[EN]

Uimhir 22 de 1964.


[EN]

ACHT AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE (LEASÚ), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, LE hAGHAIDH LUACH SAOTHAIR AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE. [14 Iúil, 1964.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Luach saothair an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

1.—Íocfar leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an luach saothair céanna is iníoctha de thuras na huaire le Rúnaí Roinne Stáit a n-íoctar luach saothair leis faoi threoir na rátaí pá do ghráid seirbhíse ginearálta, agus is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc an luach saothair.

[EN]

Aisghairm.

1923, Uimh. 1.

1947, Uimh. 19.

1953, Uimh. 24.

1959, Uimh, 41.

2.—Aisghairtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht an Ard-Scrúdóra, 1923, alt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1947, alt 1 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1953, agus alt 1 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1959.

[EN]

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

3.—(1) Féadfar Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1964, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Measfar an tAcht seo a theacht i ngníomh an lú lá de Shamhain, 1961, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus uaidh.

[EN]

(3) Féadfar Achtanna an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1964, a ghairm d'Achtanna an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1959, agus den Acht seo le chéile.