Uimhir 23 de 1967
AN tACHT LEITHREASA, 1967
(An tiontú oifigiúil.)
Deontais a Leithreasú
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £278,977,700 a leithreasú.
1.—(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim dhá chéad seachtó is ocht milliún, naoi gcéad seachtó is seacht míle agus seacht gcéad punt, déantar iad a leithreasú chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin.
(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim fiche milliún, dhá chéad is trí mhíle, ocht gcéad nócha agus aon phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.
Gearrtheideal.
2.—Féadfar an tAcht Leithreasa, 1967, a ghairm den Acht seo.
An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá Dtagraítear san Acht seo
Sceideal A
DEONTAIS
Deontais as an bPríomh-Chiste | .. | .. | .. | .. | .. | .. | £278,977,700 |
Sceideal B
DEONTAIS A LEITHREASÚ
Bliain | Suimeanna nach mó ná | |||||||
Deontais Soláthair | Leithreasaí-igCabhair | |||||||
£ | £ | |||||||
1966-67 (Forlíontach) | .. | .. | 11,382,250 | 1,240,500 | ||||
1967-68 | .. | .. | .. | .. | .. | 267,595,450 | 18,963,391 | |
An tIomlán | .. | £ | 278,977,700 | 20,203,891 |
SCEIDEAL A
DEONTAIS AS AN bPRÍOMH-CHISTE
£ | ||||||
Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1967. | ||||||
Faoi Acht Uimh. 26 de 1965 | .. | .. | .. | 11,382,250 | ||
Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1968. | ||||||
Faoi Acht Uimh. 26 de 1965 | .. | .. | .. | 267,595,450 | ||
An tIomlán | .. | £ | 278,977,700 |
SCEIDEAL B
DEONTAIS A LEITHREASÚ
Cuid I
Sceideal de shuimeanna Forlíontacha a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1967.
Suimeanna nach mó ná | |||
Vóta Uimh. | Teideal | Deontais Soláthair | Leithreasaí-igCabhair |
(1) | (2) | (3) | (4) |
£ | £ | ||
4 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Príomh-Oifige Staidrimh .. .. .. | 21,500 | -- |
11 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla .. | 4,500 | -- |
28 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair .. .. .. .. | 26,000 | 7,000 |
29 | Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc. .. .. .. .. .. | 612,000 | -- |
30 | Le haghaidh Meánoideachais, lena n-áirítear Deontas Tuarastail na Múinteoirí, Deontas Ceannsraithe. Tuarastal Breisitheach do Mheánmhúinteoirí agus Deontas do Chiste Pinsin na Meánmhúinteoirí .. .. | 96,000 | -- |
31 | Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair .. .. | 110,000 | -- |
33 | Le haghaidh Deontais-i-gCabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath .. .. .. .. .. | 352,000 | -- |
37 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair .. .. .. .. .. | 10 | -- |
38 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc .. .. .. .. | 3,167,000 | 550,500 |
40 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc .. .. | 1,288,000 | |
43 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh Pá agus Costais Óglaigh na hÉireann; agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc .. .. | 10 | 570,000 |
45 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair .. .. .. .. .. | 3,230 | -- |
47 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh Ildeontas .. .. .. | 1,107,000 | 113,000 |
48 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais ilghnéitheacha agus Deontas-i-gCabhair .. .. .. .. .. | 2,470,000 | -- |
51 | Le haghaidh Luach Saothair Státseirbhíseach .. .. .. .. .. | 2,125,000 | |
£ | 11,382,250 | 1,240,500 |
Cuid II
Sceideal de shuimeanna a deonaiodh agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1968.
Suimeanna nach mó ná | |||
Vóta Uimh. | Teideal | Deontais Soláthair | Leithreasaí-igCabhair |
(1) | (2) | (3) | (4) |
£ | £ | ||
1 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin agus le haghaidh Costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair .. .. | 16,550 | -- |
2 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Thithe an Oireachtais, lena n-áirítear Deontasi-igCabhair áirithe .. .. .. .. | 552,000 | -- |
3 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn an Taoisigh .. .. .. .. | 50,250 | -- |
4 | Le haghaidh Taurastail agus Costais na Príomh-Oifige Staidrimh .. .. .. | 314,000 | 1,500 |
5 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste .. | 64,500 | 16,500 |
6 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, agus chun Deontais-i-gCabhair áirithe a íoc .. | 1,237,700 | 7,300 |
7 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin .. .. .. .. | 4,332,000 | 145,000 |
8 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh Caiteachais i leith Foirgneamh Poiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Poiblí áirithe a Chothabháil; agus chun Oibreacha Siltin agus Oibreacha Innealtóireachta eile a Dhéanamh agus a Chothabháil .. .. .. .. | 9,174,000 | 1,004,117 |
9 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Saotharlainne Stáit .. .. .. | 46,000 | 1,550 |
10 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla .. | 48,600 | 59,400 |
11 | Le haghaidh Deontais (Deontas-igCabhair) don Chomhairle Ealaíon .. | 60,000 | -- |
12 | Le haghaidh Pinsin, Aoisliúntais, Cúiteamh (lena n-áirítear Cúiteamh do Lucht Oibre), agus Liúntais agus Aiscí, breise agus eile, faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus faoi Reachtanna éagsúla eile; Pinsin, Liúntais agus Aiscí Eisreachtúla, arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do Lia-Réiteoirí agus corrtháillí do Dhochtúirí; Cúiteamh agus Íocaíochtaí eile i leith Díobhálacha Pearsanta; etc. .. .. .. .. | 2,092,000 | 172,400 |
13 | Le haghaidh Seirbhís Sicréideach ... ... | 9,000 | -- |
