Uimhir 23 de 1951.
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1951.
[An tiontó oifigiúil.]
An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940, a leasú.
1.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940), tríd an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1951”, a cuireadh ann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1950 (Uimh. 7 de 1950), a scrios as an míniú ar an abairt “an tréimhse ordaithe” agus an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1952”, a chur ina ionad.
(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar theacht i ngníomh don Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940).
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1951, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1951, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1950, agus den Acht seo le chéile.