[EN]

Uimhir 22 de 1947.


[EN]

ACHT TEAGHLACHAS AN UACHTARÁIN (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHTA THEAGHLACHAS AN UACHTARÁIN, 1938. [22ú Iúil, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Teaghlachas an Uachtaráin, 1938 (Uimh. 24 de 1938).

[EN]

Alt 1 den Phríomh-Acht a leasú.

2.—Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) d'alt 1 den Phríomh-Acht:—

[EN]

“(1) Na sochair agus na liúntais a gheobhaidh an tUachtarán de bhun ailt 11 d'Airteagal 12 den Bhunreacht is do réir aon mhíle dhéag chúig céad punt sa bhliain a bheid, agus is chúig mhíle punt de sin is luach saothair pearsanta don Uachtarán.”

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

3.—(1) Féadfar Acht Teaghlachas an Uachtaráin (Leasú), 1947, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achta Theaghlachas an Uachtaráin, 1938 agus 1947, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.