Uimhir 25 de 1956.
AN tACHT UM OLA-THRUAILLIÚ NA FARRAIGE, 1956.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956, a ghairm den Acht seo.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethe a cheapfas an tAire le hordú, agus féadfar laethe éagsúla a cheapadh chun críocha forál éagsúla lena a n-áirítear Coda éagsúla den Sceideal.
Mínithe.
3.—San Acht seo—
folaíonn “báirse” lictéir nó árthach dá samhail;
ciallaíonn “Coinbhinsiún 1954” an Coinbhinsiún Eadarnáisiúnta chun Truailliú na Farraige le hOla a Chosc, 1954;
ciallaíonn an briathar “scaoileadh” maidir le hola nó le meascán olach aon scaoileadh nó éaló, pé ní faoi deara é;
ciallaíonn “údarás cuain”—
(a) i gcás cuain lena mbaineann an tAcht Cuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946), an t-údarás cuain faoin Acht sin,
(b) i gcás cuain faoi rialú agus bainistí Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, na Coimisineirí, agus
(c) in aon chás eile, an duine atá i dteideal rátaí a mhuirearú i leith árthach a thagas isteach sa chuan nó a úsáideas é;
ciallaíonn “máistir cuain” duine arna cheapadh ag údarás cuain chun forála an Achta seo a chur i bhfeidhm;
ciallaíonn “cigire” suirbhéir long nó duine arna cheapadh faoi alt 20;
ciallaíonn “máistir”, maidir le hárthach, an duine atá i gceannas nó i bhfeighil an árthaigh de thuras na huaire;
ciallaíonn “míle” muir-mhíle a bhfuil sé mhíle agus ochtó troigh d'fhaid ann;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
ciallaíonn “ola” ola de shórt ar bith, agus folaíonn sí biotáille a táirgeadh as ola, agus tearra ghuail;
ciallaíonn “áititheoir”, maidir le haon ní nach bhfuil aon duine á áitiú, an t-únaer, agus, maidir le uaigín iarnróid nó feithicil bhóthair, an duine atá ina fheighil;
ciallaíonn “biotáille petroleum” petroleum lena mbaineann na Petroleum Acts, 1871 and 1879;
folaíonn “áit ar tír” aon ní atá ina luí ar ghrinneall nó ar chladach na farraige nó uiscí intíre agus folaíonn sé freisin aon ní ar snámh, seachas árthach, má tá sé ancairithe nó daingnithe den ghrinneall nó den chladach;
ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin ón Aire;
ciallaíonn an briathar “aistriú”, maidir le hola, aistriú ina bhuilce;
tá le téarmaí eile na bríonna atá leo sa Merchant Shipping Act, 1894.
Díolúine.
4.—(1) Ní bhaineann an tAcht seo le hárthach ar le Seirbhís Chabhlaigh Óglaigh na hÉireann í agus ar pearsanra de chuid na Seirbhíse sin a foireann go léir.
(2) Féadfaidh an tAire aon árthaí nó aicme árthach a dhíolmhadh, go hiomlán nó faoi réir pé coinníollacha is cuí leis, ó aon cheann d'fhorála an Achta seo nó d'fhorála rialachán faoi.
Orduithe agus rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.
5.—Gach ordú agus rialachán a déanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an ionstraim sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na hionstraime, beidh an ionstraim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ionstraim.
Táillí.
6.—(1) Déanfar táillí faoin Acht seo a ghlacadh agus a bhailiú i pé dlí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste iad nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.
(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.
Caiteachais.
7.—Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
Athghairm.
8.—Athghairmtear leis seo an tAcht um Ile in Uiscí Intseolta, 1926 (Uimh. 5 de 1926).
CUID II.
Truailliú na Farraige le hOla a Chosc.
Réigiúin toirmiscthe.
9.—(1) Faoi réir fo-ailt (3), is réigiúin toirmiscthe do theaincéirí na límistéirí a sonraítear i gCoda I agus III den Sceideal.
