Uimhir 22 de 1973
AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1973
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1973, a ghairm den Acht seo.
Léiriú.
2.—San Acht seo ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1968.
CUID II
Na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1968, a Leasú.
Léiriú agus comhlua (Cuid II).
3.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938.
(2) Féadfar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1973, a ghairm de na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1968, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile.
Alt 3 den Phríomh-Acht leasú.
4.—(1) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 3 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 4 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960, agus le halt 3 d'Acht 1968:
“(1) Is é liúntas a bheidh le híoc le gach comhalta de Dháil Éireann faoin Acht seo liúntas de réir ráta £3,416 sa bhliain is iníoctha go míosúil.
(2) Is é liúntas a bheidh le híoc le gach comhalta de Sheanad Éireann faoin Acht seo liúntas de réir ráta £2,023 sa bhliain is iníoctha go míosúil.”.
(2) Measfar an t-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1973.
Méadú ar na liúntais a bheidh le híoc faoin bPríomh-Acht.
5.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach sa Phríomh-Acht i ndiaidh alt 3:
“3A. (1) Féadfaidh an Rialtas, aon uair is cuí leo é, ceann de na nithe seo nó an dá cheann acu a mhéadú le hordú, is é sin, an liúntas do gach comhalta de Dháil Éireann agus an liúntas do gach comhalta de Sheanad Éireann, is iníoctha faoi alt 3 den Acht seo.
(2) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith ag ordú faoin alt seo má bhíonn sé sin sainráite ann.
(3) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh sí tar éis an dréacht a leagan faoina bráid, rún a rith ag dícheadú an dréachta, ní dhéanfar an t-ordú.”.
CUID III
Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1972, a Leasú
Léiriú agus comhlua (Cuid III).
6.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Pairliminte, 1938.
(2) Féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1973, a ghairm de na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1972, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile.
Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.
7.—(1) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2) d'alt 3 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 5 d'Acht 1968:
“(1) Íocfar de thuarastal leis an Taoiseach suim bhliantúil nach mó ná suim £6,959 agus íocfar de thuarastal le gach comhalta eile den Rialtas suim bhliantúil nach mó ná suim £4,430.
(2) Íocfar de thuarastal le gach Rúnaí Parlaiminte arna cheapadh faoi alt 7 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924, agus nach ndearbhaítear, le téarmaí a cheaptha, é a bheith á cheapadh gan tuarastal, suim bhliantúil nach mó ná £2,851.”.
(2) Measfar an t-alt seo agus ailt 8, 9 agus 10 den Acht seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1973.
Alt 4 den Phríomh-Acht a leasú.
8.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 4 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 6 d'Acht 1968:
“4.—(1) Íocfar de thuarastal leis an Ard-Aighne suim bhliantúil nach mó—
(a) i gcás nach comhalta den Oireachtas an duine a bheidh i seilbh na hoifige—ná suim £7,213,
(b) i gcás gur comhalta den Oireachtas an duine a bheidh i seilbh na hoifige—ná suim £4,430.”.
Alt 5 den Phríomh-Acht a leasú.
9.—Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 7 d'Acht 1968:
“(1) Íocfar de thuarastal le Cathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £4,430, agus íocfar de thuarastal le Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £1,898.”.
Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú.
10.—Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 8 d'Acht 1968:
“(1) Íocfar de thuarastal le Cathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £2,243, agus íocfar de thuarastal le Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £1,203.”.
Méadú ar na suimeanna bliantúla is iníoctha de bhua an Phríomh-Achta.
11.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach sa Phríomh-Acht i ndiaidh alt 8:
“8A. (1) Féadfaidh an Rialtas, aon uair is cuí leo é, na nithe seo a leanas go léir nó aon cheann acu nó níos mó, a mhéadú le hordú, is é sin,
(a) an tsuim bhliantúil is iníoctha leis an Taoiseach de bhun alt 3 den Acht seo,
(b) an tsuim bhliantúil is iníoctha le gach comhalta den Rialtas, seachas an Taoiseach, de bhun an ailt sin 3,
(c) an tsuim bhliantúil is iníoctha le gach Rúnaí Parlaiminte de bhun an ailt sin 3,
(d) aon suim bhliantúil is iníoctha leis an Ard-Aighne de bhun alt 4 den Acht seo,
(e) an tsuim bhliantúil is iníoctha le Cathaoirleach Dháil Éireann agus an tsuim bhliantúil is iníoctha le Leas-Cathaoirleach Dháil Éireann de bhun alt 5 den Acht seo,
(f) an tsuim bhliantúil is iníoctha le Cathaoirleach Sheanad Éireann agus an tsuim bhliantúil is iníoctha le Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann de bhun alt 6 den Acht seo,
(g) suim bhliantúil is iníoctha de bhun alt 9A nó alt 10 den Acht seo.
(2) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith ag ordú faoin alt seo má bhíonn sé sin sainráite ann.
