[EN]

Uimhir 24 de 1945.


[EN]

ACHT NA nGIÚIRITHE, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTA NA nGIÚIRITHE, 1927. [24ú Iúl, 1945.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na nGiúirithe, 1927 (Uimh. 23 de 1927).

[EN]

Alt 13 den Phríomh-Acht do leasú.

2.—Cuirfear an fo-alt so leanas in ionad fo-ailt (1) d'alt 13 den Phríomh-Acht:—

[EN]

“(1) Ar an 15ú lá de Mhéan Fómhair nó dá éis sa bhliain 1945 agus i ngach bliain as san amach agus roimh an 24ú lá de Shamhain díreach ina dhiaidh sin, déanfaidh gach rúnaí comhairle contae, gach baile-chléireach contae-bhuirge nó buirge eile agus gach cléireach baile-cheanntair dréacht-liost de ghiúróirí d'ullmhú do réir an Achta so don chontae no don bhuirg nó don cheanntar (pé acu é) agus déanfaidh an dréacht-liost san de ghiúróirí do chríochnú agus é do chur go dtí an cláraitheoir contae ag a bhfuil dlínse sa chontae nó sa bhuirg nó sa cheanntar sin ar an 24ú lá san de Shamhain nó roimhe sin.”

[EN]

Alt 15 den Phríomh-Acht do leasú.

3.—(1) Cuirfear na fo-ailt seo leanas in ionad fo-alt (3) agus (4) d'alt 15 den Phríomh-Acht:—

[EN]

“(3) Ar an 15ú lá d'Aibreán nó roimhe sin sa bhliain 1946 agus i ngach bliain as san amach déanfaidh gach cláraitheoir contae na dréacht-liostaí de ghiúróirí don líomatáiste clára thachta darb oifigeach clárathachta é d'athscrúdú agus do shocrú go cinnte agus socróidh na liostaí sin i dtreo go mbeid (ach ainmneacha agus sonnraí eile na ndaoine saortha san do chur iontu a thiocfas chun bheith i dteideal faoin Acht so a n-ainmneacha do chur iontu) ar aon dul leis an gclár de thoghthóirí don líomatáiste clárathachta san a ceangaltar air d'fhoillsiú ar an 15ú lá d'Aibreán nó roimhe sin sa bhliain sin agus i dtreo go mbeidh iontu ainm gach duine a bheas iontrálta sa chlár san de thoghthóirí mar dhuine atá cáilithe chun fónamh agus a dhlíos fónamh mar ghiúróir agus ná fuil dícháilithe chuige sin ná saortha uaidh agus i dtreo ná beidh iontu ainm aon duine eile.

[EN]

(4) Na dréacht-liostaí de ghiúróirí d'aon líomatáiste clárathachta, ar bheith athscrúdaithe agus socair dóibh do réir an fho-ailt sin roimhe seo, is iad (faoi réir aon athruithe a déanfar ina dhiaidh sin iontu faoin Acht so) an liost de ghiúróirí iad a bheas i bhfeidhm chun críocha an Achta so don líomatáiste clárathachta san go cionn bliana ón 15ú lá d'Aibreán sa bhliain ina ndéanfar an t-athscrúdú agus an socrú san.”

[EN]

(2) Na liostaí de ghiúróirí a tháinig i bhfeidhm, de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 15 den Phríomh-Acht, an 1ú lá de Mheitheamh, 1945, leanfaid i bhfeidhm go dtí an 14ú lá d'Aibreán, 1946, agus ní níos sia ná san.

[EN]

Alt 16 den Phríomh-Acht do leasú.

4.—Cuirfear an fo-alt so leanas in ionad fo-ailt (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht:—

[EN]

“(2) Aon iarratas a déanfar faoin alt so i leith dréachtliostaí de ghiúróirí a hathscrúdófar sa bhliain 1946 nó in aon bhliain ina dhiaidh sin, is roimh an 1ú lá d'Aibreán sa bhliain sin a déanfar é.”

[EN]

Alt 63 den Phríomh-Acht do leasú.

5.—Cuirfear an fo-alt so leanas isteach i ndiaidh fo-ailt (4) d'alt 63 den Phríomh-Acht:—

[EN]

“(5) I ngach triail cheiste i dtaobh duine bheith ciontach nó gan bheith ciontach i murdar, nó i dtréas, nó i bhfeileontacht tréasa, agus i ngach triail cheiste coiriúla d'aon tsórt eile ná ceadaítear do na giúróirí inti scaradh, féadfaidh an Breitheamh, más oiriúnach leis é agus d'ainneoin fo-ailt (2) den alt so, a cheadú do na giúróirí scaradh chun go bhféadfaidh gach duine nó aon duine acu freastal ar sheirbhísí creidimh agus, chun éifeacht do thabhairt don chead san, déanfaidh an t-oifigeach ceart gach ní a mheasfaidh is cóir nó a ordóidh an Breitheamh.”