(2) Faoi réir fo-ailt (3), is réigiúin toirmiscthe do longa seachas teaincéirí na límistéirí farraige a sonraítear i gCoda II agus IV den Sceideal.
(3) Chun éifeacht a thabhairt d'aon athrú ar límistéirí farraige do réir Choinbhinsiúin 1954 nó chun feidhm a thabhairt d'aon Choinbhinsiún ina dhiaidh sin nó chun cóstaí an Stáit a chosaint, féadfaidh an tAire, le hordú, aon réigiúin toirmiscthe a leathnú nó a laghdú nó a dhearbhú gur réigiún toirmiscthe do theaincéirí nó do longa eile aon límistéir shonraithe farraige, agus féadfaidh sé aon ordú faoin bhfo-alt seo a leasú.
Ola a scaoileadh amach i réigiúin toirmiscthe.
10.—(1) Baineann an t-alt seo le hola amh, ola bhreosla agus ola bhealála.
(2) Bainfidh an t-alt seo freisin le haon ola throm diesel nó le haon tsórt eile ola a forordófar.
(3) Beidh únaer agus fós máistir aon loinge atá cláraithe sa Stát ciontach i gcion má scaoileann an long amach, i réigiún atá ina réigiún toirmiscthe don long sin, aon ola lena mbaineann an t-alt seo nó aon mheascán ina bhfuil ola den tsórt sin a shalaíos dromchla na farraige.
(4) Chun na críche seo, más lú ná céad rann ola i milliún rann den mheascán an méid ola atá in aon mheascán olach measfar gan é do shalú dromchla na farraige.
(5) Féadfaidh an tAire eisceachtaí d'fho-alt (3) d'fhorordú, go hiomlán nó ar choinníollacha sonraithe, agus go ginearálta nó d'aicmí sonraithe long, nó maidir le cineálacha áirithe ola nó meascán olach, nó maidir lena scaoileadh amach in imthosca sonraithe, nó maidir le límistéirí áirithe farraige.
Ola a scaoileadh amach i bhfarraigí tórann agus in uiscí intíre.
11.—(1) Má scaoiltear (go díreach nó go neamhdhíreach) aon ola nó meascán olach amach i bhfarraigí tórann an Stáit nó sna huiscí intíre sa Stát intseolta ag árthaí farraige, ansin, i gcás a scaoilte—
(a) as árthach, beidh únaer agus fós máistir an árthaigh,
(b) as áit ar tír, beidh áititheoir na háite sin,
(c) as goireas chun ola d'aistriú isteach in árthach nó amach as árthach, beidh an duine i bhfeighil an ghoiris,
ciontach i gcion.
(2) Féadfaidh máistir cuain áit a shonrú ina bhféadfar uisce balasta árthaigh, ar hiompraíodh last de bhiotáille phetroleum inti, a scaoileadh amach in uiscí an chuain pé trátha agus ar pé coinníollacha a ordós sé. Ní cion é uisce balasta nach bhfuil aon ola ann seachas biotáille phetroleum a scaoileadh amach do réir na n-orduithe sin.
Cosaint do scaoileadh amach ola in imthosca speisialta.
12.—(1) Ní bhainfidh ailt 10 agus 11—
(a) le scaoileadh ola nó meascáin olaigh amach as árthach chun an t-árthach a dhéanamh sábháilte, chun damáiste don árthach nó dá last a chosc, nó chun duine a tharrtháil, má bhí an scaoileadh sin riachtanach agus réasúnach sna himthosca áirithe, ná
(b) le héaló ola nó meascáin olaigh as árthach, de dheasca damáiste don árthach nó de dheasca aon tsilte aisti, nach neamhchúram míréasúnach faoi deara é, má glacadh gach cúram réasúnach tar éis an damáiste a bheith déanta nó an sileadh a bheith faighte chun an t-éaló a chosc nó é a laghdú an méid dob fhéidir.
