[EN]

Uimhir 24 de 1930.


[EN]

ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1930.


ACHT CHUN LEATHNÚ DO DHÉANAMH AR AN TEORA AMA A FORCHUIRTEAR TRÍD AN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1929, LE TABHAIRT URRAÍOCHTAÍ AGUS IASACHTAÍ FÉN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT), 1924, AGUS CHUN A CHUR AR CHUMAS AN AIRE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA TEORA DO CHUR LEIS AN AM GUR LAISTIGH DE A FÉADFAR IARRATAISÍ AR NA hURRAIOCHTAÍ SIN AGUS AR NA hIASACHTAÍ SIN DO DHÉANAMH. [8adh Iúl, 1930.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 (Uimh. 41 de 1924).

[EN]

An t-am i gcóir urraíochtaí, etc., fén bPríomh-Acht do leathnú.

2.—(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1929 (Uimh. 27 de 1929) agus ina ionad san achtuítear leis seo ná tabharfar aon urraíocht fé alt 1 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1931.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1929, adubhradh, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná deonfar aon iasacht agus ná tabharfar aon urraíocht fé alt 2 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1931.

[EN]

Teora leis an am chun iarrataisí do dhéanamh.

3.—(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, más oiriúnach leis é, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á rá ná breithneoidh an tAire sin aon iarrataisí a déanfar, tar éis dáta a bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san, ar urraíochtaí fé alt 1 den Phríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é no ar iasachtaí no ar urraíochtaí fé alt 2 den Phríomh-Acht mar a leasuítear amhlaidh é.

[EN]

(2) Nuair a bheidh fógra foillsithe fén bhfo-alt san roimhe seo ní bhreithneoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála aon iarratas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san agus a déanfar tar éis an dáta a bheidh luaidhte mar adubhradh sa bhfógra san.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

4.—(1) Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1930, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1930, do ghairm de sna hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1929, agus den Acht so le chéile.