[EN]

Uimhir 22 de 1959.


[EN]

AN tACHT UM DLÍNSE MHUIRÍ, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I LEITH FARRAIGÍ TEORANN AGUS TEORAINNEACHA IASCAIGH EISIATACHA AN STÁIT, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BEO-MHAOIN NA FARRAIGE A CHAOMHNÚ AGUS LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [29 Iúil, 1959.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Léiriú.

1955, Uimh. 29.

1.—San Acht seo—

[EN]

tá le “teorainneacha iascaigh eisiatacha” an bhrí a thugtar dó le halt 6 nó faoi;

[EN]

tá le “limistéar caomhnaithe iascaigh” an bhrí a thugtar dó le halt 7;

[EN]

ciallaíonn “long choigríche” long nach long de chuid Sheirbhís Chabhlaigh Óglaigh na hÉireann nó long Éireannach mar mhínítear sin le halt 9 den Acht Loingis Thráchtála, 1955;

[EN]

tá le “uiscí inmheánacha” an bhrí a thugtar dó le halt 5;

[EN]

ciallaíonn “oileán” limistéar aiceanta talún a bhfuil an t-uisce thart air agus a bhíonn os cionn uisce ar lán mara;

[EN]

ciallaíonn “ardán dia-thrá” limistéar aiceanta talún a mbíonn an t-uisce thart air agus a bhíonn os cionn uisce ar dia-thrá ach a bhíonn faoi uisce ar lán mara;

[EN]

ciallaíonn “míle farraige” fad nóiméid amháin de stua fhadlíne domhanfhaid;

[EN]

folaíonn “long” gach cineál árthaigh a úsáidtear chun loingseoireachta cibé acu i mbarr uisce nó faoi uisce é, is cuma conas a thiomáintear í, agus folaíonn sé freisin muireitleán an fad a bhíonn sé i dteangmháil leis an uisce.

[EN]

Na farraigí teorann.

2.—Chun críocha an Achta seo, is iad farraigí teorann an Stáit an chuid sin den fharraige idir an bhunlíne agus teorainn forimeallach na bhfarraigí teorann.

[EN]

Teorainn forimeallach na bhfarraigí teorann.

3.—Chun críocha an Achta seo, is í teorainn forimeallach na bhfarraigí teorann an líne a bhfuil gach pointe di trí mhíle farraige ón bpointe is cóngaraí den bhunlíne.

[EN]

An bhunlíne.

4.—(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt, is í an bhunlíne an marc dia-thrá—

[EN]

(a) ar chósta na mórthíre nó aon oileáin, nó

[EN]

(b) ar aon ardán dia-thrá atá, go hiomlán nó go páirteach, fad nach mó ná trí mhíle farraige ón mórthír nó ó oileán.

[EN]

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, bunlínte díreacha a fhorordú maidir le haon chuid de na críocha náisiúnta agus líne dhúnaidh aon bhá nó béil abhann, agus glacfar gurb í an bhunlíne aon líne a fhorordófar amhlaidh.

[EN]

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoi fho-alt (2) a chúlgairm nó a leasú.

[EN]

Uiscí inmheánacha.

5.—Feithfidh uiscí inmheánacha nó uiscí intíre an Stáit chun na limistéir farraige go léir ar thaobh na talún de bhunlíne na bhfarraigí teorann agus beidh na limistéir farraige sin go léir faoi dhlínse an Stáit an oiread céanna ar gach slí lena phoirt agus a chuanta, a bhánna, a locha agus a aibhneacha, faoi réir aon chirt ghluaiseachta neamhchorthaí ag longa coigríche sna limistéir farraige sin ar áiríodh roimhe sin iad mar chuid de na farraigí teorann nó den mhórmhuir.

[EN]

Teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

1959, Uimh. 14.

6.—(1) Chun críocha Coda XIII den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, folóidh teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit gach limistéar farraige laistigh de theorainn forimeallach na bhfarraigí teorann.

[EN]

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a fhoráil go bhfolóidh na teorainneacha iascaigh eisiatacha limistéar farraige is mó ná an limistéar lena mbaineann fo-alt (1), agus féadfaidh siad, le hordú, aon ordú den sórt sin a chúlghairm.

[EN]

(3) Aon limistéar farraige a shonrófar le hordú faoi fho-alt (2), beidh sé, an fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, ina chuid de na teorainneacha iascaigh eisiatacha chun críocha Coda XIII den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959.

[EN]

(4) I gcás ina mbeartóidh an Rialtas ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2), leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú mura rithe gach Teach rún ag ceadú téarmaí an dréachta.