(2) Ní bhainfidh alt 11 le héaló ola nó meascáin olaigh as aon áit nó goireas, murab aon neamhchúram míréasúnach faoi deara an t-éaló agus má rinneadh gach beart ba réasúnach tar éis an t-éaló a bheith faighte amach, chun an t-éaló a stopadh nó a laghdú an méid dób fhéidir.
(3) Ní bhainfidh alt 11 le útruisce as aon áit i gcás an útruisce a theacht de thoradh oibríochtaí chun ola a scagadh. más rud é—
(a) nárbh fhéidir do réir réasúin an útruisce a dhiúscairt ach trína scaoileadh amach amhlaidh, agus
(b) go ndearnadh gach beart réasúnach chun ola a bhaint as an útruisce, agus
(c) má salaíodh le hola, nuair a scaoileadh an útruisce, dromchla na n-uiscí inar scaoileadh an meascán, nó an tír a thadhlaíos na huiscí sin, go dtaispeánfar nach ola in aon útruisce a scaoileadh as an áit sin, an tráth sin nó roimhe, a bhí ina chúis nó ina leas-chúis leis an salú.
Saoraidi cuain chun iarmhar olach a dhiúscairt.
13.—(1) Féadfaidh údarás cuain saoráidí a sholáthar, nó a chur faoi deara go soláthrófar iad, chun iarmhar olach a scaoileadh as árthaí a úsáidfeas an cuan agus féadfaidh socrú a dhéanamh chun é a dhiúscairt.
(2) Aon uair is dóigh leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás cuain agus le haon eagras a chítear dó a bheith ionadaitheach d'únaerí long atá cláraithe sa Stát, go bhfuil na saoráidí nó na socruithe sin riachtanach i gcuan áirithe, nó nach leor na saoráidí atá ann, féadfaidh sé a cheangal ar an údarás cuain pé soláthar is riachtanach leis a dhéanamh laistigh de pé tréimhse is riachtanach leis agus féadfaidh sé cur leis an tréimhse chun aon cheanglas den tsórt sin a chomhlíonadh.
(3) Ní bheidh ar údarás cuain aon tsaoráidí a soláthrófar faoin alt seo a chur ar fáil le haghaidh teaincéirí ná le haghaidh iarmhar olach a scaoileadh chun go bhféadfar deisiúchán a dhéanamh ar árthach ná ní bheidh air a cheadú iarmhar a dhiúscairt nach mbeidh an t-uisce bainte as go héifeachtúil ach, faoi réir na nithe sin, beidh na saoráidí sin ar fáil ag gach árthach a úsáidfeas an cuan.
(4) Aon údarás cuain a sholáthrós, nó aon duine a sholáthrós trí chomhshocraíocht le húdarás cuain, saoráidí le haghaidh árthach do réir an ailt seo, féadfaidh sé muirir réasúnacha a ghearradh, agus coinníollacha réasúnacha d'fhorchur, le haghaidh úsáid na saoráidí sin.
Scaoileadh ola i gcuanta a chur in iúl.
14.—(1) Más rud é—
(a) go scaoilfear aon ola nó meascán olach as árthach in uiscí cuain chun an t-árthach a dhéanamh sábháilte, chun damáiste don árthach nó dá last a chosc, nó chun duine a tharrtháil, nó
(b) go bhfaighfear amach go bhfuil aon ola nó meascán olach ag éaló nó tar éis éaló as árthach sna huiscí sin, de dheasca damáiste don árthach nó de dheasca aon tsilte aisti, nó as aon áit ar tír,
cuirfidh únaer agus máistir an árthaigh, nó áititheoir na háite, pé acu é, in iúl láithreach don mháistir cuain gur tharla sin agus an chúis gur tharla sé.
(2) Duine ar bith nach gcomhlíonfaidh fo-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.
Ola d'aistriú san oíche.
15.—(1) Ní déanfar, idir luí gréine agus éirí gréine, aon ola d'aistriú isteach in árthach, ná d'aistriú amach as árthach, i gcuan, murar tugadh fógra roimh ré, do réir an ailt seo, don mháistir cuain.
