[EN]

Uimhir 23 de 1935.


[EN]

ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1935.


ACHT CHUN AN ACHTA UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933, AGUS AN ACHTA UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1934, DO LEASÚ AGUS CHUN RIALUITHE DO DHÉANAMH MAIDIR LE hIOMPORTÁIL FEITHICLÍ INNEALL-GHLUAISTE ÁIRITHE A hÚSÁIDTEAR CHUN PAISNÉIRÍ NO EARRAÍ CEANNAÍOCHTA D'IOMPAR.

[20adh Meitheamh, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933).

[EN]

(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus le n-a gcuirtear brí áirithe tríd an bPríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 (Uimh. 17 de 1934), chun crícheanna an Phríomh-Achta, tá leo san Acht so an bhrí cuirtear leo amhlaidh.

[EN]

Iompar ar luach saothair.

2.—(1) I gcás—

[EN]

(a) feithicil inneall-ghluaiste is le duine no feithicil a tarraigítear le feithicil inneall-ghluaiste is le duine d'úsáid chun earraí ceannaíochta is leis an duine sin d'iompar, no

[EN]

(b) feithicil inneall-ghluaiste is le cuideachtain no feithicil a tarraigítear le feithicil inneall-ghluaiste is le cuideachtain d'úsáid chun earraí ceannaíochta d'iompar is le haon chuideachtain atá ar aon-únaeracht no fé aon-bhainistí leis an gcuideachtain sin a céad-luaidhtear,

[EN]

tuigfear, chun crícheanna an Phríomh-Achta, gan na hearraí ceannaíochta san do bheith á n-iompar ar luach saothair.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo alt 2 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 (Uimh. 17 de 1934).

[EN]

Riailmheáchaintí laraí d'atharú.

3.—(1) I gcás an riail-mheáchaint laraí do cheadúnaí fé cheadúnas carraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana do bheith níos lugha ná dhá thonna déanfar agus deintear leis seo an riail-mheáchaint laraí don cheadúnaí sin chun crícheanna an Phríomh-Achta do mhéadú go dtí dhá thonna agus, ar iarratas an cheadúnaí sin, déanfaidh an tAire pé leasuithe ar an gceadúnas san is gá chun éifeachta do thabhairt don fho-alt so.

[EN]

(2) Pé uair a dhéanfaidh duine ar bith—

[EN]

(a) is ceadúnaí, fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, dá bhfuil riail-mheáchaint laraí ceaptha, agus

[EN]

(b) adeir—

[EN]

(i) go bhfuil cabhail do rinneadh i Saorstát Éireann curtha in ionad cabhlach aon laraí go n-áirmhítear meáchaint gan ualach a cabhlach sa riailmheáchaint laraí sin, agus

[EN]

(ii) gur móide meáchaint gan ualach an laraí sin an malairtiú cabhlach san,

[EN]

a iarraidh ar an Aire ordú do thabhairt uaidh fén bhfo-alt so féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus más deimhin leis gur fíor an méid adeir an ceadúnaí sin, a ordú go gcuirfear leis an riail-mheáchaint laraí don cheadúnaí sin meáchaint is có-ionann leis an deifríocht idir meáchaint gan ualach an laraí sin roimh an malairtiú cabhlach san agus meáchaint gan ualach an laraí sin tar éis an mhalairtithe cabhlach san agus má bheirtear an t-ordú san isí an riail-mheáchaint laraí mar a méadófar amhlaidh í is riail-mheáchaint laraí don cheadúnaí sin chun crícheanna an Phríomh-Achta agus déanfaidh an tAire pé leasuithe ar an gceadúnas san is gá chun éifeachta do thabhairt don ordú san.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag forálacha fo-alt (8), (9) agus (10) d'alt 11 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 (Uimh. 17 de 1934), maidir le gach iarratas fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo fé is dá mb'iarratas fén alt san 11 an t-iarratas san.

[EN]

Alt 36 den Phríomh-Acht do leasú.

4.—Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 36 den Phríomh-Acht tré sna focail “i bhfeithicil inneall-ghluaiste” do chur isteach sa bhfo-alt san i ndiaidh na bhfocal “ar luach saothair” agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Alt 63 den Phríomh-Acht do leasú.

5.—(1) Leasuítear leis seo alt 63 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré sna focail “agus é bheith ar fostú lán-aimsire go leanúnach (pe'ca roimh an gceadúnas san do dheonadh no dá éis do thosnuigh an fhostaíocht san), ar feadh tréimhse cúig mblian dar chríoch an lá roimh an dáta cinnteach in oibriúchán na bhfeithiclí sin, ag an gceadúnaí sin no ag an gceadúnaí sin agus a roimhshealbhadóir no a roimh-shealbhadóirí teidil sa ghnó san” do chur isteach i gclás (i) de mhír (a) den alt san in ionad na bhfocal “agus é bheith ar fostú amhlaidh go leanúnach ar feadh tréimhse cúig mblian dar chríoch an lá roimh an dáta cinnteach” atá anois sa chlás san;

[EN]

(b) tré sna focail “(pe'ca roimh an gceadúnas san do dheonadh no dá éis do thosnuigh an fhostaíocht san), in oibriúchán na bhfeithiclí sin, ag an gceadúnaí sin no ag an gceadúnaí sin agus a roimh-shealbhadóir no a roimhshealbhadóirí teidil sa ghnó san” do chur isteach i mír (b) den alt san in ionad na bhfocal “ag an gceadúnaí sin in oibriúchán na bhfeithiclí do bhí á n-úsáid chun crícheanna an ghnótha a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl” atá anois sa mhír sin;

[EN]

(c) tré sna focail “no an ceadúnaí sin agus a roimh-shealbhadóir no a roimh-shealbhadóirí teidil sa ghnó san” do chur isteach i mír (c) den alt san i ndiaidh na bhfocal “an ceadúnaí sin” atá anois sa mhír sin.

