[EN]

Uimhir 26 de 1932.


[EN]

ACHT FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN), 1932.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN SCÉIMEANNA DO CHUR LE CHÉILE AGUS DO CHUR I nGNÍOMH CHUN PÁIGH FHÁGÁLA, PINSEAN NO AISCÍ DO CHUR AR FÁIL I gCÓIR NO ALOS BALL D'FHÓRSAÍ ARMTHA SHAORSTÁIT ÉIREANN, AGUS SEANA-BHALL ÁIRITHE DE SNA FÓRSAÍ SIN ATÁ AG TABHAIRT SEIRBHÍSE UATHA ANOIS I STÁT-SHEIRBHÍS SHAORSTÁIT ÉIREANN NO SA GHÁRDA SÍOCHÁNA, AGUS BALL DE SHEIRBHÍS BHANALTRAIS AN AIRM. [16adh Mí na Nodlag, 1932.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “na Fórsaí” na fórsaí do bunuíodh fé Chuid I den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923);

[EN]

cialluíonn an abairt “an tArm Náisiúnta” na fórsaí seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na fórsaí armtha bhí fé smacht an Aire Cosanta i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Fheabhra, 1922, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1922, agus

[EN]

(b) na fórsaí armtha bhí á gcoinneáil suas ag an Rialtas Sealadach, agus

[EN]

(c) na fórsaí armtha bhí á gcoinneáil suas ag Rialtas Shaorstáit Éireann go dtí an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1924, agus an lá san d'áireamh, agus

[EN]

(d) na Fórsaí.

[EN]

ach ní fholuíonn sí Scirbhís Bhanaltrais an Airm;

[EN]

cialluíonn an abairt “seirbhís mhileata” seirbhís mhileata san Arm Náisiúnta. ach ní fholuíonn sí seirbhís sa Chúltaca do bunuíodh fé Chuid III den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923;

[EN]

cialluíonn an abairt “an Stát-Sheirbhís” Stát-Sheirbhís Shaorstáit Éireann;

[EN]

foluíonn an abairt “oifigeach de sna Fórsaí” duine do bhí ina oifigeach den Arm Náisiúnta tráth agus, faid a bhí sé ina oifigeach den tsórt san no laistigh de cheithre mhí tar éis do scur de bheith ina oifigeach den tsórt san, do ceapadh chun puist inphinsin sa Stát-Sheirbhís no chun bheith ina bhall den Ghárda Síochána agus, le linn an Achta so do rith, atá i seilbh an phuist chéanna no puist inphinsin eile sa Stát-Sheirbhís no is ball den Ghárda Síochána;

[EN]

cialluíonn an abairt “seirbhís bhanaltrais” seirbhís mar bhall de Sheirbhís Bhanaltrais an Airm, agus foluíonn sí seirbhís leis an Arm Náisiúnta mar bhanaltrain.

[EN]

Scéimeanna pinsin d'ullamhú agus do chur i bhfeidhm.

2.—(1) Féadfaidh an tAire Cosanta, le toiliú an Aire Airgid. scéim (dá ngairmtear scéim phinsin san Acht so) d'ullamhú—

[EN]

(a) chun páigh fhágála, pinsean agus aiscí i gcóir no alos na n-oifigeach de sna Fórsaí le n-a mbaineann an scéim sin; agus

[EN]

(b) chun pinsean agus aiscí i gcóir no alos na n-oifigeach neachoimisiúnta agus na bhfear de sna Fórsaí le n-a mbaineann an scéim sin; agus

[EN]

(c) chun pinsean agus aiscí i gcóir na mball de Sheirbhís Bhanaltrais an Airm le n-a mbaineann an scéim sin;

[EN]

do chur ar fáil agus (fé réir a daingnithe fén Acht so) an scéim sin do chur i bhfeidhm.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Cosanta scéimeanna deifriúla pinsin d'ullamhú agus, fé réir a ndaingnithe mar adubhradh, iad do chur i bhfeidhm maidir le hoifigigh de sna Fórsaí, le hoifigigh neachoimisiúnta agus le fir de sna Fórsaí agus le baill de Sheirbhís Bhanaltrais an Airm.

[EN]

(3) Chun méid aon pháigh fhágála, pinsin no aisce a cuirfear ar fáil fé scéim phinsin do dhéanamh amach cuirfear san áireamh (i dteanta pé nithe eile bheidh orduithe leis an scéim phinsin sin) i gcás oifigigh, oifigigh nea-choimisiúnta no fir de sna Fórsaí. seirbhís mhileata an oifigigh, an oifigigh nea-choimisiúnta no an fhir sin no, i gcás baill den tSeirbhís Bhanaltrais. seirbhís bhanaltrais an bhaill sin.

[EN]

Cad a bheidh i scéim phinsin.

3.—Féadfar a shocrú le scéim phinsin—

[EN]

(a) págh fágála, pinsin, agus aiscí d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas leis na daoine le n-a mbaineann an scéim sin no alos na ndaoine sin do réir pé rátaí, ar pé slí agus ar pé am agus fé réir pé coinníollacha agus srianta (ar a n-áirmhítear srianta ar aistriú) a hordófar leis an scéim sin;

[EN]

(b) i gcás oifigeach de sna Fórsaí atá ar seirbhís le linn an Achta so do rith agus do bhí díreach sara ndeachadar san Arm Náisiúnta ag tabhairt seirbhíse uatha i bpost inphinsin sa Stát-Sheirbhís agus a bhí tar éis seirbhíse do thabhairt uatha amhlaidh ar feadh tréimhse nár ghiorra ná cúig bliana fichead, seirbhís uile coda de sna hoifigigh sin no na n-oifigeach san go léir sa phost inphinsin sin d'áireamh, fé réir pé coinníollacha luadhfar sa scéim sin, mar sheirbhís mhileata chun crícheanna an Achta so agus na scéime sin;

[EN]

(c) pionóisí do bheith ag gabháil le hiompar chalaoiseach maidir le haon phágh fágála, pinsean, no aisce d'iarraidh.

[EN]

Dhá Thigh an Oireachtais do dhaingniú scéime pinsin.

4.—Ní thiocfaidh aon scéim phinsin i bhfeidhm mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar í do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus í do dhaingniú le rún o gach Tigh acu san.

[EN]

Scéim phinsin do leasú agus do cheiliúradh.

5.—Feadfar scéim phinsin do leasú no do cheiliúradh le scéim phinsin ina dhiaidh sin ar n-a déanamh agus ar n-a daingniú sa tslí chéanna ina ndearnadh agus inar daingníodh an scéim bhunaigh.

[EN]

Costaisí.

6.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

[EN]

Gearr-theideal.

7.—Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932, do ghairm den Acht so.