(2) Bhéarfar fógra trí huaire a chloig ar a laghad agus sé huaire nóchad a chloig ar a mhéid roimh thosnú ar an ola d'aistriú ach, má déantar ola d'aistriú go minic in áit áirithe, is leor fógra ginearálta sa chéill sin le haghaidh tréimhse nach mó ná dhá mhí dhéag ó dháta an fhógra.
(3) Má déantar aon ola d'aistriú isteach in árthach nó amach as árthach, contrártha don alt seo, beidh máistir an árthaigh, agus, más as áit nó chun áite ar tír a haistreofar an ola, beidh an t-áititheoir freisin, ciontach i gcion, agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
(4) Ní beidh feidhm ag an alt seo i gcás ola dá haistriú ag an máistir cuain nó ar ordú uaidh nó ag an oifigeach i gceannas briogáide tóiteáin, nó ar ordú uaidh, i gcás tóiteán a bheith ann.
Trealmhú long chun truailliú le hola a chosc.
16.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go bhfeisteofar longa atá cláraithe sa Stát ar chuma, agus go gcomhlíonfaid ceanglais de shórt, a choiscfeas nó a laghdós scaoileadh ola nó meascán olach sa bhfarraige.
(2) Féadfaidh suirbhéir long agus pé daoine eile a cheapfas an tAire pé tástála a dhéanamh a forordófar chun críche an ailt seo agus féadfaidh pé táillí a ordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a ghearradh i leith na dtástála sin.
(3) Má déantar rialacháin faoin alt seo a shárú i leith loinge, beidh únaer, agus fós máistir na loinge, ciontach i gcion. Is cion leanúnach an cion agus féadfar imeachta nua a thionscnamh ina leith ó am go ham.
Taifid ola a choimeád.
17.—(1) Coimeádfaidh máistir loinge atá cláraithe sa Stát na taifid fhorordaithe i dtaobh na nithe seo a leanas—
(a) scaoileadh aon ola nó meascáin olaigh as an loing chun an long a dhéanamh sábháilte, chun damáiste don loing nó dá last a chosc, nó chun duine a tharrtháil;
(b) éaló aon ola nó meascáin olaigh as an loing, de dheasca damáiste don loing nó de dheasca aon tsilte aisti;
(c) déanamh oibríochtaí forordaithe, arb é a bheas iontu—
(i) dabhaigh lasta nó dabhaigh bhreosla bhuncair a bhalastú agus balasta a scaoileadh astu, agus na dabhaigh sin a ghlanadh, nó
(ii) ola in aon mheascán olach a dheighilt, nó
(iii) aon ola, uisce nó substaint eile, de thoradh na n-oibríochtaí sin, a chur amach as an loing, nó
(iv) aon iarmhar olach a dhiúscairt.
(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal taifid fhorordaithe a choimeád i dtaobh ola d'aistriú isteach in aon árthach nó amach as aon árthach, pé acu tá nó nach bhfuil an t-árthach cláraithe sa Stát, le linn di a bheith i bhfarraigí tórann nó in uiscí intíre an Stáit. Is é an duine a sholáthrós an ola nó an duine dá seachadfar í, faoi seach, a choimeádfas na taifid i dtaobh ola d'aistriú isteach i mbáirse nó d'aistriú amach aisti. I ngach cás eile is é máistir an árthaigh a choimeádfas na taifid.
(3) Féadfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo foráil a dhéanamh i dtaobh taifid a choinneáil, a chaomhaint, a dhiúscairt agus d'iniúchadh agus i dtaobh pé nithe foleantacha eile a forordófar.
(4) Beidh gach duine a shárós an t-alt seo, nó rialacháin faoi, ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad agus caoga punt a chur air.
(5) Gach duine a chuirfeas i dtaifead aon ní nó aon athrú is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phone ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad agus caoga punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúntacht sin le chéile.
Feidhm alt 16 agus 17 (1) maidir le longa coigríche.
