[EN]

Uimhir 25 de 1926.


[EN]

ACHT BÓTHAIR IARAINN (SEAN-OIFIGIGH AGUS SEANA-SHEIRBHÍSIGH), 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN CÚITEAMH D'ÍOC LE hOIFIGIGH AGUS LE SEIRBHÍSIGH CHUIDEACHTANA BÓTHAIR IARAINN A CHAILLEANN A bhFOSTAÍOCHT NO DÁ RÁINÍONN CAILLIÚINT EILE NO CRUADHTAN DE DHEASCAIBH AN CHÓ-NASCTHA AGUS AN TÓGAINT-ISTEACH A DINEADH AR CHUIDEACHTANA BÓTHAIR IARAINN LE HACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 1924, NO FÉ, AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH CHUN NA CRÍCHE SIN AR AN TRÍÚ SCEIDEAL A GHABHANN LEIS AN ACHT SAN.

[25adh Meitheamh, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), agus gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear, leis, sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht ciallóid fé seach san Acht so an ní a chialluid so Phríomh-Acht.

[EN]

Aiscí d'oifigigh agus do sheirbhísigh áirithe don chuideachtain chó-nasctha.

2.—(1) Maidir le gach oifigeach agus gach seirbhíseach don chuideachtain chó-nasctha do bheadh i dteideal aisce fén gcéad mhír den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mara mbeadh oifigeach no seirbhíseach den tsórt san do dhéanamh de, má scarann an chuideachta chó-nasctha le n-a sheirbhísí laistigh de sheacht mbliana tar éis rithte an Phríomh-Achta, agus pe'ca roimh am rithte an Achta so é no dá éis sin, toisc go dtáinig a sheirbhísí do bheith nea-riachtanach de dheascaibh atharuithe riaracháin do tháinig díreach as an gcó-nasca agus as an dtógaint-isteach a dineadh ar chuideachtana leis an bPríomh-Acht, no fé, agus ná taisbeánfidh an chuideachta chó-nasctha iad do theacht de laghdú tráchta, de laghdú ar obair athnuachainte no choinneála-i-dtreo, de thabhairt isteach modhna feabhsuithe chun oibrithe (nách modhna nárbh fhéidir don chuideachtain chó-nascthach no thógtha-isteach, ag á raibh an t-oifigeach no an seirbhíseach ar fostú cheana, iad do thabhairt isteach), no de chúis eile economíochta, beidh sé i dteideal an chuideachta chónasctha d'íoc aisce leis a háireofar do réir an séú cuid de mhéid a thuarastail agus a shochair oifige bhliantúla in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís.

[EN]

(2) Má eiríonn aon aighneas no ceist idir an chuideachta chónasctha agus aon oifigeach no seirbhíseach don chuideachtain chó-nasctha i dtaobh éinní a eireoidh fén alt so, féadfidh an t-oifigeach no an seirbhíseach san athchomharc do dhéanamh chun an bhuan-mholtóra no an bhúird de mholtóirí a luaidhtear i mír (8) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus bainfidh an mhír sin le haon athchomharc den tsórt san sa tslí chéanna ina mbaineann sí leis na hathchomhairc a luaidhtear inti.

[EN]

(3) San alt so ní fholuíonn an focal “seirbhís” aon tréimhse sheirbhíse mar phríntíseach céirde ag aon chuideachtain chónascthach no thógtha-isteach.

[EN]

(4) Chun crícheanna an ailt seo áireofar tuarastal agus sochar oifige bliantúil oifigigh no seirbhísigh do réir ráta an tuarastail no an tsochair oifige a bheidh aige á fháil díreach sara scartar le n-a sheirbhísí agus folóidh a sheirbhís a sheirbhís leis an gcuideachtain chó-nascthach no thógtha-isteach darbh oifigeach no seirbhíseach roimhe sin é chó maith le n-a sheirbhís leis an gcuideachtain chó-nasctha.

[EN]

(5) San alt so foluíonn tagairtí d'oifigigh don chuideachtain chó-nasctha agus tagairtí do sheirbhísigh don chuideachtain chónasctha, fé seach, oifigigh don chuideachtain chó-nasctha agus seirbhísigh don chuideachtain chó-nasctha do scuir, roimh am rithte an Achta so, de bheith i seirbhís na cuideachtan cónasctha chó maith le pé oifigigh agus seirbhísigh atá fós i seirbhís na cuideachtan có-nasctha le linn rithte an Achta so.

