Uimhir 26 de 1938.
ACHT NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1938.
Míniú.
1.—San Acht so cialluíonn an focal “dall” duine is dall do réir bhrí an Blind Persons Act, 1920, mar a leasuítear san le hAcht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 (Uimh. 18 de 1932).
Gan áird do thabhairt ar liúntaisí áirithe fén Blind Persons Act, 1920, nuair a bheidh acfuinn daill á háireamh.
2.—Nuair a bheidh acfuinn daill, le n-a n-íoctar liúntas do bhun scéime chun staid na ndall d'fheabhsú do hullamhuíodh fé alt 2 den Blind Persons Act, 1920, á háireamh chun crícheanna Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, ní tabharfar aon áird ar an gcuid sin (más aon chuid é) den liúntas san a híoctar leis an duine sin agus gur léir gur alos aon leinbh is cleithiúnaí air a híoctar í.
Gearr-theideal, léiriú agus luadh.
3.—(1) Féadfar Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1938, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAchtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, agus féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.