Uimhir 25 de 1974
AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1974
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959.
Toghcháin coimeádaithe áirithe a chur ar athló.
2.—(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1964, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) maidir leis na toghcháin coimeádaithe de bhun ailt 22 agus 27 den Phríomh-Acht a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, le déanamh sa bhliain 1974, déanfar iad ina ionad sin sa bhliain 1975 nó cibé bliain is deireanaí ná sin a shocróidh an tAire le hordú más cuí leis sin a dhéanamh,
(b) maidir leis na toghcháin coimeádaithe de bhun na n-alt sin, seachas na toghcháin a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, déanfar iad gach cúigiú bliain chomhleanúnach i ndiaidh na bliana ina ndéanfar na toghcháin a luaitear amhlaidh, agus
(c) forléireofar bliain toghcháin de réir mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt seo.
(2) Aon uair a bheartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
3.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1974, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1964, agus den Acht seo le chéile.
(3) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.