[EN]

Uimhir 27 de 1947.


[EN]

AN tACHT UM OLAINN GHLAIN, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN GLAINEACHT AMH-OLLA A FHEABHSÚ. [13ú Lúnasa, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Minithe go ginearálta.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

[EN]caoire.

folaíonn an focal “caoire” uain;

[EN]dip chaorach.

ciallaíonn an abairt “dip chaorach” substaint nó ullmhóid is leigheas nó urchosc ar ghearb chaorach nó ar aon ghalar seadánach imeachtrach eile ar chaoire agus a húsáidtear chun caoire a thumadh inti;

[EN]an tOrdú um Thumadh Caorach.

ciallaíonn an abairt “an tOrdú um Thumadh Caorach” an tOrdú um Thumadh Caorach, 1937 (R. & O. R., Uimh. 169 de 1937);

olann.

ciallaíonn an focal “olann” amh-olann (lena n-áirítear amh-olann chraicinn).

(2) Aon tagairt san Acht seo d'earra a cheannach léireofar í mar thagairt a fholaíos tagairt do thairiscint a dhéanamh chun an earra a cheannach nó tairiscint a lorg chun í a dhíol.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'earra a dhíol léireofar í mar thagairt a fholaíos tagairt do thairiscint a dhéanamh chun an earra a dhíol nó tairiscint a lorg chun í a cheannach.

[EN]

Oifigeach údaraithe

2.—(1) Is oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo gach duine acu seo a leanas:

[EN]

(a) oifigeach don Aire, do chomhairle chontae, nó do bhardás contae-bhuirge, arna cheapadh ag an Aire chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo,

[EN]

(b) comhalta den Gharda Síochána.

[EN]

(2) Aon oifigeach údaraithe a cheapfas an tAire gheobhaidh sé ón Aire deimhniú ar a cheapadh ina oifigeach údaraithe agus, nuair a bheas aon chumhacht dá dtugtar dó leis an Acht seo á feidhmiú aige, taispeánfaidh sé an deimhnuú sin d'aon duine lena mbaineann má iarrann an duine sin é.

[EN]

(3) Ní fheidhmeoidh comhalta den Gharda Síochána aon chumhacht dá dtugtar dó leis an Acht seo ach le linn dó bheith in éide.

[EN]

Substaint toirmiscthe.

3.—(1) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “substaint toirmiscthe” substaint—

[EN]

(a) is tarra, pic nó péint nach féidir a bhaint amach le sciúradh, nó ina bhfuil aon cheann de na nithe sin, nó

[EN]

(b) is substaint lena mbaineann an t-alt seo, nó ina bhfuil substaint den tsórt sin, nó

[EN]

(c) is olann dríbeach.

[EN]

(2) Más dóigh leis an Aire aon tsubstaint a bheith neamhoiriúnach chun a húsáidte chun caoire a bhrandáil, féadfaidh sé, le hordú, a fhoráil gur substaint lena mbaineann an t-alt seo an tsubstaint sin.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

Olann ar a bhfuil substaint toirmiscthe a dheighilt.

4.—(1) Aon duine a bheas ag bearradh caorach déanfaidh sé, roimh nó le linn an bearradh a dhéanamh, an olann go léir ar a mbeidh substaint toirmiscthe a dheighilt ón lomra.

[EN]

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh se ciontach i gcion faoin alt seo.

[EN]

Toirmeasc ar dheighleáil in olainn ar a bhfuil substaint toirmiscthe.

5.—(1) Ní dhéanfaidh dúine ar bith aon olann ar a mbeidh substaint toirmiscthe—

[EN]

(a) a cheannach ná a fháil ar shlí eile, ná

[EN]

(b) a dhíol ná a dhiúscairt ar shlí éile.

[EN]

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

[EN]

Toirmeasc ar shubstaint a úsáid chun caoire a bhrandáil.

6.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, toirmeasc a chur le húsáid aon tsubstainte sonraithe chun caoire i gcoitinne a bhrandáil nó chun caoire de phór sonraithe a bhrandáil.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(3) Aon duine a shárós ordú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

[EN]

Toirmeasc ar dhip chaorach de chineál áirithe a dhéanamh.

7.—(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon dip chaorach, pé acu is dip chaorach cheadaithe í do réir bhrí an Orduithe um Thumadh Caorach nó nach ea, ina mbeidh abhar dathúcháin (nach táthchuid atá riachtanach chun gearb caorach nó aon ghalar seadánach imeachtrach eile ar chaoire a leigheas nó a chosc) agus a d'fhágfadh, dá gcuirtí ar chaoire í in aon tslí, smál nó dath ar an olainn.

[EN]

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

[EN]

Toirmeasc ar dheighleáil i ndip chaorach de chineál áirithe.

8.—(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon dip chaorach den tsórt a sonraítear in alt 7 den Acht seo—

[EN]

(a) a cheannach ná a fháil ar shlí eile, ná

[EN]

(b) a dhíol ná a dhiúscairt ar shlí eile.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) den alt seo difir d'oibriú Airteagail 6 den Ordú um Thumadh Caorach.

[EN]

(3) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

[EN]

Cumhachta oifigeach údaraithe.

9.—(1) Beidh oifigeach údaraithe i dteideal dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil olann á coimeád ann chun a díolta nó chun a diúscartha ar shlí eile agus féadfaidh an t-áitreabh sin a iniúchadh agus aon olann a gheobhaidh sé ann a scrúdú agus samplaí dhi a thógaint.

[EN]

(2) Féadfaidh oifigeach údaraithe dul isteach gach tráth réasúnach ar aon talamh a mbeidh caoire á gcoimeád ann agus féadfaidh aon chaoire a scrúdú a gheobhaidh sé ar an talamh sin.

[EN]

(3) Aon duine a choiscfeas nó a bhacfas oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

[EN]

Pionós ginearálta.

10.—Aon duine a bheas ciontach i gcion faoin aon alt den Acht seo dlífear, ar a chiontú ann ar an slí achomair, fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

[EN]

Inchúiseamh i gcionta.

11.—Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i gcion faoi aon alt den Acht seo.

[EN]

Orduithe a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

12.—Aon ordú a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

Costais.

13.—Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

14.—(1) Féadfar an tAcht um Olaínn Ghlain, 1947, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.