra, 1964.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1952, Uimh. 25.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “ordú uchtála” ordú faoi alt 9 den Phríomh-Acht;

[EN]

ciallaíonn “an Bord” an Bord Uchtála;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Uchtála, 1952;

[EN]

ciallaíonn “cumann uchtála cláraithe” comhlacht daoine atá taifeadta sa Chlár de Chumainn Uchtála a choimeádann an Bord faoi Chuid IV den Phríomh-Acht.

[EN]

Leanbh dlisteanaithe a uchtáil.

1931, Uimh. 13.

2.—(1) (a) D'ainneoin aon ní atá in alt 10 den Phríomh-Acht, féadfar ordú uchtála a dhéanamh i gcás linbh—

[EN]

(i) a dlisteanaíodh nó ar aithníodh a dhlisteanú de bhun forálacha an Achta Dlisteanais, 1931, agus

[EN]

(ii) nach ndearnadh a bhreith a athchlárú de bhun forálacha an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin ná de bhun dlí aon tíre seachas an Stát,

[EN]

ar choinníoll go dtabharfaidh athair an linbh a thoiliú leis an ordú uchtála a dhéanamh nó go ligfear thar ceal an toiliú sin de réir Alt 14 den Phríomh-Acht.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (2) go (6) d'alt 14 den Phríomh-Acht maidir le toiliú dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo mar atá feidhm acu maidir leis an toilithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin.

[EN]

(2) Chun críocha na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, forléireofar aon tagairt do mháthair linbh in ailt 16, 17, 20, 24 agus 39 den Phríomh-Acht mar thagairt a fholaíonn tagairt d'athair na linbh.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) leanbh a bheith neamhdhlistineach nuair a thug an mháthair a toiliú le hordú uchtála a dhéanamh nó, i gcás inar lig an Bord an toiliú sin thar ceal ar an bhforas nár bhféidir teacht ar an máthair, nuair a saolaíodh an leanbh, agus

[EN]

(b) nár tugadh aon fhianaise ar aird don Bhord, trí agóid a dhéanamh in aghaidh an iarratais ar uchtáil, nó ar shlí eile, gur dlisteanaíodh an leanbh dá éis sin,

[EN]

féadfaidh an Bord a mheas, chun críocha an Phríomh-Achta agus an Achta seo, go bhfuil an leanbh neamhdhlistineach tráth an iarratais a éisteacht, agus má dhéanann an Bord ordú uchtála agus gur dlisteanaíodh an leanbh iarbhír, beidh an bhailíocht chéanna ag an ordú a bheadh aige dá mba rud é nár dlisteanaíodh an leanbh agus déanfar an tagairt in alt 39 den Phríomh-Acht don mháthair mar a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don athair.

[EN]

(4) Má tharla, roimh dháta an Achta seo a rith, go ndearnadh ordú uchtála i leith linbh dhlisteanaithe (is leanbh nárbh fheasach don Bhord é bheith dlisteanaithe), beidh, agus measfar go raibh riamh, ag an ordú an bhailíocht chéanna a bheadh aige dá mba rud é nár dlisteanaíodh an leanbh, agus déanfar an tagairt in alt 24 den Phríomh-Acht don mháthair a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don athair.

[EN]

Síneadh in imthoscaí áirithe ar an am chun ordú uchtála a iarraidh.

3.—(1) D'ainneoin aon ní atá in alt 10 den Phríomh-Acht, más deimhin leis an mBord gurb inmhianaithe, in imthoscaí speisialta an cháis sin a dhéanamh, féadfaidh sé ordú uchtála a dhéanamh i leith leanbh a bhí os cionn seacht mbliana d'aois ar dháta an iarratais ag iarraidh an ordaithe más rud é—

[EN]

(a) (i) go raibh an leanbh faoina chúram ag an iarratasóir ó dháta roimh an dáta a shlánaigh an leanbh seacht mbliana d'aois, agus

[EN]

(ii) go ndéanfar an t-iarratas sula mbeidh naoi mbliana d'aois slán ag an leanbh, nó

[EN]

(b) gurb í máthair nó gurb é athair nádúrtha an linbh, nó gur gaol don leanbh, an t-iarratasóir nó duine de na hiarratasóirí más lánúin phósta iad.

