[EN]

Uimhir 24 de 1924.


[EN]

ACHT UM ATH-DHÉANAMH I mBAILE ÁTHA CLIATH (FORÁLACHA OCÁIDEACHA), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE FOIRGINTÍ DO THÓGÁIL AGUS LE SRÁIDEANNA DO DHÉANAMH AGUS D'FHEABHSÚ MAIDIR LE hATH-DHÉANAMH LÍOMATÁISTÍ, SRÁIDEANNA, AGUS FOIRGINTÍ I gCATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH A LOITEADH NO A DÍTHÍODH LE LINN BUAIRIMH ÁIRITHE SA CHATHAIR SIN SA BHLIAIN 1922, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [10adh Iúl, 1924.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Talamh d'fháil, agus talamh do mhalairtiú, go héigeanta i gcóir feabhasú sráideanna.

1.—(1) Sa chás in ar gá do Thiarna Méara ró-onórach, do sheanóirí agus do bhuirgéisigh Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear “an Bárdas” san Acht so) talamh do cheannach fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, chun sráideanna i gCathair Bhaile Atha Cliath do leathanú, d'oscailt, do mhéadú, d'fhaidiú no d'fheabhsú ar aon tslí eile, i dteangmháil le hathdhéanamh líomatáistí, sráideanna, tithe no foirgintí a díthíodh no a loiteadh le linn an bhuairimh a bhí ann le déanaí, féadfar a údarú dhóibh an talamh do cheannach go héigeanta tré ordú a leagfid fé bhráid an Aire agus a daingneofar do réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

[EN]

(2) Chun a chur ar chumas an Bhárdais sráid atá ann cheana do leathanú, féadfar a údarú don Bhárdas, le haon ordú den tsórt san, go bhfuighid go héigeanta aon tailte (dá ngairmtear “na tailte fachta” ina dhiaidh seo anso) atá níos sia ón sráid sin ná na háitribh go bhfuil a n-aghaidh ar an sráid, agus féadfar a fhoráil leis an ordú san, na leasanna fé seach sna tailte (dá ngairmtear “na headar-thailte” ina dhiaidh seo anso) a luíonn idir an tsráid agus na tailte fachta go mbeidh deire le n-a mbaint leis an gcéanna nuair a bheidh fáil na dtailte bhfachta críochnuithe agus, ina ionad san, go mbainfid leis na tailte (ar a n-áirítear na coda riachtanacha de sna tailte fachta) a bheidh díreach ar có-réir leis na headar-thailte in achar, i leaga amach, agus i suidheamh maidir le héadan nua na sráide leathanuithe agus aon tsráide atá trasna ar an gcéanna no go bhfuil an céanna trasna uirthi agus an “mhalairt tailte” a gairmtear ina dhiaidh seo anso de sna tailte deiridh sin a luaidhtear.

[EN]

(3) O theacht i ngníomh don ordú san i dtaobh na leasanna fé seach sna headar-thailte, bainfidh gach deontas, leithliú, agus árachas a bhaineann le haon chuid de sna headar-thailte, maraon le gach leas, i ndlí agus i gcothruime, atá sa chéanna, bainfid leis an gcuid chó-réir den mhalairt tailte fé is dá mb' é an talamh le n-ar deighleáladh ar dtúis sa deontas, sa leithliú no san árachas san, no le n-ar bhain an leas san, an chuid sin.

[EN]

(4) Gach ordú a déanfar fén alt so clárófar é san oifig cheart i gcóir clárú teideal no dintiúirí, fé mar is gá sa chás, ar pé cuma a hordófar.

[EN]

(5) Déanfar an nós-imeachta fén alt so chun talamh do cheannach go héigeanta do chur in ionad an nós-imeachta chun talamh do cheannach go héigeanta fé alt a dhá chéad is a trí den Public Health (Ireland) Act, 1878.

[EN]

Ionaid chaola nea-chaothúla.

2.—(1) Más dó leis an mBárdas agus leis an Aire, maidir le hionad no ionad foirginte no foirgintí a díthíodh le linn an bhuairimh a bhí ann le déanaí, nách féidir, mar gheall ar chaoile éadain no ar riara nea-chaothúil, foirgint no foirgintí a dhéanamh air no ortha a bheadh do réir na scéime generálta i gcóir athdhéanamh an líomatáiste, féadfar a údarú don Bhárdas an t-ionad no na hionaid sin do cheannach go héigeanta tré ordú a leagfar fé bhráid an Aire agus a daingneofar do réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

[EN]

(2) Le haon ordú le n-a n-údarófar don Bhárdas ionad no ionaid do cheannach go héigeanta fén alt so féadfar a fhoráil go dtuigfar aon chuid no coda den ionad no de sna hionaid sin do bheith ina dtailte fachta, ina n-eadar-thailte no ina malairt tailte pe'ca aca é, agus bainfidh forálacha alt 1 den Acht so leis na coda san, má fuarthas ar an gcuma san iad, fé is dá mba thailte fachta, eadarthailte no malairt tailte fén alt san iad.

[EN]

(3) Fé réir forálacha fo-alt (2) den alt so, déanfidh an Bárdas aon ionad no ionaid a fuarthas fén alt so do dhíol no do chur ar cíos, i roinn no i ranna a bheidh in oiriúint don scéim ghenerálta athdhéanmhachta, ar ceaint phuiblí no, le cead ón Aire, tré chonnra phríobháideach.

[EN]

Chun taithneamhacht do chimeád.