18.—(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, feidhm a thabhairt d'alt 16 nó d'fho-alt (1) d'alt 17 maidir le longa atá cláraithe i dtíortha eile le linn dóibh bheith i gcuan sa Stát nó bheith laistigh de na farraigí tórann agus iad ar bealach go dtí cuan sa Stát nó uaidh, mura drochaimsir nó ní éigin eile gan choinne nárbh fhéidir a sheachaint faoi deara iad a bheith ann.
(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú, long tíre ar bith a dhíolmhadh ón bhfeidhm sin, más deimhin leo go bhfuil ceanglais dlí na tíre sin chomh héifeachtúil céanna agus go gcomhlíonann an long iad.
(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm.
CUID III.
An Coinbhinsiún a chur i bhFeidhm agus Pionóis.
An Coinbhinsiún a chur i bhfeidhm maidir le taifid ola a choimeád.
19.—(1) Más deimhin leis an Aire—
(a) gur ghlac nó gur shéan rialtas aon tíre Coinbhinsiún 1954 nó aon Choinbhinsiún ina dhiaidh sin, nó
(b) go bhfuil réim ag aon Choinbhinsiún den tsórt sin, nó gur scoir sé de réim a bheith aige, maidir le haon chrích,
féadfaidh sé, le hordú, an ní sin a dhearbhú.
(2) San alt seo ciallaíonn “long lena mbaineann an Coinbhinsiún” long atá cláraithe—
(a) i dtír ar dearbhaíodh gur ghlac a rialtas le Coinbhinsiún 1954 nó le haon Choinbhinsiún ina dhiaidh sin agus nár dearbhaíodh ina dhiaidh sin gur shéanadar é, nó
(b) i gcrích ar dearbhaíodh réim a bheith ag aon Choinbhinsiún den tsórt sin maidir léi agus nár dearbhaíodh ina dhiaidh sin gur scoir sé de réim a bheith aige maidir léi.
(3) Féadfaidh suirbhéir long, nó aon duine ar tugadh cumhacht chuige sin dó le barántas ón Aire, dul ar bord aon loinge lena mbaineann an Coinbhinsiún, le linn di bheith i gcuan sa Stát, agus an leabhar taifid ola d'iniúchadh is gá do réir an Choinbhinsiúin d'iompar ar an loing agus cóip dhílis a dhéanamh d'aon ní a taifeadadh sa leabhar agus a cheangal ar mháistir na loinge a dheimhniú gur cóip dhílis í.
(4) Aon duine a chuirfeas bac le suirbhéir long nó le haon duine eile a bheas ag feidhmiú a fheidhmeanna faoin alt seo nó a mhainneos an leabhar taifid ola a thabhairt ar aird lena iniúchadh nó cóip d'aon ní ann a dheimhniú, air sin a cheangal air, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
(5) Ní dhéanfaidh duine a bheas ag feidhmiú feidhmeanna faoin alt seo an t-árthach a choinneáil ná í a mhoilliú ó dhul ar a turas, mura gá sin.
Cigirí a cheapadh.
20.—(1) Beidh suirbhéir long ina chigire agus é d'fheidhm aige tuairisc ghinearálta a thabhairt don Aire—
(a) cé acu tá nó nach bhfuil ceanglais an Achta seo á gcomhlíonadh;
(b) cad iad na bearta a rinneadh chun éaló aon ola nó meascán olach a chosc;
(c) cé acu is leor nó nach leor na saoráidí in aon chuan chun iarmhar olach a ghlacadh nó a dhiúscairt.
(2) Féadfaidh an tAire duine ar bith a cheapadh ina chigire agus é d'fheidhm aige tuairisc ghinearálta nó tuairisc i gcás áirithe a thabhairt faoi fho-alt (1).
Cumhachta cigirí.