[EN]

(6) San alt so cialluíonn an focal “an chéad mhír den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht” an mhír, i dtosach an Sceidil sin, dar tosach na focail “Gach éinne a bhí” agus dar críoch na focail “bliana iomláine dá thréimhse seirbhíse.”

[EN]

Scriosa amach mír (4) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

3.—Léireofar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá leigtí ar lár ann an mhír sin anois ann darb uimhir “(4).”

[EN]

Leasuithe i dtaobh cúitimh i riocht liúntais bhliantúla.

4.—Léireofar an Tríú Sceideal san a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí an mhír de darb uimhir “(5)” do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tríd an gcéad chlás de do scriosa amach, clás dar tosach na focail “Gach sean-oifigeach no seana-sheirbhíseach” agus dar críoch na focail “sé sin le rá,” agus trí fho-mhír (a) dhe do scriosa amach agus an clás agus na ceithre fo-mhíreanna so a leanas do chur in ionad an chláis agus na fo-mhíre a scriostar amach amhlaidh, sé sin le rá:—

[EN]

Gach sean-oifigeach no seana-sheirbhíseach a leigfidh uaidh, fé mhír (2) den Sceideal so, a oifig no a bheart laistigh de sheacht mbliana tar éis rithte an Phríomh-Achta agus gach sean-oifigeach no seana-sheirbhíseach 'na gcuirfar deire le n-a oifig no le n-a bhirt fén mír sin (2) laistigh den seacht mbliana san toisc go dtáinig a oifig no a bheart do bheith nea-riachtanach de dheascaibh atharuithe riaracháin do tháinig díreach as an gcónasca agus as an dtógaint-isteach a dineadh ar chuideachtana leis an bPríomh-Acht, no fé, agus ná taisbeánfidh an chuideachta chó-nasctha iad do theacht de laghdú tráchta, de laghdú ar obair athnuachainte no choinneála-i-dtreo, de thabhairt isteach modhna feabhsuithe chun oibrithe (nách modhna nárbh fhéidir don chuideachtain chónascthach no thógtha-isteach, ag á raibh an t-oifigeach no an seirbhíseach ar fostú cheana, iad do thabhairt isteach), no de chúis eile economíochta, no 'na scarfar le n-a sheirbhísí laistigh den seacht mbliana san toisc go dtáinig na seirbhísí sin do bheith nea-riachtanach de dheascaibh atharuithe riaracháin den tsórt san roimhráite, no 'na laghdófar a luach saothair no a shochar oifige laistigh den seacht mbliana san ar scór a dhualgaisí do bheith laghduithe de dheascaibh atharuithe riaracháin den tsórt san roimhráite, no 'na mbainfidh aon chailliúint díreach airgid do ar aon tslí eile laistigh den seacht mbliana san de bhíthin atharuithe riaracháin den tsórt san roimhráite (le n-a n-áirítear aon chailliúint in aois-liúntas a bhí in áirithe dho no i liúntaisí eile a bheadh le fáil ar dhul as oifig no ar fháil bháis do agus i liúntaisí dá bhaintrigh no dá chlainn ina dhiaidh, pe'ca do réir dlí dhóibh no do réir ghnáis na cuideachtan có-nascthaí no tógtha-isteach), beidh sé i dteideal an chuideachta chó-nasctha d'íoc cúitimh leis, agus socrófar agus íocfar méid an chúitimh sin ag an gcuideachtain chó-nasctha (fé réir athchomhairc mar a foráltar ina dhiaidh seo anso) do réir na rialacha so a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(aa) i gcás sean-oifigigh no seana-sheirbhísigh a leigfidh uaidh a oifig no a bheart no 'na gcuirfar deire le n-a oifig no le n-a bhirt no 'na scarfar le n-a sheirbhísí mar adubhradh isé rud a bheidh sa chúiteamh ná liúntas bliantúil a híocfar le n-a bheo leis agus ná raghaidh in aon chás thar dhá dtrian a luach saothair agus a shochair oifige agus, fé réir na teorann san agus fé réir forálacha fo-mhír (d) dhe seo, a háireofar do réir an seascadú cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis an gcuideachtain chó-nasctha no le haon chuideachtain chó-nascthach no thógthaisteach agus breis leis sin do réir líon blianta iomlána a sheirbhíse agus í áirithe do réir an scála so a leanas:—

[EN]

más fiche bliain iomlán seirbhíse no níos mó a thug sé, breis deich seascadú dá luach saothair agus dá shochar oifige,

