Uimhir 24 de 1947.
AN tACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1947.
[An tiontó oifigiúil.]
An Príomh-Acht.
1.—San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 (Uimh. 38 de 1938).
Cuid II den Phríomh-Acht a leasú.
2.—(1) I bhfo-alt (1) d'alt 3 agus in alt 4 den Phríomh-Acht, léireofar na tagairtí do shuim £2,500 mar thagairtí don tsuim sin arna méadú fiche faoin gcéad.
(2) I bhfo-alt (1) d'alt 3 agus i bhfo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht, léireofar na tagairtí do shuim £1,700 mar thagairtí don tsuim sin arna méadú cúig fichead faoin gcéad.
(3) I bhfo-alt (2) d'alt 3 agus i bhfo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht, léireofar na tagairtí do shuim £1,200 mar thagairtí don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.
(4) I bhfo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do shuim £1,000 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.
(5) I bhfo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do shuim £750 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.
Cuid III den Phríomh-Acht a leasú.
3.—(1) I bhfo-alt (1) d'alt 10 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do shuim £800 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.
(2) I bhfo-alt (2) d'alt 10 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do shuim £500 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1947, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 agus 1947, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.