[EN]

Uimhir 22 de 1931.


[EN]

ACHT PHARMACOPOEIA, 1931.


ACHT CHUN PHARMACOPOEIA DO SHAORSTÁT ÉIREANN DO CHUR AR FÁIL. [15adh Iúl, 1931.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Chomhairle” Comhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis;

[EN]

cialluíonn an abairt “an Pharmacopoeia Briotáineach” an leabhar fhoillsíonn an General Council of Medical Education and Registration of the United Kingdom sa Bhreatain Mhóir fén ainm The British Pharmacopoeia do réir na bhforálacha reachtúla chuige sin.

[EN]

Pharmacopoeia Shaorstáit Éireann.

2.—(1) Isé bheidh i Pharmacopoeia Shaorstáit Éireann ná an Pharmacopoeia Briotáineach a bheidh i bhfeidhm sa Bhreatain Mhóir de thurus na huaire agus pé atharuithe ann (más aon cheann é) a dhéanfaidh an Chomhairle ann fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

[EN]

(2) Féadfaidh an Chomhairle, le rialacha, éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) pe atharú is dóich léi is ceart do dhéanamh (tré scriosadh amach, cur-leis, no leasú) sa Pharmacopoeia Briotáineach a bheidh i bhfeidhm sa Bhreatain Mhóir de thurus na huaire;

[EN]

(b) riail ar bith do rinne sí roimhe sin fén bhfo-alt so do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Chomhairle riail ar bith fén alt so cuirfidh fé ndeár an riail sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a déanta, agus tiocfaidh gach riail den tsórt san i bhfeidhm ar pé dáta, tar éis a foillsithe san Iris Oifigiúil, a luadhfar sa riail sin no, mara luaidhtear aon dáta den tsórt san amhlaidh, ar dháta an fhoillsithe sin.

[EN]

Fianaise.

3.—(1) Féadfar fianaise prima facie ar riail ar bith a dhéanfaidh an Chomhairle fén Acht so do thabhairt i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlí tré chóip den Iris Oifigiúil a thugann le tuisgint an riail sin do bheith inti do thabhairt i láthair.

[EN]

(2) Má bhíonn i gcúl-scríbhinn, ar leabhar a thugann le tuisgint gur cóip den Pharmacopoeia Briotáineach é, deimhniú thugann le tuisgint é féin do bheith sighnithe ag clárathóir na Comhairle agus le n-a ndeimhnítear gur cóip an leabhar san den Pharmacopoeia Bhriotáineach atá i bhfeidhm sa Bhreatain Mhóir lá no laetheanta áirithe no ar feadh tréimhse áirithe beidh san, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlí ar na nithe deimhnítear amhlaidh, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an chlárathóra san do chruthú ná a chruthú gurbh é an clárathóir sin é.

[EN]

Cosc ar leigheasanna áirithe do chumasc ach amháin do réir Pharmacopoeia. Shaorstáit Éireann.

4.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne leigheasanna ar bith as Pharmacopoeia Shaorstáit Éireann do chumasc ach amháin do réir fuirmeacha an Pharmacopoeia sin.

[EN]

(2) Ma dheineann éinne gníomh is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

Athghaírm.

5.—Deintear leis seo an t-achtachán atá luaidhte sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid atá luaidhte sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal.

6.—Féadfar an tAcht Pharmacopoeia, 1931, do ghairm den Acht so.

[EN]

SCEIDEAL.

ACHTACHAN A hATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus Caibideal.

Gearr-theideal.

Méid na hAthghairme.

38 & 39 Vic. c. 59.

An Pharmacy Act (Ireland), 1875.

In alt 30 na focail “or compounding any medicines of the British Pharmacopoeia except according to the formularies of the said Pharmacopoeia,” agus in alt 31 na focail “and against the preparing of any medicines of the British Pharmacopoeia except according to the formularies of the said Pharmacopoeia.”