3.—(1) Einne (dá ngairmtear “an t-únaer foirgneamhach” san alt so) a chuirfidh roimhe foirgint nua do dhéanamh ar ionad foirginte a loiteadh no a díthíodh le linn an bhuairimh a bhí ann le déanaí, no foirgint a loiteadh mar adubhradh d'ath-dhéanamh no d'atharú no foirgint nua do dhéanamh no foirgint atá ann cheana d'ath-dhéanamh no d'atharú aon uair, i Sráid Uachtarach Sackville no i Sráid Iochtarach Sackville (dá ngairmtear do ghnáth “Sráid Uachtarach O Conaill” no “Sráid Iochtarach O Conaill” fé seach), i dteanta aon phleananna agus gearrtha i gcóir na hoibre beartuithe, nách foláir do réir fo-dhlithe an Bhárdais a sheachada in oifig cléireach na cathrach, seachadfa sé san am agus san áit gcéanna aoirdí do réir an scála chéanna ar a bhfuil na pleananna agus na gearrtha agus tabharfa sé d'ailtire na cathrach má iarrann agus nuair a iarrfidh seisean air é, aon mhion-tarraiceoireachtaí no aon mhion-innste eile is dó le hailtire na cathrach a bheith riachtanach le réasún chun na scríbhinní seachadtha do mhíniú tuille.

[EN]

(2) Ag cuimhneamh do ar shaghas agus ar shuidheamh ionad na foirginte nua atá beartuithe no na foirginte atá beartuithe a athnuachaint no a atharú, no ar chrot for-imeallach aon fhoirgintí a tógadh no atá á dtógáil i gcomhursanacht an ionaid sin, má chítar d'ailtire na cathrach gurb é saghas tighe nua, athnuachainte no atharú atá beartuithe ná saghas a bheadh díobhálach do thaithneamhacht na sráide ar a bhféachfidh an fhoirgint nua atá beartuithe no an fhoirgint atá beartuithe a athnuachaint no a atharú, pe'ca mar gheall ar an gcrot for-imeallach atá beartuithe é no mar gheall ar an líne éadain atá beartuithe, no mar gheall ar na habhair atá beartuithe a chur sna fallaí for-imeallacha a bheidh ag féachaint ar an sráid sin no in aon chuid den bhfoirgint a bheidh le feicsint ón sráid sin, féadfa sé a éileamh go ndéanfar pé atharuithe réasúnta is dó leis is ceart, maidir leis an gcrot for-imeallach, leis an líne éadain agus leis na habhair, agus féadfa sé a éileamh go leasófar na pleananna, na gearrtha agus na haoirdí dá réir sin. Tuigfar éadan tighe ag cúinne dhá shráid do bheith ag féachaint ar gach sráid díobh chun crícheanna an ailt seo.

[EN]

(3) Ní bheidh éifeacht ag éileamh o ailtire na cathrach fén alt so mara ndintar fógra scríbhte ina thaobh do sheachada don únaer foirgneamhach no do chur chuige tríd an bpost laistigh de mhí tar éis an lá a seachadfar na pleananna, na gearrtha agus na haoirdí mar adubhradh, no laistigh de cheithre lá déag tar éis an lá a tabharfar na mion-innste breise (más ann dóibh) mar adubhradh, pe'ca treimhse dhíobh is déanaí go mbeidh deire léi.

[EN]

(4) Má eiríonn aon aighneas no easaontas i dtaobh aon éileamh áirithe o ailtire na cathrach fén alt so do bheith réasúnta no gan a bheith, socrófar abhar an aighnis le headarascán idir an Bárdas agus an t-unaer foirgneamhach, agus déanfidh an Bárdas ailtire na cathrach, no duine a ainmneoidh seisean, do cheapa chun bheith ina mholtóir dóibh féin agus ceapfidh an t-únaer foirgneamhach moltóir do féin, agus, fé réir na n-atharuithe seo a leanas, déanfar alt a dhá chéad agus a seacht déag den Public Health (Ireland) Act, 1878, d'fheidhmiú maidir leis an eadarascán mar a feidhmítear é maidir le headarascáin fén Acht san:—

[EN]

(a) léireofar aon tagairt don Acht san mar thagairt don Acht so;

[EN]

(b) nuair a bheidh na moltóirí no an réiteoir ag féachaint ce'ca tá aon éileamh áirithe réasúnta no ná fuil, féadfid na costaisí do bhainfadh le có-líona an chéanna do chur san áireamh agus tuigfar gur éileamh nea-réasúnta éileamh go soláthrófí aon abhar no abhair áirithe in aon áit áirithe soláthair;

[EN]

(c) beidh comhacht ag na moltóirí no ag an réiteoir pé atharuithe a dheabhróidh bheith ceart do dhéanamh ar aon éileamh o ailtire na cathrach, agus fé sna hathruithe sin do tuigfar gur éileamh é o ailtire na cathrach fén alt so;

[EN]

(d) ar cheann de sna comhachta a bheidh ag na moltóirí no ag an réiteoir maidir leis na costaisí beidh comhacht chun a ordú cé leis agus cé aige agus cadí an tslí go n-íocfar na costaisí (ar a n-áirítear costaisí atúrnae agus cliaint) no aon chuid díobh;

[EN]

(e) aon choiste den Bhárdas dar tugadh comhacht chuige sin, féadfid moltóir do cheapa thar ceann an Bhárdais agus ní gá é dhéanamh fé shéala.

[EN]

(5) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin beidh éileamh o ailtire na cathrach fén alt so infheidhmithe fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, fé is dá mb'éileamh ceart é a bheadh i bhfo-dhlithe leis an mBárdas i dtaobh foirgintí, agus fé is dá mb'fhógra a thabharfadh an Bárdas do réir na bhfo-dhlithe an fógra i dtaobh an éilimh, sé sin, fógra go rabhthas mí-shásta leis an obair bheartuithe, agus fé is dá mba chionta i gcoinnibh na bhfo-dhlithe seo an obair do dhéanamh ar aon tslí eile seachas é dhéanamh do réir an éilimh, agus fé is dá mba chionta leanúnach í chimeád i bhfuirm agus ar staid a bheadh contrárdha don éileamh.

