Uimhir 24 de 1973.
[EN]
AN tACHT LOGAINMNEACHA (FOIRMEACHA GAEILGE), 1973
ACHT Á ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS FOIRMEACHA GAEILGE LOGAINMNEACHA A SHONRÚ CHUN CRÍOCHA DLÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [21 Samhain, 1973.] ACHTAíTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
[EN]ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;
[EN]folaíonn “logainm” ainm aon chúige, contae, cathrach, mórbhaile, sráidbhaile, barúntachta, paróiste nó baile fearainn, nó ainm aon ghné tíre (nádúrtha nó saorga), aon dúiche, limistéir nó áite, mar a thaispeántar sin ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis;
[EN]tá le “ordú logainmneacha” an bhrí a thugtar dó le halt 2 den Acht seo.
[EN]Orduithe logainmneacha.
2.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó comhairle a fháil ón gCoimisiún agus an chomhairle sin a bhreithniú, le hordú (dá ngairtear ordú logainmneacha san Acht seo)—
[EN](a) a dhearbhú gurb é is iontamhail i nGaeilge do logainm a bheidh sonraithe san ordú cibé focal nó focail a shonróidh sé ann,
[EN](b) ordú logainmneacha a leasú nó a chúlghairm.
[EN](2) Leagfar gach ordú logainmneacha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuifidh an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
[EN](3) San alt seo ciallaíonn “an Coimisiún” an comhlacht dá ngairtear “an Coimisiún Logainmneacha” agus a bunaíodh le barántas ón Aire dar dáta an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946.
[EN]Forléiriú focal i ndoiciméid dhlithiúla.
3.—(1) Focal nó focail a mbeidh dearbhaithe ag an Aire in ordú logainmneacha gurb é nó gurb iad is iontamhail i nGaeilge do logainm a bheidh sonraithe san ordú, forléireofar i ndoiciméad dlíthiúil, mura léir a mhalairt d'intinn, é nó iad a bheith ar chomhbhrí agus ar chomhfheidhm agus ar chomhéifeacht leis an logainm a bheidh sonraithe amhlaidh.
[EN](2) San alt seo—
[EN]ciallaíonn “doiciméad dlíthiúil”—
[EN](a) aon Acht ón Oireachtas a rithfear tar éis an dáta feidhme, aon ionstraim reachtúil a dhéanfar faoi aon Acht den sórt sin nó an tiontú oifigiúil ar aon Acht nó ionstraim den sórt sin;
[EN](b) aon ionstraim a mbeidh éifeacht dhlíthiúil nó iarmhairtí dlíthiúla aici nó beartaithe a bheith aici agus a fhorghníomhófar ar an dáta feidhme nó dá éis sin;
[EN](c) aon doiciméad a úsáidfear in imeachtaí dlíthiúla nó chun críocha imeachtaí dlíthiúla, agus a dhéanfar, a eiseofar nó a sheirbheálfar ar an dáta feidhme nó dá éis sin;
[EN]ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta an ordaithe logainmneacha iomchuí a theacht i ngníomh.
[EN]Caiteachais.
4.—Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
[EN]Gearrtheideal.
5.—Féadfar an tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge), 1973, a ghairm den Acht seo.