Uimhir 27 de 1934.
ACHT CHOLÁISTE PHRÍOMH-SCOILE BHAILE ÁTHA CLIATH, 1934.
[19adh Iúl, 1934.]
AGUS DE BHRÍ go bhfuil Cólucht Rialúcháin an Choláiste sin tar éis socrú do dhéanamh, le goirid, tré reacht, chun oifigí áirithe nua múinteoireachta do bhunú i Roinn Teangan agus Litríochta na Nua-Ghaedhilge:
AGUS DE BHRÍ go bhfuil toilithe ag an gCólucht Rialúcháin sin socrú do dhéanamh chun a chur in áirithe ná leigfear do dhuine ar bith, ach amháin i gcásanna áirithe, dul isteach ar aon scrúduithe céime bheidh ar siúl sa Choláiste sin mara n-eirghidh leis roimh ré i scrúdú i labhairt na Gaedhilge:
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach, mar gheall ar na nithe roimhráite, deontas breise do thabhairt don Choláiste sin:
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—
Deontas bliantúil breise do Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath.
1.—(1) Íocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1934, agus gach bliain airgeadais ina dhiaidh sin, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé suim nách mó ná suim £3,000 (trí mhíle púnt) a dhéanfaidh an tAire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, a cheadú gach bliain den tsórt san.
(2) An t-airgead uile a híocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, fén alt so cuirfidh an Coláiste sin é chun crícheanna Roinn Teangan agus Litríochta na Nua-Ghaedhilge.
Gearr-theideal.
2.—Féadfar Acht Choláiste Phríomh-Scoile Bhaile Atha Cliath, 1934, do ghairm den Acht so.