[EN]

(5) I ngach cás ina ndéanfar, in aon chomhaontú idirnáisiúnta inar páirtí an Stát, na teorainneacha iascaigh eisiatacha a thuairisciú ar shlí go bhfolóidh siad aon limistéar farraige is mó ná an limistéar a bheidh sa chéanna de bhua fo-alt (1) nó (2), féadfaidh an Rialtas, le hordú, a fhoráil go bhfolóidh an abairt, maidir le saoránaigh agus longa aon pháirtí eile sa chomhaontú, an limistéar sin, agus beidh feidhm dlí ag an ordú de réir a théarmaí. Féadfaidh an Rialtas, le hordú, aon ordú den sórt sin a chúlghairm.

[EN]

Beo-mhaoin na farraige a chaomhnú.

1959, Uimh. 14.

7.—(1) I gcás inar deimhin leis an Rialtas, ag féachaint d'aon chomhaontú idirnáisiúnta inar páirtí an Stát, gur gá sin a dhéanamh chun torthúlacht beo-mhaoine na farraige a chothabháil, féadfaidh siad, le hordú, cibé beartanna caomhnaithe is oiriúnach leo a fhorordú agus a ghlacadh chucu is iomchuí maidir le haon stoc éisc nó aon mhaoin mhuirí eile in aon limistéar (dá ngairtear “limistéar caomhnaithe iascaigh” san Acht seo) den mhórmhuir ar tadhall leis na teorainneacha iascaigh eisiatacha, agus féadfaidh siad, le hordú, aon ordú den sórt sin a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(2) Gach duine a dhéanfaidh aon fhoráil, nó a thabharfaidh iarracht ar aon fhoráil, d'ordú faoin alt seo a shárú, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear na pionóis a chur air a fhoráiltear le halt 223 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, mar gheall ar chion faoin alt sin, agus beidh feidhm maidir le haon chion den sórt sin ag forálacha an ailt sin agus Chaibidil IV de Chuid XIII den Acht sin ionann agus dá gcuirtí tagairtí do chion faoin alt seo in ionad na dtagairtí sa chéanna do chion faoin gCuid sin.

[EN]

(3) Beidh ag oifigeach cosanta iascaigh mhara, chun aon ordú faoin alt seo a chur i bhfeidhm, maidir le haon bhád iascaireachta mara, agus maidir le húinéir, máistir nó foireann an bháid sin na cumhachtaí céanna a thugtar d'oifigeach cosanta iascaigh mhara le fo-alt (1) d'alt 233 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an ailt sin agus ag forálacha alt 234 den Acht sin.

[EN]

(4) San alt seo, tá le “oifigeach cosanta iascaigh mhara”, “bád iascaireachta mara” agus “máistir” na bríonna céanna atá leo i gCuid XIII den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959.

[EN]

Ceadanna iascaigh.

1959, Uimh. 14.

8.—(1) Aon uair is cuí leis an Aire Tailte, chun críocha túrgnaimh i ndáil le hiascaireacht mhara, féadfaidh an tAire cead a eisiúint á údarú iascaireacht a dhéanamh le bád iascaireachta mara coigríche sonraithe (mar mhínítear bád iascaireachta mara coigríche le halt 219 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959) laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit nó d'aon limistéar sonraithe nó d'aon limistéir shonraithe díobh.

[EN]

(2) Beidh cead faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh an tAire dá rogha féin, lena n-áirítear, gan dochar do ghinearálacht a bhfuil roimhe seo, coinníollacha maidir leis an saghas éisc a thógfar, cad a dhéanfar leis an tógáil éisc, an modh ar a ndéanfar, agus na tráthanna a dhéanfar, iascaireacht, agus an t-eolas a bheidh le tabhairt i dtaobh imeachtaí agus oibríochtaí an bháid.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith coinníollacha ceada a mhodhnú agus coinníollacha nua a fhorchur, agus féadfaidh sé an cead a chúlghairm.

[EN]

(4) Ní sárú ar an toirmeasc ar iascaireacht le bád iascaireachta mara coigríche a fhorchuirtear le fo-alt (1) d'alt 222 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, iascaireacht faoi réim agus de réir na gcoinníollacha a bheidh ag gabháil de thuras na huaire le cead a bheidh i bhfeidhm faoin alt seo.

[EN]

An áit a mbeifear tar éis cion a dhéanamh.

9.—Chun dlínse a thabhairt faoin Acht seo, measfar gurb é áit a ndearnadh gach cion agus ar tharla gach cúis gearáin an áit a ndearnadh é nó a tharla sí iarbhír nó cibé áit a mbeidh an ciontóir nó an duine a mbeidh gearán á dhéanamh ina choinne.

[EN]

Dlínse i gcás cionta.

10.—(1) Gach cion a dhéanfar laistigh de na farraigí teorann nó de na huiscí inmheánacha is cion laistigh de dhlínse an Stáit é agus féadfaidh cúirt dlínse inniúla déileáil leis cé gur ar bord loinge coigríche nó le long choigríche a rinneadh é agus féadfar aon duine a dhéanfaidh cion den sórt sin a ghabháil, a thriail agus a phionósú dá réir sin.

