[EN]

Uimhir 23 de 1929.


[EN]

ACHT NA mBÓTHAR IARAINN (LEASÚ), 1929.


ACHT CHUN TÉARMA OIFIGE NA mBALL SEASMHACH DEN BHINSE BHÓTHAIR IARAINN DO LAIGHEADÚ GO dTÍ TRÉIMHSE BHLIANA AGUS CHUN COMHACHT DO THABHAIRT CHUN LÍON NA mBALL SEASMHACH DEN BHINSE BHÓTHAIR IARAINN DO LAIGHEADÚ GO dTÍ ÉINNE AMHÁIN. [16adh Iúl, 1929.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924).

[EN]

Téarma oifige ballra an bhínse bhóthair iarainn.

2.—(1) Gach ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn a ceapfar tar éis rithte an Achta so is go ceann bliana a ceapfar é agus a shealbhóidh sé oifig agus raghaidh sé as oifig ansan ach beidh sé ionathcheaptha.

[EN]

(2) Athghairmtear, leis seo, fo-alt (2) d'alt 13 den Phríomh-Acht ach ní dhéanfidh an athghairm sin dochar ná deifir d'fhaid téarma oifige éinne is ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn fé láthair fé cheapachán a dineadh roimh rith an Achta so ná fós d'incheapthacht aon bhaill den tsórt san fén alt so.

[EN]

Laigheadú an bhínse bhóthair iarainn go ball amháin.

3.—(1) Féadfidh an Seanascal, tré ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle aon uair le linn triúr ball seasmhach do bheith ar an mbínse bóthair iarainn, a dhearbhú go bhfuil sé oiriúnach chun leasa na puiblíochta ná déanfaí, ar bheith caithte do sna téarmaí oifige a bheidh á gcaitheamh an uair sin ag na gnáth-bhaill den bhínse bhóthair iarainn, aon ghnáth-bhall do cheapa chun an bhínse bhóthair iarainn agus (gan dochar d'fhorálacha fo-alt (4) d'alt 17 den Phríomh-Acht) go mbeadh an bínse bóthair iarainn có-dhéanta den Chathaoirleach amháin.

[EN]

(2) Pé uair a déanfar ordú fén bhfo-alt san roimhe seo, ansan ar bheith caithte do sna téarmaí oifige a bheidh á gcaitheamh ar dháta an orduithe sin ag na gnáth-bhaill den bhínse bhóthair iarainn agus go ceann pé tréimhse 'na dhiaidh sin a fhanfidh an t-ordú san gan ceiliúra ní ceapfar aon ghnáth-bhaill den bhínse bhóthair iarainn agus isé an Cathaoirleach an t-aon bhall seasmhach amháin a bheidh ann den bhínse bhóthair iarainn agus (gan dochar d'fhorálacha fo-alt (4) d'alt 17 den Phríomh-Acht) beidh an bínse bóthair iarainn có-dhéanta den Chathaoirleach amháin.

[EN]

(3) Féadfidh an Seanaseal aon uair, tré ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle, ordú a bheidh déanta aige roimhe sin fé fho-alt (1) den alt so do cheiliúra.

[EN]

(4) Gach ordú a déanfar fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

4.—(1) Féadfar Acht na mBóthar Iarainn (Leasú), 1929, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le Cuid II. den Phríomh-Acht.

[EN]

(3) Féadfar na Achtanna Bóthair Iarainn, 1924 go 1929, do ghairm de sna hAchtanna Bóthair Iarainn, 1924 agus 1926, agus den Acht so le chéile.