[EN]

Uimhir 27 de 1952.


[EN]

AN tACHT PINSEAN, 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN PINSEAN D'ÍOC LE BAINTREACH MHICHÍL UÍ CHEALLACHÁIN AGUS LE BAINTREACH SHEOIRSE MHIC FHLANNCHADHA AGUS CHUN AISCE D'ÍOC LE hINÍN LE TOMÁS MAC CURTÁIN. [17ú Nollaig, 1952.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

An tAire.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Cosanta.

[EN]

Pinsean do bhaintreach Mhichíl Uí Cheallacháin.

2.—Íocfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le Caitlín Bean Uí Cheallacháin, baintreach Mhichíl Uí Cheallacháin, ba Mhéara ar Luimneach tráth, pinsean bliantúil de chúig chéad punt ar feadh a saoil.

[EN]

Pinsean do bhaintreach Sheoirse Mhic Fhlannchadha.

3.—Íocfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le Máire Bean Mhic Fhlannchadha, baintreach Sheoirse Mhic Fhlannchadha, ba Mhéara ar Luimneach tráth, pinsean bliantúil de chúig chéad punt ar feadh a saoil.

[EN]

Aisce d'inin le Tomás Mac Curtáin.

4.—Íocfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le Síle Nic Curtáin, inion le Tomás Mac Curtain, ba Ard-Mhéara ar Chorcaigh tráth, aisce de chúig chéad punt

[EN]

Tosach feidhme agus íocaíochtaí.

5.—(1) Measfar pinsean faoin Acht seo a thosnú an lú lá d'Aibreán, 1952, agus íocfar, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, an méid a bheas faibhrithe air i leith na tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1952, agus dár críoch dáta an Achta seo a rith.

[EN]

(2) Íocfar go míosúil i riaráiste suim ar bith a fhaibhreos chun bheith dlite i leith pinsin tar éis dáta an Achta seo a rith.

[EN]

Gearrtheideal.

6.—Féadfar an tAcht Pinsean, 1952, a ghairm den Acht seo.