[EN]

(6) Einní a bheidh le déanamh no le fágaint gan déanamh maidir le haon fhoirgint chun éileamh o ailtire na cathrach fén alt so do chó-líona, féadfar é dhéanamh no é fhágaint gan déanamh in ainneoin aon chumhnaint, coiníll no forála ina choinnibh sin in aon léas, morgáiste, no instruimid eile a bhaineann leis an bhfoirgint no leis an talamh ar a bhfuil sí, agus tuigfar nách brise ná nea-chó-líona ar aon chumhnant, coiníoll ná foráil den tsórt san, ná dul ina choinnibh, an gníomh ná an fhaillí.

[EN]

(7) Nuair is gá, de bharr éilimh o ailtire na cathrach fén alt so, atharú do dhéanamh ar an seana-líne éadain, déanfar na forálacha d'alt a naoi is tríocha den Public Health (Ireland) Act, 1878, a bhaineann le cúiteamh, d'fheidhmiú díreach fé mar a bheadh an Bárdas tar éis an nua-líne éadain d'ordú fén alt san.

[EN]

(8) Ar a mhola san d'ailtire na cathrach féadfidh an Bárdas aon fho-dhlithe leis an mBárdas a bhaineann le foirgintí do mhaolú no do chur i leataoibh in aon chás agus sa mhéid gur gá an maolú no an cur-i-leataoibh sin chun go bhféadfar có-phlean athdhéanmhachta do chur i bhfeidhm ar dhá fhoirgint no níos mó le toil únaerí na bhfoirgintí sin ach, lasmuich den chás roimhráite, cur le haon fho-dhlithe atá ag an mBárdas i dtaobh foirgintí isea an fhoráil atá san alt so agus ní baint uatha.

[EN]

Áitribh neamhoiriúnacha ar shráid-éadain nua.

4.—(1) San alt so cialluíonn an focal “ionad a fhéachann ar shráid fheabhsuithe” aon phaiste tailimh leis an duine no na daoine céanna agus atá teoranta lom díreach le haon talamh a fuair an Bárdas fén Acht so chun sráid d'fheabhsú, no ná fuil aon fhoirgint idir é agus an talamh san.

[EN]

(2) Ar fháil iarratais ón mBárdas do, más deimhin leis an Aire, maidir le haon ionad a fhéachann ar shráid fheabhsuithe, gur gá i gcóir scéim ghenerálta athdhéanamh an líomatáiste—

[EN]

(a) aon tsean-fhoirgint atá ar an ionad san do chur as an slí, no

[EN]

(b) foirgint nua do thógáil ar an ionad san, no

[EN]

(c) aon tsean-fhoirgint atá ar an ionad san d'athdhéanamh no d'atharú,

[EN]

féadfa sé ordú do dhéanamh go ndéanfar an cur-as-an-slí, an tógáil, an t-athdhéanamh no an t-atharú san.

[EN]

(3) Roimh ordú do dhéanamh fén bhfo-alt san roimhe seo dho i dtaobh aon ionaid, tabharfidh an tAire fógra mí ar a luíod d'únaerí, do léasaithe agus do shealbhairí an ionaid sin agus breithneoidh sé aon aithris chúise a dhéanfid.

[EN]

(4) Bainfidh forálacha alt 3 den Acht so le haon fhoirgint nua do thógáil ar ionad a fhéachann ar shráid fheabhsuithe fé is dá mb'ionad an t-ionad san d'fhoirgint a loiteadh no a díthíodh le linn an bhuairimh a bhí ann le déanaí; agus bainfid le hathdhéanamh no le hatharú foirginte den tsórt san fé is dá mba shean-fhoirgint i Sráid Uachtarach Sackville no i Sráid Iochtarach Sackville (dá ngairmtear do ghnáth “Sráid Uachtarach O Conaill” agus “Sráid Iochtarach O Conaill” fé seach) an fhoirgint sin.

[EN]

(5) Aon athdhéanamh no atharú ar fhoirgint no aon tógáil foirginte nua a bheidh le déanamh ar ionad a fhéachann ar shráid nua do réir ordú fén alt so, féadfar é dhéanamh bíodh go gcuirfe sé isteach ar aon cheart chun soluis no ar fhaoiseamh eile, ach íocfar cúiteamh leis na daoine go bhfuil leas acu sa talamh le n-a ngabhann an ceart no an faoiseamh san.

[EN]

(6) Aon chúiteamh is iníoctha fén alt so—

[EN]

(a) socrófar é ag moltóir fé sna rialacha atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, fé mar atá an cúiteamh a luaidhtear sna rialacha san le socrú fútha, agus nuair a bheidh an cúiteamh san á shocrú cuirfar san áireamh aon mhéadú a raghaidh ar luach an tailimh le na ngabhann an faoiseamh de bharr athdhéanamh generálta an líomatáiste;

[EN]

(b) íocfar é ag únaer na foirginte tré n-ar cuireadh isteach ar an gceart no ar an bhfaoiseamh agus ina theanta san beidh sé ina chéad-mhuirear ar an bhfoirgint sin.

[EN]

Iasachtaí i gcabhair do chostaisí athdhéanmhachta.

5.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfidh an Bárdas, fé urraíocht únaereacht ionad aon tighe no foirginte a loiteadh no a díthíodh le linn an bhuairimh a bhí ann le déanaí, airgead do roimh-íoc chun go bhféadfar an tigh no an fhoirgint d'ath-thógaint no d'athnuachaint ar shlí a bheidh do réir a n-éilítear le haon fho-dhlithe atá ag an mBárdas fé láthair agus do réir a n-éileoidh ailtire na cathrach fén Acht so.

