[EN]

Uimhir 24 de 1925.


[EN]

ACHT UM FHIANAISE SCRÍBHINNE, 1925.


ACHT CHUN MODH CRUTHUITHE SCRÍBHINNÍ OIFIGIÚLA DO REGLEÁIL, CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN CIONTAÍ A BHAINEAS LE SCRÍBHINNÍ OIFIGIÚLA DO PHIONÓSÚ, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [3adh Iúl, 1925.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Brí “Oifig an tSoláthair.”

1.—San Acht so agus i ngach Acht eile den Oireachtas cialluíonn an focal “Oifig an tSoláthair” agus, i gcás Achta a ritheadh roimh an Acht so, tuigfar gur chialluigh sé riamh an Oifig Sholáthair a bunuíodh agus a coinnítear suas ag Rialtas Shaorstáit Éireann.

[EN]

Cruthú ar Achtanna den Oireachtas.

2.—Féadfar fianaise prima facie ar an Acht so no ar aon Acht eile den Oireachtas, puiblí no príobháideach, pe'ca roimh rith an Achta so no ina dhiaidh sin a ritheadh é, no ar Chinn-lae Imeachta aon Tighe den Oireachtas, do thabhairt i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlí tré chóip den Acht no den Chinnlae sin a clóbhuaileadh fé stiúra no fé údarás Oifig an tSoláthair, agus d'fhoillsigh an Oifig sin, do thaisbeáint.

[EN]

Cruthú ar fhurógraí agus ar orduithe áirithe.

3.—Féadfar fianaise prima facie ar aon fhurógra, ordú no scríbhinn oifigiúil eile a tugadh amach no a dineadh ag an Seanascal ar chomhairle na hArd-Chomhairle, agus ar aon fhurógra a tugadh amach ag an Ard-Chomhairle, do thabhairt i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlí i ngach slí no in aon tslí dá luaidhtear ina dhiaidh seo anso, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré chóip do thaisbeáint den Iris Oifigiúil a thugann le tuisgint go bhfuil an furógra, an t-ordú no an scríbhinn oifigiúil eile sin inti; no

[EN]

(b) tré chóip den bhfurógra, den ordú no den scríbhinn oifigiúil eile sin a clóbhuaileadh fé stiúra no fé údarás Oifig an tSoláthair agus d'fhoillsigh an Oifig sin do thaisbeáint; no

[EN]

(c) tré chóip den bhfurógra, den ordú no den scríbhinn eile sin, no sliocht as, do thaisbeáint, cóip no sliocht a thugann le tuisgint go bhfuil a dhílse deimhnithe ag Rúnaí na hArd-Chomhairle no ag oifigeach éigin eile den Ard-Chomhairle go bhfuil údarás aige chuige sin ón Uachtarán.

[EN]

Cruthú ar rialacha, ar rialacháin agus ar fho-dhlithe.

4.—(1) Féadfar fianaise prima facie ar aon rialacha, orduithe, rialacháin, no fo-dhlithe le n-a mbaineann an t-alt so do thabhairt i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlí tré chóip do thaisbeáint den Iris Oifigiúil a thugann le tuisgint go bhfuil na rialacha, na horduithe, na rialacháin, no na fo-dhlithe sin inti, no tré chóip de sna rialacha, na horduithe, na rialacháin, no na fo-dhlithe sin a clóbhuaileadh fé stiúra no fé údarás Oifig an tSoláthair, agus d'fhoillsigh an Oifig sin, do thaisbeáint.

[EN]

(2) Baineann an t-alt so le gach riail, ordú, rialachán agus fodhlí a dineadh fé údarás aon Reachta Bhriotáinigh no aon Achta den Oireachtas—

[EN]

(a) ag an Seanascal ar chomhairle na hArd-Chomhairle, no

[EN]

(b) ag an Ard-Chomhairle, no

[EN]

(c) ag Aire, no

[EN]

(d) ag aon chólucht reachtúil, corpruithe no nea-chorpruithe, a fheidhmíonn ar fuaid iomlán Shaorstáit Éireann aon fheidhm rialtais no a chó-líonann ar fuaid iomlán Shaorstáit Éireann aon dualgaisí puiblí a bhaineann le riarachán puiblí.

[EN]

Tuigfar gurb í Oifig an tSoláthair a dhin an clóbhuala agus an foillsiú.

5.—(1) Gach cóip d'Acht den Oireachtas, d'fhurógra, d'ordú, de riail, de rialachán, d'fho-dhlí, no de scríbhinn oifigiúil eile a thugann le tuisgint gurb í Oifig an tSoláthair atá á foillsiú no gur fé údarás Oifig an tSoláthair atáthar á foillsiú, tuigfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur fé stiúra agus fé údarás Oifig an tSoláthair a clóbhuaileadh í agus gurb í an Oifig sin d'fhoillsigh í.

[EN]

(2) Má foráltar le hAcht den Oireachtas, pe'ca roimh rith an Achta so no ina dhiaidh sin a ritheadh é, go mbeidh cóip d'aon fhurógra, ordú, riail, rialachán, fo-dhlí, no scríbhinn oifigiúil eile ina fianaise dho-chlaoite no ina fianaise prima facie, no ina fianaise, no go mbeidh aon éifeacht eile aici, nuair a thugann sí le tuisgint gur fé stiúra agus fé údarás, no fé stiúra, no fé údarás, Oifig an tSoláthair a clóbhuaileadh í, beidh an chóip sin, leis, ina fianaise dho-chlaoite, no ina fianaise prima facie, no ina fianaise, no beidh an éifeacht san aici (pe'ca aca is gá sa chás), má thugann sí le tuisgint gurb í Oifig an tSoláthair d'fhoillsigh í no gur le húdarás Oifig an tSoláthair a foillsíodh í.