[EN]

más cúig bliana déag iomlána seirbhíse no níos mó a thug sé agus níos lú ná fiche bliain den tsórt san, breis seacht seascadú dá luach saothair agus dá shochar oifige,

[EN]

más deich mbliana seirbhíse no níos mó a thug sé agus níos lú ná cúig bliana déag den tsórt san, breis cúig seascadú dá luach saothair agus dá shochar oifige,

[EN]

más cúig bliana iomlána seirbhíse no níos mó a thug sé agus níos lú ná deich mbliana den tsórt san, breis trí seascadú dá luach saothair agus dá shochar oifige:

[EN]

(ab) cnap-shuim a bheidh mar chúiteamh in aon chás eile, ach má dintar athchomharc chun an bhuan-mholtóra no chun na moltóirí féadfidh an moltóir no na moltóirí sin, más oiriúnach leis no leo é, ar éisteacht an athchomhairc sin dóibh, a mhola go bhfuighidh an sean-oifigeach no an seanasheirbhíseach mar chúiteamh (in ionad cnapshuime) liúntas bliantúil a híocfar le n-a bheo leis agus ná raghaidh in aon chás thar dhá dtrian a luach saothair agus a shochair oifige agus a bheidh, fé réir na teorann sáruithighe sin, gan dul thar shuim bhliantúil a háireofí do réir an seascadú cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis an gcuideachtain chó-nasctha no le haon chuideachtain chó-nascthach no thógthaisteach:

[EN]

((ac) i socrú cineál agus méid an chúitimh a bheidh le mola i gcásanna atá laistigh den bhfo-mhír sin (ab) atá roimhe seo tabharfar aire dá mbaineann leis an gcás agus go sonnrách déanfar breithniú cuibhe ar aon chailliúint den tsórt san roimhráite in aois-liúntas a bhí in áirithe dho no i liúntas eile a bheadh le fáil ar dhul as oifig no ar fháil bháis do:

[EN]

(ad) i gcás sean-oifigigh no seana-sheirbhísigh a bhí i seirbhís mar phríntíseach céirde le haon chuideachtain chó-nascthach no thógthaisteach, ní háireofar tréimhse na príntíseachta san chun críche na míre seo mar sheirbhís leis an gcuideachtain chó-nascthach no thógtha-isteach san:

[EN]

agus

[EN]

(b) tré fho-mhír (b) dhe do scriosa amach agus an fho-mhír seo a leanas do chur in ionad na fo-mhíre a scriostar amach amhlaidh, sé sin le rá:—

[EN]

(b)     (i) má bhí aon tsean-oifigeach no seanasheirbhíseach as láthair go sealadach óna fhostaíocht mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san agus, le linn iomlán na nealáithreachta san, go raibh sé ar seirbhís i bhFórsaí Náisiúnta Shaorstáit Éireann, no in aon fhórsaí mileata eile a bhí ag fónamh fé údarás an Chéad Dháil Éireann, an Dara Dáil Éireann, no Rialtais Shealadaigh na hÉireann, no an Airm, an Chabhlaigh no an Aer-Fhórsa Bhriotáinigh déanfar chun crícheanna an Sceidil seo an nea-láithreacht shealadach san do chomhreamh agus d'áireamh mar chuid dá thréimhse seirbhíse mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san;

[EN]

(ii) gan dochar d'fhorálacha an chláis sin roimhe seo darb uimhir (b) (i), má bhí aon tsean-oifigeach no seana-sheirbhíseach as láthair óna fhostaíocht mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san ar feadh tréimhse ba lú ná bliain de dheascaibh brainse no roinn d'aon chuideachtain cho-nascthach no thógthaisteach do dhúna no do leath-dhúna de bharr imris chathardha sa bhliain 1922 no 1923, ní tuigfar gur dhin an nea-láithreacht san bearna ina sheirbhís mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san má bhí sí leanúnach ar gach slí eile, ach ní háireofar tréimhse na nea-láithreachta san mar chuid dá sheirbhís mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san mara raibh sé ar seirbhís i bhFórsaí Náisiúnta Shaorstáit Éireann i rith na tréimhse nea-láithreachta san:

[EN]

agus

[EN]

(c) tré fho-mhír (d) dhe do scriosa amach agus an fho-mhír seo a leanas do chur in ionad na fo-mhíre a scriostar amach amhlaidh, sé sin le rá:—

[EN]