[EN]

(2) Ní raghaidh an roimh-íoc thar an difríocht a bheidh idir an méid a dheimhneoidh an tAire a chosnóidh sé ar fad an tigh no an fhoirgint d'ath-thógáil no d'athnuachaint ar an gcuma roimhráite, maraon le haon chostaisí dlí gur ghá dul fútha in imeachta fé alt 5 den Acht so, agus méid an chúitimh a deonadh amach as airgead puiblí mar gheall ar dhíthiú no lot an tighe no na foirginte, agus ní déanfar aon roimh-íoc marar deonadh an cúiteamh san agus mara ndeimhnighidh an tAire gur gá an roimh-íoc chun na críche roimhráite.

[EN]

(3) Beidh an roimh-íoc in-aisíoctha laistigh de pé tréimhse, maraon le hús ar pé ráta, agus i pé tráthchoda no ar pé slí eile a haontófar fé réir ceada ón Aire, ach ní bheidh ráta an úis níos mó ná deich scillinge os cionn an ráta ar a bhféadfidh an Bárdas ar dháta an roimh-íoca airgead d'fháil ar iasacht chun na críche sin agus beidh téarma an aisíoctha ina théarma nách sia ná an téarma gur féidir don Bhardás iasacht d'fháil mar sin ina chóir: Ach i gcás roimh-íoc roinnt suimeanna ina gceann is 'na gceann, beidh ag na forálacha san roimhe seo, a bhaineann le téarma an aisíoctha agus le ráta an úis, maidir le gach suim fé leith a roimh-íocfar éifeacht fé is dá mba roimh-íoc fé leith an tsuim sin: Agus fós, féadfidh an t-iasachtaí a mbeidh aon uair gan aisíoc d'aon roimh-íoc den tsórt san, no aon chuid de sin, eadhon, caoga púnt no iolrú ar chaoga púnt, d'aisíoc tar éis fógra sé mhí do thabhairt i scríbhinn don Bhárdas.

[EN]

(4) Fé réir forálacha an Achta so, déanfar aisíoc an roimhíoca agus an úis mar adubhradh do chur in áirithe tré mhorgáiste ar ionad an tighe no an foirginte i pé fuirm a cheadóidh an tAire. Féadfar forálacha do chur sa mhorgáiste sin chun a údarú go ndéanfar den roimh-íoc roinnt suimeanna a híocfar ina gceann is 'na gceann fé mar a bheidh obair na hath-thógála no na hathnuachainte ag dul ar aghaidh agus chun a chur in áirithe gur in íoc costaisí na hoibre sin a húsáidfar an roimh-íoc agus féadfar pé forálacha eile do chur ann is dó leis an Aire is gá, agus ní roimh-íocfar aon airgead mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh an tAire a dheimhniú gur deimhin leis gur leor mar urraíocht ar aisíoc an roimh-íoca luach an estáit no an leasa a cuirfar in áirithe tríd an morgáiste agus, an teideal chun an estáit no chun an leasa a cuirfar in áirithe amhlaidh, gur teideal é 'na mbeadh gnáth-mhorgáistí toilteannach chun é ghlaca: Ach ní dhéanfidh an tAire deimhniú do thabhairt amach fén bhfo-alt so gan fógra thabhairt don Bhárdas go bhfuil sé chun an deimhniú san do thabhairt amach agus gan breithniú do dhéanamh ar pé aithris chúise a dhéanfid ina thaobh san.

[EN]

(5) Féadfidh an Bárdas gach comhacht agus leigheas a luaidhtear sa mhorgáiste no atá i dtuisgint ann do réir dlí d'fheidhmiú chun colann agus ús an airgid do bhaint amach.

[EN]

(6) Ní diúltófar d'iarratas ag iarraidh roimh-íoca do réir forálacha an ailt seo, ach amháin sa chás agus sa mhéid nách féidir don Bhárdas dar leis an Aire Airgid airgead d'fháil ar iasacht chun na críche sin ar théarmaí réasúnta.

[EN]

(7) San alt so cialluíonn an focal “unaereacht,” maidir le hionad tighe no foirginte, pé leas no cnuasacht de leasanna a dhineann suas estát bith-dhílse no feirm-dhílse ar seilbh no leas gabháltas-ar-léas ar seilbh fé léas síor-ionathnuachainte ar feadh saolta no blianta no fé léas ar feadh téarma 'na mbeidh nocha bliain de ar a luíod gan caitheamh ar dháta an mhorgáiste.

[EN]

Urraíocht ar iasachtaí tré ordú muirir.

6.—(1) I gcás duine gur mian leis roimh-íoc d'fháil fén alt deiridh sin roimhe seo agus, mar gheall ar theideal lochtach no nea-dhóthanacht a estáit no a leasa san ionad no nea-dhóthanacht luach an estáit no an leasa san, ná fuil sé i gcothrom chun aisíoc an roimh-íoca do réir forálacha an ailt sin do chur in áirithe agus, na daoine eile gur gá có-aontú uatha chun an locht no an nea-dhóthanacht do leigheas no do chur ar neamh-ní, nách féidir dóibh no nách fonn leo a gcó-aontú do thabhairt chun an roimh-íoc d'urrú, féadfa sé ordú d'iarraidh ar Bhreitheamh den Ard-Chúirt chun aisíoc an roimh-íoca maraon le hús do chur mar mhuirear ar únaereacht an ionaid agus ar aon leas ann.

[EN]

(2) Ar fháil aon iarratais den tsórt san do, féadfidh an Breitheamh a ordú go ndéanfar pé fiosrúcháin agus rannsúcháin is ceart, dar leis, chun an teideal chun únaereacht an ionaid agus luacha na n-estát agus na leasanna iomdha ann do dhéanamh amach agus, tar éis caoi do thabhairt do gach éinne le n-a mbaineann an scéal ar éisteacht d'fháil, má chítar do go raghadh an roimh-íoc chun tairfe d'estáit no do leasanna eile chó maith le hestát no leas an iarratasóra agus gur leor na hestáit agus na leasanna san uile le chéile mar urraíocht ar an roimh-íoc féadfa sé ordú do dhéanamh chun aisíoc an roimh-íoca maraon le hús do chur mar mhuirear ar na hestáit agus ar na leasanna san uile agus ar gach ceann acu, agus leis an ordú gcéanna no le haon ordú eile féadfa sé an roimh-íoc, an t-ús, agus na tráth-choda do roinnt ar na hestáit agus ar na leasanna iomdha fé mhuirear do réir an tairfe a thiocfidh as an roimh-íoc d'únaerí na n-estát agus na leasanna san fé seach.