21.—(1) Chun críche a fheidhmeanna, féadfaidh cigire—
(a) dul ar bord aon árthaigh agus an t-árthach d'iniúchadh, maraon lena hinneallra, a báid, a trealamh agus earraí ar bord an árthaigh, agus aon trealamh a thástáil a ceanglaítear faoin Acht seo d'fheistiú inti, ach gan í a choinneáil ná a mhoilliú ó dhul ar a turas, mura gá sin;
(b) dul isteach in aon áitreabh agus iniúchadh a dhéanamh air agus ar aon ghoireas chun ola d'aistriú;
(c) trí thoghairm faoina láimh, a cheangal ar dhuine ar bith láithriú os a chomhair agus an duine sin a cheistiú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo don chigire daoine a chur faoi mhionn);
(d) a cheangal ar fhinné dearbhú a dhéanamh agus a shíniú gur fíor na ráitis a rinne sé faoi cheistiú;
(e) a cheangal ar dhuine ar bith aon doiciméad a thabhairt ar aird dó atá faoina chumhacht nó faoina urláimh nó freagra a thabhairt ar aon fhiosrúchán.
(f) cóip a dhéanamh d'aon ní in aon taifead forordaithe agus a cheangal ar an duine a choimeádas an taifead a dheimhniú gur cóip dhílis den ní sin an chóip sin.
(2) Beidh finné a bheas os comhair chigire i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna ionann is dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é agus lamhálfar na caiteachais dó mar lamhálfaí d'fhinné bheadh ag freastal na Cúirte sin sub poena; agus cuirfear aon díospóid i dtaobh méid na gcaiteachas sin faoi bhráid Mháistir Fhómhais agus déanfaidh seisean, ar iarratas a dhéanamh chuige faoi láimh an chigire, méid na gcaiteachas a chinntiú agus a dheimhniú.
(3) Aon duine—
(a) a mhainneos freastal a dhéanamh ar é a thoghairm mar fhinné os comhair chigire agus ar na caiteachais a bhfuil teideal aige chucu a thairiscint dó, nó a dhiúltós mionn a ghlacadh a gceanglóidh an cigire go dleathach air é a ghlacadh, nó
(b) a dhiúltós nó a fhailleos aon fhreagra nó aon tuairisceán a thabhairt nó aon doiciméad a thabhairt ar aird, nó aon dearbhú a dhéanamh nó a shíniú, nó cóip d'aon taifead a dheimhniú, i gcás ina bhfuil teideal ag an gcigire a cheangal air sin a dhéanamh, nó
(c) a chuirfeas bac go toiliúil ar dhuine agus an duine sin ag feidhmiú a fheidhmeanna faoin alt seo,
beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
Cumhachta máistrí cuain.
22.—(1) Gan dochar do na cumhachta a bheirtear le halt 21, féadfaidh máistir cuain, i gcás aon árthaigh sa chuan—
(a) dul ar bord an árthaigh agus an t-árthach maraon lena hinneallra, a báid, a trealamh agus earraí ar bord an árthaigh d'iniúchadh chun na himthosca a chinntiú a bhaineas le haon chás inar líomhnadh gur scaoileadh ola nó meascán olach as an árthach in uiscí an chuain;
(b) a cheangal go dtabharfar ar aird aon taifead forordaithe;
(c) cóip a dhéanamh d'aon taifeadadh in aon taifead forordaithe agus a cheangal ar an duine a bhfuil an taifead le coimeád aige a dheimhniú gur cóip dhílis den taifeadadh an chóip sin,
ach gan an t-árthach a choinneáil ná a mhoilliú ó dhul ar a turas, mura gá sin.
(2) Duine ar bith—
(a) nach ndéanfaidh do réir aon cheanglais den tsórt sin, nó
(b) a chuirfeas bac go toiliúil ar mháistir cuain agus é ag feidhmiú a fheidhmeanna faoin alt seo,
beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
Pionóis.
23.—Gach duine a dhéanfas cion faoin Acht seo nach bhforáltar aon phionós speisialta ina leith, dlífear—
(a) ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná caoga punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion), nó
(b) ar a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig mhíle punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig chéad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion).
