Uimhir 26 de 1930.
ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (LEASÚ), 1930.
Alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927, do leasú.
1.—Leasuítear leis seo alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927), tré sna figiúirí “1933” do chur in ionad na bhfigiúirí “1930” i ndeire fo-alt (3) den alt san agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Gearr-theideal agus luadh.
2.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Leasú), 1930, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1930, do ghairm den Acht so agus de sna hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 agus 1927, le chéile.