[EN]

Ciontaí agus pionóisí

6.—(1) Gach éinne a chlóbhuailfidh no a fhoillseoidh aon chóip d'Acht den Oireachtas no aon chóip d'fhurógra, d'ordú, de riail, de rialachán, d'fho-dhlí, no de scríbhinn oifigiúil eile a dineadh no a tugadh amach—

[EN]

(a) ag an Ard-Chomhairle, no

[EN]

(b) ag an Seanascal ar chomhairle na hArd-Chomhairle, no

[EN]

(c) ag aon Aire atá ina cheann ar Roinn Stáit a bunuíodh leis an Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924), no

[EN]

(d) ag aon chólucht, corpruithe no nea-chorpruithe, a fheidhmíonn ar fuaid iomlán Shaorstáit Éireann aon fheidhm rialtais no a chó-líonann ar fuaid iomlán Shaorstáit Éireann aon dualgaisí puiblí a bhaineann le riarachán puiblí,

[EN]

cóip a thabharfidh le tuisgint go bréagach, gur fé stiúra no fé údarás Oifig an tSoláthair a clóbhuaileadh í no gurb í Oifig an tSoláthair d'fhoillsigh í no gur le húdarás na hOifige sin a foillsíodh í, beidh sé ciontach i bhfeleontacht agus ar a chiontú inti féadfar é chur fé phian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná seacht mbliana no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

[EN]

(2) Gach éinne a chlóbhuailfidh no a fhoillseoidh aon scríbhinn a thugann le tuisgint gur cóip d'Acht den Oireachtas í no d'aon fhurógra, ordú, riail, rialachán, fo-dhlí no scríbhinn oifigiúil eile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus atá in aon phonc táchtach (pe'ca tré chur léi, no tré fhágaint-ar-lár, no ar shlí eile) gan bheith ina cóip dhílis den Acht no den scríbhinn sin, beidh sé ciontach i bhfeleontacht agus ar a chiontú inti féadfar é chur fé phian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná seacht mbliana no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

[EN]

(3) Má thairgeann éinne mar fhianaise in aon Chúirt Bhreithiúnais no in aon imeachta dlí cóip d'aon Acht den Oireachtas no d'aon ordú, riail, rialachán, fo-dhlí, no scríbhinn oifigiúil eile den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, cóip a thugann le tuisgint agus go gcuirfidh an duine sin in úil gur fé stiúra no fé údarás Oifig an tSoláthair a clóbhuaileadh í no gurb í Oifig an tSoláthair d'fhoillsigh í no gur le húdarás na hOifige sin a foillsíodh í agus, go bhfios don duine sin, nár clóbhuaileadh amhlaidh í no nár foillsíodh amhlaidh í, beidh an duine sin ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé phian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

[EN]

(4) Má thairgeann éinne mar fhianaise in aon Chúirt Bhreithiúnais no in aon imeachta dlí scríbhinn a thugann le tuisgint agus go gcuirfidh an duine sin in úil gur cóip d'Acht den Oireachtas í no d'aon fhurógra, ordú, riail, rialachán, fo-dhlí, no scríbhinn oifigiúil eile den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so agus atá, in aon phone táchtach (pe'ca tré chur léi, no tré fhágaint-arlár, no ar shlí eile) agus go bhfios don duine sin, gan bheith ina cóip dhílis den Acht no den scríbhinn sin, beidh an duine sin ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé phian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

[EN]

Deimhniú scríbhinní oifigiúla fén Acht Airí agus Rúnaithe, 1924.

7.—(1) Féadfidh Aire atá ina cheann ar Roinn Stáit a bunuíodh fén Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924), údarás do thabhairt, aon tráth no tráthanna, do bhreis agus éinne amháin chun séala an Aire sin do dheimhniú le n-a shighniú agus má thugann aon Aire den tsórt san an t-údarás san do bhreis agus éinne amháin beidh séala an Aire deimhnithe a dhóthin chun crícheanna fo-alt (1) d'alt 15 den Acht san má bhíonn sé deimhnithe le sighniú duine de sna daoine atá údaruithe amhlaidh de thurus na huaire.

[EN]

(2) Féadfidh aon Aire den tsórt san roimhráite údarás do thabhairt, aon tráth no tráthanna, do bhreis agus oifigeach amháin dá Roinn Stáit chun orduithe agus instruimidí do dheimhniú fé fho-alt (4) d'alt 15 den Acht roimhráite agus, má tugtar údarás amhlaidh do bhreis agus oifigeach amháin den tsórt san, is leor sighniú éinne amháin de sna hoifigigh atá údaruithe amhlaidh de thurus na huaire mar dheimhniú ar aon ordú no instruimid is féidir a dheimhniú fén bhfo-alt san le sighniú an Aire sin.

[EN]

(3) Tuigfar go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme an Achta san Airí agus Rúnaithe, 1924.

[EN]

Feidhmiú Reachtanna Briotáineacha áirithe.

8.—Ní bhainfidh an Evidence Act, 1845, an Documentary Evidence Act, 1868, ná an Documentary Evidence Act, 1882, le haon scríbhinn le n-a mbaineann an tAcht so ach i ngach slí eile leanfidh na hAchtanna san den bhfeidhm agus den éifeacht chéanna do bheith acu do bhí acu fé seach díreach roimh rith an Achta so.

[EN]

Gearr-theideal.

9.—Féadfar an tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925, do ghairm den Acht so.