[EN]

(2) Sula gcinnfidh an Bord an ndéanfaidh sé ordú uchtála maidir le leanbh lena mbaineann an t-alt seo, tabharfaidh an Bord aird chuí ar mhianta an linbh, ag féachaint d'aois agus do thuiscint an linbh:

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag fomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le hiarratas ar ordú uchtála a dhéanfar roimh an 31ú lá de Nollaig, 1965.

[EN]

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

4.—Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas: “ciallaíonn ‘duine uchtaithe’ duine a bhfuil ordú uchtála déanta ina leith;” a chur isteach roimh an míniú ar “ordú uchtála”.

[EN]

Leasú ar alt 11 den Príomh-Acht.

5.—(1) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (3) d'alt 11 den Phríomh-Acht, féadar ordú uchtála a dhéanamh ar iarratas ó lanúin phósta atá pósta ar a chéile trí bliana ar a laghad agus a bhfuil cúig bliana is fiche d'aois slán ag gach duine acu.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4) Ní dhéanfar ordú uchtála murar sa Stát atá gnáthchónaí ar na hiarratasóirí agus gur sa Stát a bhí gnáthchónaí orthu i gcaitheamh na bliana dar críoch dáta an ordaithe.”

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht trí fho-alt (5) a scriosadh.

[EN]

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

6.—Forléireofar alt 12 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige ionann is dá mbeadh Arm an tSlánaithe ar cheann de na haicmí creidimh a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin.

[EN]

Leasú ar alt 22 den Príomh-Acht.

7.—Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (3):

[EN]

“(2) Mura feasach dáta breithe an linbh, cinnfidh an Bord an dáta is dócha a rugadh an leanbh agus taifeadfar an dáta sin mar dháta breithe an linbh agus má fhionnann an Bord, dá éis sin, an dáta iarbhír a rugadh an leanbh, cealófar an cinneadh agus leasófar dá réir an t-ordú uchtála a bhaineann leis an leanbh agus murab é an dáta a rugadh an leanbh an dáta a cinneadh mar a dúradh, leasófar an taifead.”

[EN]

Orduithe idirlinne.

8.—Más rud é, ar iarratas a dhéanamh ar ordú uchtála i leith linbh, nach mbeidh an Bord deimhnitheach i dtaobh na n-ábhar dá dtagraítear in alt 13 den Phríomh-Acht, féadfaidh sé ordú a dhéanamh faoi alt 17 den Phríomh-Acht ag tabhairt coimeád an linbh don iarratasóir ar feadh tréimhse promhaidh más é tuairim an Bhoird gur dócha don Bhord a bheith deimhnitheach, roimh dheireadh na tréimhse sin, i dtaobh na n-ábhar dá dtagraítear san alt sin 17.

[EN]

Iarratais ar orduithe uchtála a chur ar atráth.

9.—D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhfuil, agus go raibh riamh, ag an mBord, i gcás iarratas ar ordú uchtála a dhéanamh chun an Bhoird, cumhacht chun déanamh cinneadh aige an t-ordú a dhéanamh nó diúltú an t-ordú a dhéanamh a chur ar atráth ó am go ham.

[EN]

Srian le halt 2 d'Acht na Leanaí (Leasú) 1957.

1957, Uimh. 28.

10.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní bhainfidh alt 2 d'Acht na Leanaí (Leasú), 1957, le duine a ghlacfaidh de láimh banaltrú agus cothabháil linbh ná le déanamh socruithe i gcóir an bhanaltraithe agus na cothabhála sin más rud é—

[EN]

(a) (i) go nglacfar de láimh an banaltrú agus an chothabháil d'fhonn an leanbh a uchtáil ag an duine réamhráite, gur cumann uchtála cláraithe a dhéanfaidh na socruithe le haghaidh an bhanaltraithe agus na cothabhála, agus nach mbeidh thar bhliain caite ón dáta a glacadh an leanbh isteach i mbaile an duine, agus

[EN]

(ii) go dtabharfar fógra i scríbhinn i dtaobh na socruithe don Bhord roimh sheacht lá nó laistigh de sheacht lá tar éis an leanbh a ghlacadh isteach i mbaile an duine réamhráite, nó

[EN]

(b) go mbeidh iarratas ar ordú uchtála déanta i leith an linbh agus nach mbeidh diúltaithe don iarratas, nó

[EN]

(c) go mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm maidir leis an leanbh.