[EN]

(2) Beidh agus tuigfear go raibh éifeacht ag an alt so o am an Phríomh-Achta do rith.

[EN]

Srian le hiomportáil feithiclí inneallghluaiste áirithe a húsáidtear chun paisnéirí d'iompar.

6.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (seachas cuideachta údaruithe chun paisnéirí d'iompar) aon fheithicil inneallghluaiste d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1935, no dá éis, a bheidh, le lian a hiomportála, do réir na gcoinníollacha so leanas (dá ngairmtear na coinníollacha reachtúla san alt so), sé sin le rá:—

[EN]

(a) í bheith déanta no oiriúnuithe chun paisnéirí d'iompar de bhóthar agus ionad suidhte inti do níos mó ná seisear daoine gan an tiománaí d'áireamh, agus

[EN]

(b) í bheith ar únaeracht ag duine atá, más pearsa é, ina chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann no, más páirtnéireacht é, go bhfuil a phríomh-áit ghnótha lasmuich de Shaorstát Éireann no, más cuideachta é, go bhfuil a oifig chláruithe lasmuich de Shaorstát Éireann, agus

[EN]

(c) í bheith á húsáid chun paisnéirí d'iompar, ar shlí eile seachas fé cheadúnas agus do réir cheadúnais do bhéarfar amach fén alt so.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do thabhairt amach, do dhuine ar bith iarrfaidh é, á rá go n-údaruíonn an ceadúnas san don duine sin feithiclí inneallghluaiste d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann a bheidh, le linn a n-iomportála, do réir na gcoinníollacha reachtúla.

[EN]

(3) Gach ceadúnas do bhéarfar amach fén alt so oibreoidh sé chun a údarú don duine luadhfar ann feithiclí inneall-ghluaiste d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann a bheidh, le linn a n-iomportála, do réir na gcoinníollacha reachtúla, ach san fé réir an duine sin do chólíonadh an dlí go cuibhe bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le feithiclí inneall-ghluaiste d'iomportáil agus go sonnrách maidir le híoc na ndiúitéthe custum (más aon cheann é) is inéilithe ar an iomportáil sin do dhéanamh.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas do tugadh amach fén alt so do cheiliúradh.

[EN]

(5) Feithiclí inneall-ghluaiste go dtoirmeasctar de bhuadh an ailt seo iad d'iomportáil tuigfear iad do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san, mar leasuítear no leathnuítear iad le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hiomportáil earraí toirmeasctha no srianta.

[EN]

Srian le hiomportáil laraithe agus tarraicirí áirithe a húsáidtear chun earraí ceannaíochta d'iompar.

7.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (seachas cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar) aon laraí no tarraicire d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1935, no dá éis, a bheidh, le linn a iomportála, do réir na gcoinnícllacha so leanas (dá ngairmtear na coinníollacha reachtúla san alt so), sé sin le rá:—

[EN]

(a) é bheith ar únaeracht ag duine atá, más pearsa é, ina chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann no, más páirtnéireacht é, go bhfuil a phríomh-áit ghnótha lasmuich de Shaorstát Éireann no, más cuideachta é, go bhfuil a oifig chláruithe lasmuich de Shaorstát Éireann, agus

[EN]

(b) más laraí é, é bheith á úsáid chun earraí ceannaíochta d'iompar no, más tarraicire é, é bheith á úsáid chun feithicil eile iompruíonn earraí ceannaíochta do tharrac, ar shlí eile seachas fé cheadúnas agus do réir cheadúnais do bhéarfar amach fén alt so.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do thabhairt amach, do dhuine ar bith iarrfaidh é, á rá go n-údaruíonn an ceadúnas san don duine sin laraithe agus tarraicirí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann a bheidh, le linn a n-iomportála, do réir na gcoinníollacha reachtúla.

[EN]

(3) Gach ceadúnas do bhéarfar amach fén alt so oibreoidh sé chun a údarú don duine luadhfar ann laraithe agus tarraicirí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann a bheidh, le linn a n-iomportála, do réir na gcoinníollacha reachtúla, ach san fé réir an duine sin do chólíonadh an dlí go cuibhe bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le laraithe agus tarraicirí d'iomportáil agus go sonnrách maidir le híoc na ndiúitéthe custum (más aon cheann é) is inéilithe ar an iomportáil sin do dhéanamh.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas do tugadh amach fén alt so do cheiliúradh.

[EN]

(5) Laraithe agus tarraicirí go dtoirmeasctar de bhuadh an ailt seo iad d'iomportáil tuigfear iad do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san, mar a leasuítear no leathnuítear iad le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hiomportáil earraí toirmeasctha no srianta.

[EN]

Costaisí.

8.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

[EN]

Gearr-theideal.

9.—Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1935, do ghairm den Acht so.