(d) más liúntas bliantúil an cúiteamh a socrófar le haon fho-mhír no fé aon fho-mhír acu san roimhe seo agus an t-oifigeach no an seirbhíseach do bheith i dteideal sochair i riocht aois-liúntais is iníoctha amach as aon chiste aois-liúntais no sochair rann-íocach dá dtugadh no dá dtugann cuideachta chónascthach no cuideachta thógtha-isteach no an chuideachta chó-nasctha ranníocanna, ansan, d'ainneoin éinní atá in aon fho-mhír acu san roimhe seo, isé a bheidh sa liúntas bhliantúil sin ná an difríocht idir méid an liúntais bhliantúla do bheadh iníoctha dá mba ná beadh an t-oifigeach no an seirbhíseach i dteideal aon tsochair den tsórt san agus méid bliantúil no luach bliantúil an tsochair sin agus íocfidh an chuideachta chó-nasctha leis an oifigeach no leis an seirbhíseach ina theanta san cnapshuim is ionann le méid iomlán na ranníocanna d'íoc an t-oifigeach no an seirbhíseach aon uair leis an gCiste Aois-liuntais no Sochair.

[EN]

Leasú iarmarta ar scéimeanna có-nascthachta agus tógainteisteach.

5.—Más rud é agus sa mhéid go bhfuil an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht ionchorparuithe ionta no go bhfuil a seasamh ar an Sceideal san, léireofar gach scéim chó nascthachta agus gach scéim thógainte-isteach agus beidh éifeacht acu fé is dá mb'é an sceideal san mar a leasuítear é leis an Acht so do bheadh ionchorparuithe no dá dtagrófí amhlaidh.

[EN]

Saoirse o dhiúité stampa.

6.—Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar scór aon chó-aontú a dineadh roimhe seo fén Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht no a déanfar ina dhiaidh seo fén Tríú Sceideal san mar a leasuítear leis an Acht so é no fén Acht so idir an chuideachta chó-nasctha agus aon tsean-oifigeach no seanasheirbhíseach no aon oifigeach no seirbhíseach eile don chuideachtain chó-nasctha ná ar scór aon mhola do dhin an buan-mholtóir roimhe seo fén Tríú Sceideal san no a dhéanfidh an buanmholtóir no na moltóirí ina dhiaidh seo fén Tríú Sceideal san mar a leasuítear leis an Acht so é no fén Acht so.

[EN]

Baint an Achta.

7.—Rialóidh an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é gach éileamh ar chúiteamh fén Tríú Sceideal san nár socruíodh méid an chúitimh ina thaobh le có-aontú a dineadh no le breith a thug an buan-mholtóir roimh an 26adh lá de Mhárta, 1926.

[EN]

Comhachta an Mholtóra.

8.—(1) Beidh comhacht ag an mbuan-mholtóir no ag an mbord de mholtóirí daoine do chur fé mhionn, agus costaisí do mhola mar is toil leis no leo agus a ordú cé leis agus cé aige agus cadé an tslí go n-íocfar na costaisí seo no aon chuid díobh, agus méid na gcostaisí sin do thomhas agus a éileamh go dtabharfar urrús ar chostaisí chun sástachta dho no dhóibh ag aon pháirtí in aon chéim de sna heimeachta a bheidh os a chóir no os a gcóir.

[EN]

(2) Beidh ag an mbuan-mholtóir no ag an mbord de mholtóirí na comhachta céanna atá ag an Ard-Chúirt chun a chur fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair no ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair.

[EN]

(3) Féadfidh an buan-mholtóir no an bord de mholtóirí aon uair aon tuathal no earráid chléireachais a thiocfidh i mola de dheascaibh aon tsleamhnú no fágaint ar lár do thárla go cinniúnach do cheartú.

[EN]

(4) Aon tsuim is iníoctha fé mhola do dhin an buan-mholtóir no na moltóirí beidh sí ina fiacha connartha simplí is ionbhainte amach le haicsean dlí.

[EN]

(5) Beidh sé dleathach don bhuan-mholtóir no don bhord do mholtóirí, ar n-a iarraidh san ortha ag aon pháirtí in athchomharc, an t-athchomharc san d'éisteacht i gcúirt oscailte.

[EN]

Gearr-theideal agus léiriú.

9.—Féadfar an tAcht Bóthair Iarainn (Sean-Oifigigh agus Seana-Sheirbhísigh), 1926, do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar na hAchtanna Bóthair Iarainn, 1924 agus 1926, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.