Inchúiseamh i leith cionta.
24.—(1) Féadfaidh an tAire imeachta achomaire i leith aon chiona faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.
(2) Féadfaidh an t-údarás cuain imeachta achomaire i leith ciona a bhaineas le cuan áirithe nó le máistir cuain áirithe a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.
(3) D'ainneoin fo-ailt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta achomaire a thionscnamh i leith an chiona—
(a) i ngach cás, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona, agus
(b) i gcás an duine atá le cúiseamh a bheith i gceann na tréimhse sin lasmuigh den Stát, laistigh de dhá mhí ón gcéad lá ina dhiaidh sin a thiocfas sé isteach sa Stát.
(4) Gan dochar d'aon dlínse eile, féadfar imeachta i leith ciona a thionscnamh i gcoinne duine in aon áit ina mbeidh sé de thuras na huaire.
Comhluchta corpraithe a dhíotáil.
25.—(1) Féadfar comhlucht corpraithe a chur ar aghaidh chun a thriala ar díotáil i leith ciona faoin Acht seo le chúirtbhannaí nó dá n-éagmais.
(2) Ar é a dhíotchúiseamh os comhair na Príomh-Chúirte Coiriúla nó na Cúirte Cuarda, féadfaidh an comhlucht corpraithe pléadáil chiontach nó neamhchiontach a thaifeadadh i scríbhinn trína ionadaí agus mura láithreoidh sé trí ionadaí arna cheapadh aige chuige sin nó, cé go láithreoidh sé amhlaidh, mura dtaifeadfaidh sé pléadáil ar bith, ordóidh an Chúirt pléadáil neamhchiontach a thaifeadadh agus raghaidh an triail ar aghaidh amhail is dá mbeadh an comhlucht corpraithe tar éis an phléadáil sin a thaifeadadh go cuí.
(3) Aon ráiteas i scríbhinn a airbheartós a bheith sínithe ag rúnaí an chomhluchta chorpraithe, á rá go bhfuil an duine a hainmnítear sa ráiteas ceaptha mar ionadaí don chomhlucht chun críche an fho-ailt seo, beidh sé inghlactha gan a thuilleadh cruthúnais mar fhianaise gur ceapadh an duine sin amhlaidh.
(4) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá a sheirbheáil, chun críche nó i gcúrsa imeacht faoin alt seo, ar chomhlucht corpraithe, féadfar é a sheirbheáil trína fhágaint ag oifig chláraithe an chomhluchta sin nó trína chur go dtí an oifig sin leis an bpost cláraithe nó, mura bhfuil aon oifig den tsórt sin sa Stát, trína fhágaint ag an gcomhlucht, nó trína chur leis an bpost cláraithe, go dtí an comhlucht, in aon áit sa Stát ina bhfuil a ghnó á sheoladh aige.
Fíneála a bhailiú agus a chur chun feidhme.
26.—(1) Mura n-íoctar go cuí fíneáil a gearradh ar únaer nó máistir árthaigh, féadfaidh an Chúirt, gan dochar d'aon chumhachta eile chun a híoctha a chur i bhfeidhm, a ordú go ndéanfar an méid atá gan íoc a thobhach tríd an árthach, a tácla, a troscán agus a feisteas a thocsal agus a dhíol.
(2) Más dóigh leis an gCúirt a ghearrfas fíneáil go ndeachaigh nó go raghaidh aon duine faoi chaiteachas ag aistriú aon truailleachais nó ag slánú aon damáiste is inchurtha i leith an chiona, féadfaidh an Chúirt a ordú go n-íocfar an fhíneáil go léir nó cuid di leis an duine sin chun an caiteachas nó cuid de a ghlanadh.
Doiciméid a bheith inghlactha mar fhianaise.