[EN]

(2) Chun aon duine a ghabháil a chúiseofar i gcion a dhearbhaítear leis an alt seo a bheith laistigh de dhlínse an Stáit, measfar na farraigí teorann agus na huiscí inmheánacha a bheith laistigh de dhlínse aon chúirte, breithimh, nó fheidhmeannaigh shíochána ag a bhfuil cumhacht sa Stát chun barántais a eisiúint chun daoine a ghabháil a chúisítear i gcionta a rinneadh laistigh de dhlínse na cúirte, an bhreithimh, nó an fheidhmeannaigh shíochána sin.

[EN]

Eachtrannach a ionchúiseamh i leith ciona a rinneadh ar long choigríche.

1959, Uimh. 14.

11.—(1) Ní dhéanfar imeachtaí (seachas teistíochtaí a ghlacadh) chun eachtrannach a ionchúiseamh i leith ciona a líomhnófar a rinneadh ar na farraigí teorann ar bord loinge coigríche nó le long choigríche a bhunú gan deimhniú ón Aire Gnóthaí Eachtracha á dheimhníú gur fóirsteanach dar leis na himeachtaí a bhunú.

[EN]

(2) Ní bhaineann an t-alt seo le cion i gcoinne Coda XIII den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, ná le cion faoi alt 7.

[EN]

Cosaint maidir le dlínse.

12.—Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar laghdú ar aon dlínse de chuid an Stáit faoin dlí idirnáisiúnta ná mar ní a dhéanann difir ná dochar d'aon dlínse a thugtar le haon achtachán eile nó atá ann faoi láthair de réir dlí.

[EN]

Fianaise i dtaobh méid uiscí inmheánacha, farraigí teorann, teorainneacha iascaigh eisiatacha agus limistéar caomhnaithe iascaigh.

13.—Féadfaidh an Rialtas, le hordú, na cairteacha a fhorordú a fhéadfar a úsáid chun deimhniú a dhéanamh ar mharc diathrá, ar aon ardán dia-thrá a bheith ann agus ar a shuíomh, nó ar aon ní eile i ndáil leis na huiscí inmhéanacha, na farraigí teorann, na teorainneacha iascaigh eisiatacha, nó limistéar caomhnaithe iascaigh, agus aon chairt a airbheartóidh gur cóip í de chairt de shaghas nó de thuairisc a bheidh forordaithe amhlaidh, glacfar léi i bhfianaise, mura gcruthófar a mhalairt, mar chairt fhorordaithe gan a thuilleadh cruthúnais.

[EN]

Achtacháin a oiriúnú.

14.—(1) Déanfar tagairtí atá in aon achtachán do limistéir farraige agus d'uiscí laistigh de thrí mhíle nó de léig den chósta nó den chladach agus abairtí gaolmhara a fhorléiriú mar thagairtí do limistéir farraige agus d'uiscí laistigh de theorainn foirimeallach na bhfarraigí teorann.

[EN]

(2) Chun críocha aon achtacháin eile glacfar go bhfolaíonn na farraigí teorann an limistéar farraige lena mbaineann alt 2.

[EN]

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

15.—Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas faoi alt 4, faoi fho-alt (5) d'alt 6 nó faoi alt 7 leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

Caiteachas.

16.—Déanfar an caiteachas go léir faoina rachfar ag cur an Achta seo i ngníomh a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Athghairm.

17.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal a athghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

18.—(1) Féadfar an tAcht um Dhlínse Mhuirí, 1959, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1959.

[EN]

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a Athghairtear.

Alt 17.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain.

Gearrtheideal.

Méid na hAthghairme.

6 & 7 Vic., c.79.

Sea Fisheries Act, 1843.

An tAcht iomlán (a mhéid atá nó a bhí sé riamh i bhfeidhm sa Stát).

1 & 32 Vic., c.45.

Sea Fisheries Act, 1868.

An tAcht iomlán (a mhéid atá nó a bhí sé riamh i bhfeidhm sa Stát).

41 & 42 Vic., c.73.

Territorial Waters Jurisdiction Act, 1878.

An tAcht iomlán (a mhéid atá nó a bhí sé riamh i bhfeidhm sa Stát).

46 & 47 Vic., c.22.

Sea Fisheries Act, 1883.

An tAcht iomlán (a mhéid atá nó a bhí sé riamh i bhfeidhm sa Stát).

56 Vic., c.17.

North Sea Fisheries Act, 1893.

An tAcht iomlán (a mhéid atá nó a bhí sé riamh i bhfeidhm sa Stát).

Uimh. 14 de 1959.

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959.

In alt 219, an míniú ar “teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit”.