[EN]

(3) Fé réir na dteorann a forchuirtar leis an alt deiridh sin roimhe seo, beidh méid an roimh-íoca, an ráta úis, agus téarma agus modh an aisíoctha fé mar is toil leis an mBreitheamh.

[EN]

(4) Féadfar foráil do chur san ordú muirir chun a chur in áirithe gur chun costaisí obair na haththógála no na hathnuachainte d'íoc a cuirfar an roimh-íoc agus chun íoc costaisí nithe eile gur ceart dar leis an mBreitheamh socrú dhéanamh ina gcóir.

[EN]

(5) Beidh ordú muirir éifeachtúil chun muirear do chur ar gach estát agus leas adeirtear a bheith fé mhuirear an roimhíoc d'aisíoc maraon le hús, leis an mBárdas, agus san ar an gcuma a foráltar ann agus mar chéad-mhuirear go mbeidh tosach aige ar gach muirear agus ualach ortha.

[EN]

(6) Má dhineann an Breitheamh ordú roinneacháin féadfa sé, más oiriúnach leis é, a fhaisnéis maidir le hiomlán colann agus ús an airgid agus na tráth-choda a bheidh iníoctha de thurus na huaire fén ordú muirir, gurb iad daoine a íocfidh iad agus o na mbeid ionfhálta ná, i dtosach bára, an mhuintir gur leo de thurus na huaire aon estát no leas atá san ionad agus a luadhfa sé, agus féadfa sé, ar pé slí a chífar do bheith cothrom, forálacha dhéanamh i dtaobh rann-íoc agus ceartú ceartanna agus fiachaisí idir na hestáit agus na leasanna iomdha fé mhuirear agus idir na daoine iomdha gur leo iad de thurus na huaire.

[EN]

(7) Beidh comhacht ag an mBreitheamh chun fiachas aon mhuirir no ualaigh do roinnt a bhaineann le haon tailte, estáit no leasanna eile chó maith leis na tailte, na hestáit, agus na leasanna a cuirfar no a beartófar a chur fé mhuirear fén alt so, agus comhacht chun forálacha dhéanamh i dtaobh rann-íoc idir na tailte, na hestáit agus na leasanna ionmhuirir agus ceartú ceartanna agus fiachaisí (maraon le slanaíochta) maidir leis an gcó-ionmhuirearacht fé mar a chífar do bheith cothrom.

[EN]

(8) Beidh comhacht ag an mBreitheamh chun a fháil amach, ar pé slí is dó leis is ceart, cadiad na faoisimh agus na cirt (más ann dóibh) a bhaineann no a ghabhann le haon tailte, estát no leas a cuirfar no a beartófar a chur fé mhuirear fén alt so, agus chun gach ceann no aon cheann de sna faoisimh agus de sna cirt sin do léiriú agus chun gach ceist agus éileamh a eireoidh i dtaobh aon cheann de sna faoisimh no na cirt, no aon bhrise isteach no sárú a dineadh no a meastar a déanfar ar an gcéanna, d'éisteacht agus an bhreith dheiridh do thabhairt ortha agus chun feitheamh do chur ar imeachta in aon chúirt i dtaobh aon bhrise isteach no sárú den tsórt san.

[EN]

(9) Chun crícheanna an ailt seo beidh ag an mBreitheamh gach comhacht agus údarás den tsórt atá dílsithe san Ard-Chúirt no in aon roinn, cúirt no breitheamh di, no atá infheidhmithe ag an gcéanna, fé aon achtacháin no rialacha a cuirfar i mbaint, chun na gcrícheanna roimhráite, tré rialacha a déanfar fén alt so, agus féadfa sé iad d'fheidhmiú.

[EN]

(10) Féadfidh an Breitheamh aon ordú a dineadh fén alt so d'ath-scrúdú, do chur ar neamh-ní no d'atharú ach ní féadfar athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh aon ordú den tsórt san agus ní déanfar aon imeachta a bheidh os cóir an Bhreithimh fén alt so d'aistriú chun aon chúirte ná ní dhéanfidh aon chúirt srian do chur leo ná iad do chur in amhrus.

[EN]

(11) Féadfar a shocrú idir an Prímh-Bhreitheamh agus Coimisiún Talmhan na hÉireann go ndéanfidh oifigigh do Choimisiún Talmhan na hÉireann, i gcásanna práinne, aon dualgaisí fén alt so a ordóidh an Prímh-Bhreitheamh do chó líona, agus có-líonfid na hoifigigh sin na dualgaisí sin dá réir sin.

[EN]

(12) Féadfidh an Prímh-Bhreitheamh rialacha dhéanamh chun na forálacha san roimhe seo den alt so do chur in éifeacht agus, leis na rialacha san, féadfa sé an cleachta agus an nós-imeachta fén alt so (maraon le costaisí) do regleáil, agus chuige sin féadfa sé oriúnú do dhéanamh ar aon achtacháin no rialacha le n-a regleáltar cleachta agus nós-imeachta san Ard-Chúirt no in aon roinn no cúirt di.

[EN]

(13) Chun ordú muirir a dineadh fén alt so d'fheidhmiú beidh ag an mBárdas i dteanta aon chomhachtanna agus leighseanna eile atá acu chuige sin, gach comhacht agus leigheas a bronntar ar mhorgáistithe leis na Conveyancing Acts, 1881 to 1911, agus féadfid iad d'fheidhmiú, agus bainfidh na hAchtanna san leis an gcás dá réir sin fé is dá mba mhorgáiste a déanfí le dintiúir an t-ordú.