27.—Gach doiciméad a airbheartós a bheith ina thaifead a coimeádtar de bhun an Achta seo nó de bhun Coinbhinsiúin 1954 nó aon Choinbhinsiúin ina dhiaidh sin nó a airbheartós a bheith ina chóip dhílis. arna dheimhniú amhlaidh ag an duine a gceanglaítear air an taifead a choimeád, de thaifeadadh ann, measfar, mura gcruthaítear a mhalairt, gurb é an taifead nó an chóip sin é, agus beidh sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na nithe a luaitear ann.
AN SCEIDEAL.
Réigiúin Toirmiscthe.
Cuid I.
Réigiúin Tosaigh do Theaincéirí.
1. Iomlán na farraige atá—
(a) lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit, agus
(b) laistigh de 100 míle ó chósta na hÉireann, na Breataine Móire, na Beilge, na hIsiltíre, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine nó na Danmhairge.
2. Iomlán na farraige atá—
(a) laisteas de leathad 62° ó thuaidh, agus
(b) laistigh de 50 míle ó chósta na Norbhuaidhe.
3. An chuidsin den Fharraige Atlantach agus de Mhuir nIocht lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit agus lasmuigh den límistéir a sonraítear i mír 1, atá idir líne a tarraingeofaí ó phointe ar amlíne Greenwich 100 míle ó thuaidh-soir-ó-thuaidh ó Inse Shealtainn; as sin ó thuaidh feadh amlíne Greenwich go dtí leathad 64° ó thuaidh; as sin siar feadh an 64ú comhthreormhair go dtí faidlíne 10° siar; as sin go dtí leathad 60° ó thuaidh, faidlíne 14° siar; as sin go dtí leathad 54° 30’ ó thuaidh, faidlíne 30° siar; as sin dtí leathad 44° 20’ ó thuaidh faidhlíne 30° siar; as sin go dtí leathad 48° ó thuaidh faidlíne 14° siar; as sin soir feadh an 48ú comhthreormhair go dtí cósta na Fraince.
Cuid II.
Réigiúin Tosaigh d'Árthaí seachas Teaincéirí.
1. Iomlán na farraige atá—
(a) lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit, agus
(b) laistigh de 100 míle ó chósta na hÉireann, na Breataine Móire, na Beilge, na Isiltíre, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine nó na Danmhairge, nó laistigh de 100 míle ó chósta aon oileáin d'Inse Mara nIocht.
2. Iomlán na farraige atá—
(a) laisteas de leathad 62° ó thuaidh, agus
(b) laistigh de 50 míle ó chósta na Norbhuaidhe.
Cuid III.
Réigiúin Bhreise do Theaincéirí.
1. Iomlán na farraige atá laistigh de 50 míle ó thír, gan áireamh a dhéanamh—
(a) ar na límistéirí a sonraítear i gCuid I,
(b) ar fharraigí tórann an Stáit, ná
(c) ar Mhuir Aidriad agus an límistéir a sonraítear i mír 3.
2. An chuid de Mhuir Aidriad atá laistigh de 50 míle ó chósta na hAlbáine, agus an méid den chuid eile de Mhuir Aidriad atá laistigh de 30 míle ó aon chósta eile (gan oileán Vis d'áireamh).
3. Iomlán na farraige atá laistigh de 150 míle ó chósta na hAstráile, ach amháin amach ó chósta thuaidh agus ó chósta thiar mhórthír na hAstráile idir an pointe os coinne Oileán na Déardaoine agus an pointe ar an gcósta thiar ag 20° leathad theas.
Cuid IV.
Reigiúin Bhreise d'Árthaí seachas Teaincéirí.
1. Iomlán na farraige atá laistigh de 50 míle ó thír, gan áireamh a dhéanamh—
(a) ar na límistéirí a sonraítear i gCuid II,
(b) ar fharraigí tórann an Stáit, ná
(c) ar Mhuir Aidriad.
2. An chuid de Mhuir Aidriad atá laistigh de 50 míle ó chósta na hAlbáine, agus an méid sin den chuid eile de Mhuir Aidriad atá laistigh de 20 míle ó aon chósta eile (gan oileán Vis d'áireamh).