Uimhir 24 de 1940.
ACHT MUC AGUS BAGÚIN, 1940.
[An tiontódh oifigeamhail.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “Acht 1937” an tAcht Muc agus Bagúin, 1937 (Uimh. 23 de 1937);
cialluíonn an abairt “Acht 1939” an tAcht Muc agus Bagúin (Leasú), 1939 (Uimh. 35 de 1939).
Forálacha maidir le cúiteamh fé alt 39 d'Acht 1937 do cheapadh.
2.—(1) I gcás—
(a) cúiteamh do bheith iníoctha le duine ar bith fé alt 39 d'Acht 1937, agus
(b) é do theip (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ar an triúr eadrascánaithe, do ceapadh fén alt san chun an chúitimh sin do cheapadh, aontú ar an suim is ceaptha mar mhéid an chúitimh sin, agus
(c) aon bheirt (dá ngairmtear an mór-áireamh sa bhfo-alt so) de sna headrascánaithe sin d'aontú (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ar an suim is ceaptha mar mhéid an chúitimh sin,
isé méid an chúitimh sin ná an tsuim ar ar aontuigh an móráireamh amhlaidh, agus ní bheidh dul thar breith an mhór-áirimh.
(2) I gcás—
(a) cúiteamh do bheith iníoctha le duine ar bith fé alt 39 d'Acht 1937, agus
(b) gan aon bheirt den triúr eadrascánaithe, do ceapadh fén alt san chun an chúitimh sin do cheapadh, d'aontú ar an suim is ceaptha mar mhéid an chúitimh sin,
isé méid an chúitimh sin ná an tsuim sin a cheapfaidh an duine sin de sna headrascánaithe sin (seachas Cathaoirleach an Choimisiúin Mhuc agus Bagúin) a ainmneoidh an tAire, agus ní bheidh dul thar breith an duine a hainmneofar amhlaidh.
(3) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 54 d'Acht 1939.
Alt 34 d'Acht 1939 do leasú.
3.—(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 34 d'Acht 1939 fé is dá ndeintí na focail “tréimhse dleachta” do chur in ionad an fhocail “leath-bhliana”.
(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1940, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.
Alt 37 d'Acht 1939 do leasú.
4.—(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 37 d'Acht 1939 fé is dá ndeintí na focail “agus do tugadh isteach san áitreabh le n-ar bhain an ceadúnas san” do chur isteach ann i ndiaidh na bhfocal “ar gach muic do cheannuigh” i ngach áit ina bhfuil na focail sin is déanaighe luaidhtear.
(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1940, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.
Alt 41 d'Acht 1939 do leasú.
5.—(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 41 d'Acht 1939 fé is dá ndeintí na focail “chun a chaithte” do chur isteach ann roimh na focail “sa Stát” i ngach áit ina bhfuil na focail sin is déanaighe luaidhtear.
(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1940, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.
Alt 44 d'Acht 1939 do leasú.
6.—(1) Déanfar an tagairt atá in alt 44 d'Acht 1939 do chonablaigh do léiriú mar thagairt fholuíonn tagairtí do scartach muc.
(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1940, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.
Gearr-theideal agus có-luadh.
7.—(1) Féadfar an tAcht Muc agus Bagúin, 1940, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1940, do ghairm de sna hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1939, agus den Acht so le chéile.