[EN]

(14) Beidh sé de dhualgas ar an mBárdas a chur fé ndeár gach ordú murir do chlárú láithreach i gclár a cimeádfar ina chóir sin in Oifig Clárathachta na nDintiúirí agus cimeádfar an clár san dá réir sin agus déanfar clárú ann ar pé slí a hordófar le rialacháin a dhéanfidh an Prímh-Bhreitheamh agus an clárú a déanfar ar ordú do réir na rialachán san beidh sé in ionad clárú fé aon achtacháin a bhaineann le clárú agus an t-ordú agus an muirear a cruthnófar leis sin beid saor dá réir sin o fhorálacha aon achtachán den tsórt san.

[EN]

Sna rialacháin a déanfar fén bhfo-alt so féadfar—

[EN]

(a) socrú do dhéanamh chun an clár do bheith nochtuithe chun é iniúcha ar gach tráth réasúnta, agus chun deimhnithe do thabhairt amach i dtaobh orduithe a cláruíodh agus i dtaobh iontrálanna i dtaobh aon tailimh. estáit no leasa áirithe;

[EN]

(b) a ordú (fé réir ceada ón Aire Airgid) cadiad na táillí a féadfar a éileamh ar iniúcha no ar dheimhnithe, agus cadé an modh ina ndéanfar na táillí d'úsáid agus cuntas do thabhairt ortha;

[EN]

(c) socrú i dtaobh aon nithe eile gur ceart, dar leis an bPrímh-Bhreitheamh, socrú do dhéanamh ina dtaobh.

[EN]

(15) Sé Breitheamh dá dtagartar san alt so ná an Breitheamh den Ard-Chúirt ar a gcuirfidh an Prímh-Bhreitheamh mar dhualgas údarás d'fheidhmiú fén alt so.

[EN]

An Bárdas d'fháil áitreabhacha tréigthe.

7.—(1) Aon uair tar éis deire dhá bhliain o am rithte an Achta so má chítar don Aire, ar fháil iarratais ón mBárdas, ná fuil tosnuithe—

[EN]

(a) ar thigh no foirgint a díthíodh no a loiteadh le linn an bhuairimh a bhí ann le déanaí d'ath-thógáil ná d'athnuachaint, no

[EN]

(b) ar fhoirgint do chur as an slí ná ar fhoirgint nua do thógáil ná ar aon athdhéanamh ná atharú ar fhoirgint is gá do réir ordú ón Aire fé fhorálacha alt 4 den Acht so,

[EN]

no, cé gur tosnuíodh air, gur scuireadh de, féadfidh an tAire, maran deimhin leis go gcríochnófar an ath-thógáil no an athnuachaint laistigh d'aimsir réasúnta, ordú do dhéanamh á ordú go ndíolfidh an Bárdas ar ceaint phuiblí gach ceann no aon cheann de sna leasanna in ionad an tighe no na foirginte sin, agus go bhféadfidh an Bárdas, má gheibhid ar an ionad san tairisgint is dó leo féin agus leis an Aire a bheith sásúil, na leasanna a díoladh amhlaidh do leithliú chun an cheannathóra fé réir oblagáide foirgint oiriúnach do thógáil ar an ionad san laistigh de dhá bhliain tar éis dáta an leithlithe sin.

[EN]

(2) Cuirfar i mBanc na hÉireann, chun creidiúna d'Ard-Chuntasóir Shaorstáit Éireann, an t-airgead ceannaigh a thiocfidh as an díol san agus féadfidh na daoine go mbeidh teideal acu chun na leasanna a díoladh amhlaidh é tharrang amach fé mar is féidir airgead a lóisteáltar sa chúrt fé sna Lands Clauses Acts do tharrang amach, ach amháin ná beidh aon chostaisí iníoctha ag an mBárdas ar scór tarrang-amach an airgid sin.

[EN]

(3) Ar pé cuma agus tar éis foillsiú agus seirbheáil pé fógraí a ordóidh an tAire isea dhéanfidh an Bárdas iarrataisí chun an Aire fén alt so, agus sara ndéanfidh an tAire ordú fén alt so breithneoidh sé aon agóidí ina choinnibh sin a dhéanfidh aon daoine go bhfuil leas acu san ionad.

[EN]

(4) Athghairmtear leis seo alt 5 den Dublin Reconstruction (Emergency Provisions) Act, 1916, agus ina ionad san bainfidh forálacha an ailt seo le gach tigh, foirgint agus ionad le n-a mbainfadh san t-alt san dá mba ná déanfí é a athghairm ach amháin go ndéanfar, cun críche na bainte sin, rith an Dublin Reconstruction (Emergency Provisions) Act sin, 1916, do chur in ionad rith an Achta so.

[EN]

Luacháil áitreabhacha a loiteadh.

8.—In aon luacháil a thiocfidh i bhfeidhm roimh an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, 1930, ní féadfar aon ionoighreachta ná tionóntachán ar a raibh aon fhoirgint no tigh a díthíodh tógtha, ná aon fhoirgint no tigh den tsórt san nuair a bheidh sé ath-thógtha, do luacháil fé sna Irish Valuation Acts ar shuim níos mó ná an luacháil a bhí i bhfeidhm ar an gcéad lá d'Abrán, 1922.

[EN]

Saoirse shealadach o rátaí ar áitreabhacha a loiteadh.

9.—Roimh an 31adh lá de Mhárta, 1926, ní déanfar aon fhoirgint ná tigh a díthíodh, ná an talamh ar a raibh an céanna ina sheasamh, do mheas i gcóir ráta áitiúla ná ní féadfar é chur fén gcéanna, maran ráta é díobh san a leagfar ar fhoirgintí sealadacha, agus ar fháil fógra i dtaobh foirgint shealadach do thógáil ar aon talamh den tsórt san beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Luachála luacháil do dhéanamh ar an bhfoirgint shealadach san agus do chur ag triall ar an mBárdas, agus is do réir na luachála san a measfar an talamh san agus an fhoirgint shealadach san i gcóir na rátaí reatha faid a bheidh an fhoirgint shealadach san ar an talamh san.