14 | Le haghaidh Deontais d'Údaráis Áitiúla mar Fhaoiseamh i leith Rátaí ar | ||
Thalamh Talmhaíochta .. .. .. | 15,850,000 | -- | |
15 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh Costais Ionchúiseamh Coiriúil agus Dlímhuirear eile, lena n-áirítear Deontas Faoisimh i leith Costais áirithe is iníoctha de réir Reachta as Rátaí Áitiúla .. | 295,000 | 8,000 |
16 | Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe .. .. .. .. .. | 152,200 | -- |
17 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh Clódóireachta agus Ceangaltóireachta, agus chun Páipéar, Foilseacháin, Innealra Oifige agus Soláthairtí eile Oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh Ilchuspóirí Ilghnéitheacha, lena n-áirítear Tuairiscí ar Dhíospóireachtaí an Oireachtais, Billí, Achtanna agus Foilseacháin eile Rialtais a fhoilsiú agus a dhíol .. | 981,600 | 234,400 |
18 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus Mionseirbhísí áirithe .. | 322,000 | 46,000 |
19 | Le haghaidh Rátaí agus Ranníocaí in ionad Rátaí, etc., i leith Maoin Rialtais, agus le haghaidh Ranníocaí i leith Rátaí ar Áitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha .. .. .. | 828,000 | 115,100 |
20 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair áirithe; agus na hOifige Irisí Poiblí agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar, agus chun Doiciméid Stairiúla, etc., a cheannach .. | 278,600 | 525 |
21 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais an Gharda Síochána, lena n-áirítear Pinsin, etc., agus le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla .. .. .. | 9,884,000 | 420,950 |
22 | Le haghaidh Costais Phríosún, Foras Naomh Pádraig, agus chun Príosúnaigh a Chothabháil a choinnítear in Ospidéil Mheabhair-Ghalar Cheantair .. .. | 458,500 | 39,000 |
23 | Le haghaidh na dTuarastal agus na gCostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste .. .. | 616,000 | 46,950 |
24 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas .. .. .. .. | 311,800 | -- |
25 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla .. .. .. .. | 12,650 | 43 |
26 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais agus Costais eile i ndáil le Tithíocht, agus Scéimeanna Ilghnéitheacha agus Deontais lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe .. .. .. .. | 9,030,000 | 291,500 |
27 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc .. .. | 1,408,000 | 13,170 |
28 | Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc. .. .. .. .. .. | 19,844,000 | 132,220 |
29 | Le haghaidh Meánoideachais .. .. | 8,295,000 | 64,050 |
30 | Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair .. .. | 4,735,000 | 58,000 |
31 | Le haghaidh Costais i ndáil le Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, lena n-áirítear Áiteanna Coinneála .. .. .. | 219,500 | 3,200 |
32 | Le haghaidh Deontais-i-gCabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath .. .. .. .. .. | 3,792,600 | -- |
33 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair .. .. .. | 31,300 | 350 |
34 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talún na hÉireann .. .. .. | 3,524,000 | 230,760 |
35 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le Foraoiseacht, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair chun Talamh a Fháil .. | 3,905,000 | 662,500 |
36 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair | 1,263,000 | 3,000 |
37 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc .. .. .. .. | 40,037,000 | 1,992,291 |
38 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le hIascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear Ildeontais-i-gCabhair .. | 965,000 | 28,310 |
39 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Saothair, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Deontais-i-gCabhair áirithe a íoc .. | 848,000 | 426,515 |
40 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc .. .. .. .. | 10,867,000 | 253,615 |
41 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc .. .. .. .. | 9,032,000 | 1,879,900 |
42 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc .. .. .. .. .. | 21,394,000 | 8,561,000 |
43 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh Pá agus Costais Óglaigh na hÉireann; agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc .. .. .. .. .. | 11,969,000 | 362,000 |
44 | Le haghaidh Pá Scortha, Pinsin, Cúiteamh, Liúntais agus Aiscí is iníoctha faoi Reachtanna Éagsúla le Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí Míleata áirithe eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh Ranníocaí agus Costais Éagsúla i ndáil leo sin, agus le haghaidh Liúntais Leanaí Eisreachtúla áirithe .. .. .. .. .. | 2,539,000 | 2,425 |
45 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair .. | 856,650 | 10,100 |
46 | Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe agus do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna .. .. | 192,050 | 50 |
47 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh Ildeontas .. .. .. | 42,556,000 | 1,644,000 |
48 | Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais ilghnéitheacha agus Deontas-i-gCabhair .. .. .. .. .. | 21,757,000 | 22,400 |
49 | Le haghaidh Costais Chothabhála, etc., Othar sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar .. .. .. .. .. | 88,400 | 3,300 |
50 | Chun Méaduithe ar Phinsin, Liúntais agus Pá Scortha áirithe, i leith seirbhíse poiblí, a íoc .. .. .. .. .. | 460,000 | -- |
£ | 267,595,450 | 18,963,391 | |
Iomlán Sceideal B ..£ | 278,977,700 | 20,203,891 |