(3) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh sí tar éis an dréacht a leagan faoina bráid, rún a rith ag dícheadú an dréachta, ní dhéanfar an t-ordú.”.
Alt 9 den Phríomh-Acht a leasú.
12.—Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 12 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn ‘Páirtí Rialtais’ Páirtí i nDáil Éireann ar comhalta nó comhaltaí de an Taoiseach nó aon chomhalta eile den Rialtas de thuras na huaire.”.
Liúntas bliantúil a íoc le Treoraí nó Treoraithe Páirtí Rialtais.
13.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9:
“9A. (1) I gcás ina mbeidh Páirtí cáilithe amháin, ar Páirtí Rialtais é agus nach mbeidh níos mó ná sin, ann, íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí sin suim bhliantúil £10,000.
(2) I gcás ina mbeidh dhá Pháirtí cháilithe ar Páirtithe Rialtais iad araon, agus nach mbeidh níos mó ná sin, ann—
(a) íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mó líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe sin suim bhliantúil £7,000, agus
(b) íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí cháilithe eile sin suim bhliantúil £3,000.
(3) I gcás ina mbeidh trí Pháirtí cháilithe nó níos mó ann ar Páirtithe Rialtais iad go léir—
(a) íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mó líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe sin suim bhliantúil £5,000,
(b) íocfar de liúntas le haghaidh costas le gach duine de Threoraithe na bPáirtithe cáilithe eile sin suim bhliantúil £5,000 arna roinnt ar uimhir na bPáirtithe cáilithe eile sin.
(4) Aon liúntas is iníoctha le duine faoin alt seo is liúntas é i dteannta na liúntas is iníoctha leis faoi Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938, agus ní bheidh sé iníoctha leis ach amháin in aghaidh tréimhse ar iníoctha leis ina haghaidh an liúntas sin is déanaí a luaitear.”.
Alt 10 den Phríomh Acht a leasú.
14.—Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (3) d'alt 10 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 9 d'Acht 1968:
“(1) I gcás ina mbeidh Páirtí cáilithe amháin nach Páirtí Rialtais é, agus nach mbeidh níos mó ná sin, ann, íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí sin suim bhliantúil £25,000.
(2) I gcás ina mbeidh dhá Pháirtí chaílithe nach Páirtí Rialtais ceachtar acu, agus nach mbeidh níos mó ná sin, ann—
(a) íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mó líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe sin suim bhliantúil £17,500, agus
(b) íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí cháilithe eile sin suim bhliantúil £7,500.
(3) I gcás ina mbeidh trí Pháirtí cháilithe nó níos mó ná sin ann nach Páirtí Rialtais aon cheann díobh—
(a) íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mó líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe sin suim bhliantúil £12,500,
(b) íocfar de liúntas le haghaidh costas le gach duine de Threoraithe na bPáirtithe cáilithe eile sin suim bhliantúil £12,500 arna roinnt ar uimhir na bPáirtithe cáilithe eile.
(3A) San alt seo folaíonn “costais” costais faoina rachfar i ndáil le taighde.”.
Alt 13 den Phríomh-Acht a leasú.
15.—Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur leis an míniú ar “oifig aireachta”:
“(g) oifig an Ard-Aighne;”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):
“(5) I gcás ina raibh duine i seilbh oifig an Ard-Aighne ar feadh tréimhse áirithe, lena n-áirítear tréimhse a thosaigh roimh theacht i ngníomh don fho-alt seo, agus go raibh sé, tráth ar bith i rith na tréimhse sin, ag gabháil do chleachtas príobháideach mar abhcóide nó i seilbh aon phoist nó oifige sochair eile seachas comhaltas an Oireachtais, ní mheasfar chun críocha na Coda seo den Acht seo gur shealbhaigh sé oifig cháilitheach i rith na tréimhse.”.
Alt 15 den Phríomh-Acht a leasú.
16.—Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht—
(a) trí “á íoc i leith na hoifige” a chur in ionad “ag gabháil leis an oifig” i bhfo-alt (2),
(b) trí “agus nár shealbhaigh sé oifig cháilitheach ar a feadh,” a chur isteach i ndiaidh “oifig an Ard-Aighne,” i mír (a) d'fho-alt (3).
Feidhm Chuid IV den Phríomh-Acht.
17.—Beidh feidhm ag Cuid IV den Phríomh-Acht maidir le haon duine a bhí i seilbh oifig an Ard-Aighne tráth roimh an Acht seo a rith amhail is dá mbeadh na leasuithe a dhéantar leis an Acht seo ar an gCuid sin i bhfeidhm an tráth sin, ach ní fhorléireofar an t-alt seo mar alt faoina bhféadfar aon íocaíocht maidir le tréimhse roimh an Acht seo a rith a thabhairt ar scór pinsin do dhuine den sórt sin nó ina leith.
Aisghairm.
18.—Cúlghairtear leis seo “, seachas Páirtí an Rialtais,” in alt 9 (1) den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 12 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960.