[EN]

Forálacha i dtaobh ceadúnaisí.

10.—I gcás aon tighe tabhairne, tighe ósta, no áitreibh eile cheadúnuithe i gCathair Bhaile Atha Cliath, a díthíodh no a loiteadh le linn an bhuairimh a bhí ann le déanaí, agus go bhfuil stop le gnó ann, dá dheascaibh sin, ar feadh tréimhse na hath-dhéanmhachta no na hath-thógála, tuigfar an ceadúnas (chun crícheanna a athnuachainte agus chun crícheanna aon deimhnithe is gá chun é athnuachaint ach ní chun aon chríche eile) do bheith ag leanúint i bhfeidhm go dtí an uair a bheidh an athnuachaint no an ath-thógáil sin críochnuithe, agus do bheith dílsithe sa té go bhfuil teideal aige chun an áitreibh sin do réir dlí, agus aon deimhniú o ghiúistísí is gá chun an ceadúnas d'athnuachaint féadfidh an duine sin é iarraidh, agus féadfidh an chúirt an t-iarratas san do bhreithniú, bíodh nách chun an ghearr-shiosóin bhliantúla cheadúnais a déanfí an t-iarratas san. Aon deimhniú, i dtaobh riara an ghnótha, is gá chun crícheanna athnuachaint an cheadúnais, isé saghas deimhniú a bheidh ann ná ceann i dtaobh riara an ghnótha i gcaitheamh na tréimhse idir dáta na hathnuachainte deiridh agus díthiú no lot an áitreibh, agus tuigfar na Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905, do bheith leasuithe dá réir sin.

[EN]

Leathanú ar an Town Tenants (Ireland) Act, 1906.

11.—I gcás foirgint i gCathair Bhaile Atha Cliath, a díthíodh no a loiteadh le linn an bhuairimh a bhí ann le déanaí, do bheith ar seilbh fé léas ar feadh téarma de bhlianta gur mó ná cúig bliana agus gur 1ú ná bliain is tríocha an méid a bhí gan caitheamh díobh ar dháta an díthithe no an loitithe sin, bainfidh alt a cúig den Town Tenants (Ireland) Act, 1906 (a bhaineann le cúiteamh i gcur-isteach mí-réasúnta) leis an bhfoirgint nuair a bheidh sí ath-thógtha no athnuaite, fé mar a bhaineann sé le foirgint ar seilbh fé léas a dineadh tar éis rithte an Achta san ar feadh téarma ba 1ú ná bliain is tríocha.

[EN]

Costaisí agus fáil iasachtaí, etc.

12.—(1) Amach as an ráta no as an gciste is féidir a úsáid chun crícheanna na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, isea a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an Bárdas i bhfeidhmiú an Achta so, agus féadfidh an Bárdas iasachtaí d'fháil chun aon chríche de chrícheanna an Achta so fé mar a fhéadfidís iasachtaí d'fháil chun crícheanna na nAcht san, ach ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh d'áireamh mar chuid d'fhiacha an Bhárdais do réir brí na teorann a cuirtar le fáil iasachtaí le fo-alt (2) d'alt a dhá chéad a hocht is tríocha den Public Health (Ireland) Act, 1878.

[EN]

(2) Ní déanfar dleathacht imeachta an Bhárdais i bhfeidhmiú an Achta so do chur in amhras ar an scór so amháin: nár cólíonadh a n-iarrtar le haon cheann áirithe de bhuan-orduithe an Bhárdais.

[EN]

Léiriú agus go generálta.

13.—(1) San Acht so, mara n-éilíonn an có-theacs a mhalairt— go dtí go dtiocfidh Cuid I. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, i ngníomh, folóidh an focal “Ard-Chúirt” an Ard-Chúirt a bheidh ag obair de thurus na huaire i Saorstát Éireann;

[EN]

cialluíonn an focal “an buaireamh a bhí ann le déanaí” an choinbhliocht a bhí laistigh de Chathair Bhaile Atha Cliath i rith na bliana 1922 idir fhórsaí armtha Rialtas Sealadach na hÉireann agus daoine a throid i gcoinnibh na bhfórsaí sin le hairm agus foluíonn sé gach gníomh a bhain leis an gcoinbhliocht san;

[EN]

cialluíonn an focal “Aire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire;

[EN]

foluíonn an focal “ionad” foirgintí agus déanmhachtaí eile air no ann no fé; agus

[EN]

foluíonn an focal “foirgintí” tithe.

[EN]

(2) Sa mhéid go mbaineann sé le fiosrúcháin áitiúla, déanfar Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, d'fheidhmiú chun crícheanna an Achta so fé mar a feidhmeofí é chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1898.

[EN]

(3) Faisnítear leis seo ná dineann éinní san Acht so difir d'aon talamh, estát, leas ná ceart is le Saorstát Éireann no atá dílsithe in aon oifigeach no cólucht puiblí ar iontaoibh i gcóir na seirbhíse puiblí no chun crícheanna puiblí.

[EN]

Gearr-theideal.

14.—Féadfar an tAcht um Ath-Dhéanamh i mBaile Atha Cliath (Forálacha Ocáideacha), 1924, do ghairm den Acht so.

[EN]

SCEIDEAL.

FORALACHA I dTAOBH AN BHARDAIS D'FHAIL TAILIMH GO HEIGEANTA.