[EN]

(2) (a) I gcás ina nglacfar banaltrú agus cothabháil linbh de láimh d'fhonn an leanbh a uchtáil, ach gur cás é nach mbaineann forálacha mhír (a) ná forálacha mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo leis, féadfaidh an Bord, más deimhin leis go bhfuil ag an duine a ghlacfaidh de láimh banaltrú agus cothabháil an linbh cúis leordhóthanach gan ordú uchtála a iarraidh an uair sin agus nach rud in aghaidh leas an linbh sin a dhéanamh, deimhniú a thabhairt don duine sin á dhearbhú nach mbeidh feidhm ag an alt sin 2 ar feadh cibé tréimhse a shonrófar sa deimhniú (ar tréimhse í a mheasann an Bord a bheith réasúnach sna himthoscaí).

[EN]

(b) Féadfaidh an Bord deimhniú a thug sé faoin bhfo-alt seo a chúlghairm aon uair más é a thuairim gurb é leas an linbh lena mbaineann sin a dhéanamh.

[EN]

(3) In aon chás lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo féadfaidh an Bord, más é a thuairim gur gá sin ar mhaithe le leas an linbh lena mbaineann, fógra a thabhairt don chumann uchtála cláraithe lena mbaineann agus don duine a ghlacfaidh de láimh banaltrú agus cothabháil an linbh gur chóir go mbainfeadh alt 2 d'Acht na Leanaí (Leasú), 1957, leis an duine réamhráite agus, ar an bhfógra a thabhairt, bainfidh an t-alt sin 2 leis an duine sin agus le socruithe a dhéanamh i gcóir an bhanaltraithe agus na cothabhála sin.

[EN]

(4) Más rud é go ndiúltófar d'iarratas ar ordú uchtála i leith linbh in aon chás lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, bainfidh an t-alt sin 2 leis an duine a ghlacfaidh de láimh banaltrú agus cothabháil an linbh agus le socruithe a dhéanamh i gcóir an bhanaltraithe agus na cothabhála sin.

[EN]

(5) I gcás ina dtabharfar fógra don Bhord de bhun fhomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo i dtaobh na socruithe i gcóir leanbh a bhanaltrú agus a chothabháil nó go mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm maidir leis an leanbh, measfar, chun an gcríocha a bhaineann leis an mBord, a chomhaltaí agus a oifigigh d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le mír 11 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, iarratas ar ordú uchtála i leith an linbh a bheith deánta ag an duine a ghlacfaidh de láimh an banaltrú agus an chothabháil.

[EN]

(6) Folóidh tagairtí san alt seo do dhuine a ghlacfaidh de láimh banaltrú agus cothabháil linbh tagairtí do bheirt duine, ar lánúin phósta iad, a ghlacfaidh de láimh an banaltrú agus an chothabháil sin i gcomhpháirt le chéile.

[EN]

(7) In ionchúiseamh i leith cion a bhunaítear le fo-alt (8) den alt sin 2 toimhdheofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forálacha seo a leanas, eadhon, míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) den alt seo, maidir leis an duine a ghlacfaidh de láimh an banaltrú agus an chothabháil lena mbaineann an t-ionchúiseamh ná le déanamh socruithe i gcóir an bhanaltraithe agus na cothabhála sin.

[EN]

(8) Má tharlaíonn in aon chás lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, go dtiocfaidh an t-alt sin 2 chun bheith infheidhmithe aon tráth—

[EN]

(a) tabharfaidh an Bord fógra don údarás sláinte laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag tar éis an dáta a thosaigh an t-alt sin 2 chun bheith infheidhmithe, agus

[EN]

(b) measfar forálacha fho-ailt (1) agus (2) den alt sin 2 a bheith comhlíonta má thugtar na fógraí dá dtagraítear iontu don údarás sláinte laistigh den tréimhse sin.

[EN]

Aisghairm.

11.—(1) Aisghairtear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht.

[EN]

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1966.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

12.—(1) Féadfar an tAcht Uchtála, 1964, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

[EN]

(3) Féadfar na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.