Uimhir 24 de 1969
ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1969
[An tiontú oifigiúil.]
Leasú ar alt 6 d'Acht na mBannaí Talún, 1934.
1.—Déantar leis seo alt 6 d'Acht na mBannaí Talún, 1934, a chuireann teorainneacha le bunú agus eisiúint bannaí talún a leasú trí “daichead milliún punt” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “fiche is cúig mhilliún punt” (a cuireadh isteach le halt 2 d'Acht na mBannaí Talún, 1964).
Bannaí talún a chlárú ina n-aonaid neamhuimhrithe £1.
2.—(1) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó in aon ordú faoi na hAchtanna sin a bhaineann le bannaí talún—
(a) aon bhannaí talún a bunaíodh, a eisíodh agus a cláraíodh roimh thosach feidhme an ailt seo measfar gur cláraíodh iad in ainmluachanna aon phuint amháin agus gan uimhreacha aitheantais, agus
(b) déanfar bannaí talún a bhunófar, a eiseofar agus a chlárófar tar éis tosach feidhme an ailt seo a chlárú in ainmluachanna aon phuint amháin agus gan uimhreacha aitheantais.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar cibé dáta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú chuige sin.
Cláir de bhannaí talún a aistriú chun Banc na hÉireann.
3.—(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó in aon ordú faoi na hAchtanna sin aistreofar chun Banc na hÉireann na cláir de bhannaí talún a choimeádann Banc Chase agus na hÉireann (Idirnáisiúnta) Teoranta (Banc Náisiúnta na Cathrach Teoranta tráth).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar cibé dáta a cheapfaidh a tAire Airgeadais le hordú chuige sin.
Gearrtheideal, forléiriú agus lua.
4.—(1) Féadfar Acht na mBannaí Talún, 1969, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh mar aon ní amháin agus féadfar iad a lua i dteannta na nAchtanna sin.