1.—Má bhíonn an Bárdas ar aigne talamh do cheannach no do mhalairtiú go héigeanta fén Acht so féadfid ordú do chur fé bhráid an Aire á údarú don Bhárdas go gcuirfidís i bhfeidhm, maidir leis an talamh a luaidhtear san ordú, na forálacha de sna Lands Clauses Acts i dtaobh talamh do cheannach agus do thógaint ar shlí eile seachas tré chonnra agus na forálacha den Acht so i dtaobh malairtiú, do reir mar is gá sa chás.

2.—Beidh ordú fén Sceideal so gan brí mara ndinidh agus go dtí go ndéanfidh an tAire é dhaingniú agus féadfidh an tAire an t-ordú do dhaingniú gan é atharú no fé réir pé atharuithe is oiriúnach leis, agus nuair a bheidh ordú daingnithe amhlaidh agus i gceann mí tar éis foillsiú fógra i dtaobh a dhaingnithe ní bheidh dul thar an ordú san agus beidh éifeacht aige fé mar a hachtófí san Acht so é ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Sceideal so; agus beidh daingniú an Aire air ina fhianaise dho-chlaoite ar a n-iarrtar leis an Acht so do bheith có-líonta agus ar an ordú bheith déanta go cuibhe agus bheith laistigh de chomhachtanna an Achta so.

3.—Beidh an t-ordú sa bhfuirm orduithe, agus beidh ann pé forálacha a ordóidh an tAire chun an t-ordú do chur in éifeacht agus, fé réir na n-atharuithe is gá, beidh na Lands Clauses Acts ionchorporuithe ann fé mar a mínítear iad sa Sceideal so.

4.—Nuair a cuirfar an t-ordú fé bhráid an Aire foillseoidh an Bárdas ar an gcuma orduithe fógra i dtaobh an orduithe, agus tabharfar an fógra san sa chomhursanacht ina bhfuiltar chun an talamh d'fháil no do mhalairtiú agus d'únaerí, do léasuithe agus do shealbhóirí an tailimh sin fé mar a hordófar.

5.—Más rud é, laistigh de mhí tar éis foillsiú fógra an orduithe, ná déanfidh éinne go bhfuil leas aige sa talamh agóid i gcoinnibh an orduithe do thíolaca don Aire, no má bhíonn gach agóid den tsórt san tarraingthe siar, féadfidh an tAire, gan a thuille fiosrúcháin do dhéanamh, an t-ordú do dhaingniú, ach má tíolacadh a leithéid d'agóid agus nár tarraingeadh siar í, ordóidh an tAire láithreach fiosrúchán áitiúil do dhéanamh féachaint ar cheart an t-ordú do dhaingniú agus leigfar don Bhárdas teacht i láthair agus éisteacht d'fháil ag an bhfiosrúchán agus do gach éinne go bhfuil leas acu sa talamh, agus do pé daoine eile gur ceart é cheadú dhóibh do réir breithiúntas-an té a bheidh i mbun an fhiosrúcháin. Sara ndaingneoidh sé an t-ordú breithneoidh an tAire an tuarasgabháil a thabharfidh an té a bhí i mbun an fhiosrúcháin agus gach agóid a cuireadh i gcoinnibh an orduithe sa bhfiosrúchán.

6.—Ar dhaingniú ordú dho, foillseóidh an tAire fógra láithreach gur dineadh an daingniú, agus más rud é, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an fhoillsithe sin, go bhfuighidh an tAire achuinge i gcoinnibh an orduithe agus í sighnithe ag seisear ar a luíod go bhfuil leas acu sa talamh, ansan (mara ndintar an achuinge do tharrang siar laistigh den tréimhse orduithe) ní bheidh an t-ordú ach ina ordú shealadach agus ní bheidh éifeacht aige mara ndaingnighidh an tOireachtas é.

Beidh deimhniú ón Aire ar gan aon achuinge den tsórt san a bheith fachta, no ar gach achuinge a fuaradh amhlaidh do bheith tarraingthe siar, pe'ca aca é, agus ar an ordú bheith tar éis teacht in éifeacht, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na dátáin a bheidh deimhnithe ann.

7.—Más ionad, no cuid d'ionad, an talamh, d'fhoirgint no d'fhoirgintí gur dhin breitheamh tuairisc ina taobh no ina dtaobh fé alt 15 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923), déanfidh an moltóir a ceapadh chun cúiteamh do shocrú, i dteanta aon tsocrú a dhéanfa sé chun na críche sin, a shocrú agus a cheapa, leis, cad is luach don talamh san gan an fhoirgint no na foirgintí sin air agus san fé is dá mba ná déanfí an tuairisc sin.

8.—Nuair a bheidh an moltóir á shocrú cá mhéid cúiteamh is iníoctha le héinne go bhfuil leas aige sa talamh, cuimhneoidh sé ar an méid tairfe a déanfar d'aon talamh no ionoighreachtaí có-theoranta no comhursanachta, go bhfuil leas ag an duine céanna ann leis, de bhárr na leasuithe a dhéanfidh an Bárdas ar no mar gheall ar an talamh a tógadh no aon talamh có-theoranta no comhursanachta.

9.—Nuair a bheidh léiriú á dhéanamh, chun crícheanna an Sceidil seo no chun crícheanna aon ordú a dineadh fé, ar aon achtachán a hionchorporuíodh san ordú, tuigfar gurb é an tAcht so, maraon leis an ordú nuair a bheidh sé daingnithe go cuibhe, an tAcht speisialta no an tAcht daingniúcháin pe'ca aca is gá sa chás, agus gurb é daingniú cuibhe an orduithe rith an Achta dhaingniúcháin, agus gurb é an tAire an t-údarás daingniúcháin, agus gurb é an Bárdas bunathóirí an ghnótha, an chuideachta, an t-údarás áitiúil no an chomhairle cheanntair pe'ca aca is gá sa chás.

10.—Sa Sceideal so cialluíonn an focal “Lands Clauses Acts” na Lands Clauses Acts mar a leasuíodh iad le halt a hocht den Public Health (Ireland) Act, 1896.