[EN]

Giúróir do scaoileadh ar bhean chéile nó fear céile an ghiúróra nó gaol gar don ghiúróir d'éag nó d'éirí breoite.

6.—(1) Aon uair, le linn ceist ar bith do bheith á triail, a mheasfas an Breitheamh go mba chóir giúróir do scaoileadh ar aon leor-chúis de dheascaibh bean chéile nó fear céile an ghiúróra nó gaol gar don ghiúróir d'éag nó d'éirí trom-bhreoite, féadfaidh an Bhreitheamh an giúróir do scaoileadh.

[EN]

(2) Má scaoiltear giúróir faoin alt so is tuigthe, mura n-ordaí an Breitheamh a mhalairt nó muran lú ná deichniúr líon an ghiúire mar gheall air, an giúire do bheith comhdhéanta go cuibhe i gcomhnaí chun críocha na trialach, agus leanfar den triail agus féadfar teacht ar bhreith dá réir sin.

[EN]

Oifigeach don Phríomh-Oifig do chomhlíonadh dualgas áirithe i dtaobh giúirithe.

7.—(1) Baineann an t-alt so leis na dualgais seo leanas sa mhéid go mbainid le giúróirí a theastós le haghaidh dlínse ar bith de chuid na hArd-Chúirte seachas dlínse i gcúrsaí gealtachta, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na dualgais a ndéantar socrú chun a gcomhlíonta le fo-alt (1) d'alt 29 den Phríomh-Acht;

[EN]

(b) na dualgais a ndéantar socrú chun a gcomhlíonta le fo-alt (1) d'alt 30 den Phríomh-Acht;

[EN]

(c) na dualgais a luaitear i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 36 den Phríomh-Acht;

[EN]

(d) na dualgais a luaitear in alt 63 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 5 den Acht so) a bheith ina ndualgais a cuirtear ar an oifigeach ceart.

[EN]

(2) Ar an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1945, agus dá éis, agus d'ainneoin éinní dá bhfuil i gCuid V den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) is é chomhlíonfas na dualgais lena mbaineann an t-alt so ná pé oifigeach a bheas ag fónamh sa Phríomh-Oifig agus a ainmneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte ó am go ham chuige sin,

[EN]

(b) i gCuid V den Phríomh-Acht ciallóidh an abairt “an t-oifigeach gairmtheachta,” nuair is iomchuibhe é, an t-oifigeach a bheas ainmnithe amhlaidh de thuras na huaire, agus

[EN]

(c) nuair a déanfar de bhun míre (g) d'fho-alt (1) d'alt 34 nó de bhun fo-ailt (4) d'alt 36 den Phríomh-Acht painéal de ghiúróirí a theastós le haghaidh dlínse ar bith de chuid na hArd-Chúirte seachas dlínse i gcúrsaí gealtachta do sheachadadh nó do chur ar aghaidh, is don oifigeach a bheas ainmnithe amhlaidh de thuras na huaire a seachadfar nó is chuige a cuirfear an painéal san.

[EN]

Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte do chomhlíonadh dualgas áirithe i dtaobh giúirithe.

8.—(1) Baineann an t-alt so leis na dualgais seo leanas sa mhéid go mbainid le giúróirí a theastós le haghaidh dlínse na Ard-Chúirte i gcúrsaí gealtachta, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na dualgais a ndéantar socrú chun a gcomhlíonta le fo-alt (1) d'alt 29 den Phríomh-Acht;

[EN]

(b) na dualgais a ndéantar socrú chun a gcomhlíonta le fo-alt (1) d'alt 30 den Phríomh-Acht;

[EN]

(c) na dualgais a luaitear i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 36 den Phríomh-Acht;

[EN]

(d) na dualgais a luaitear in alt 63 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 5 den Acht so) bheith ina ndualgais a cuirtear ar an oifigeach ceart.

[EN]

(2) Ar an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1945, agus dá éis, agus d'ainneoin éinní dá bhfuil i gCuid V den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) is é Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte a chomhlíonfas na dualgais lena mbaineann an t-alt so,

[EN]

(b) i gCuid V den Phríomh-Acht ciallóidh an abairt “an t-oifigeach gairmtheachta”, nuair is iomchuibhe é, Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte, agus

[EN]

(c) nuair a déanfar de bhun míre (g) d'fho-alt (1) d'alt 34 nó de bhun fo-ailt (4) d'alt 36 den Phríomh-Acht painéal de ghiúróirí a theastós le haghaidh dlínse na hArd-Chúirte i gcúrsaí gealtachta do sheachadadh nó do chur ar aghaidh, is do Chláraitheor na gCoimircithe Cúirte a seachadfar nó is chuige a cuirfear an painéal san.

[EN]

Gearr-theideal, comhluadh agus léiriú.

9.—(1) Féadfar Acht na nGiúirithe, 1945, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar Achta na nGiúirithe, 1927 agus 1945, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

[EN]

(3) Léireofar an Phríomh-Acht agus an tAcht so le chéile mar aon Acht amháin.