[EN]

Uimhir 27 de 1955.


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLA SEALADACHA), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH MÉADÚ I gCÁSANNA ÁIRITHE, I LEITH SEACHTAINE AMHÁIN I MÍ NA NOLLAG, 1955, AR PHINSIN FAOI ACHTA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1955, AR PHINSIN FAOI NA hACHTA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1955, AGUS AR SHOCHAR MÍCHUMAIS FAOIN ACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1952. [6 Nollaig, 1955.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Méadú—pinsin faoi Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1903 go 1955.

1.—Má bhíonn duine i dteideal pinsin faoi Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1955, i leith na seachtaine dar tosach na 23ú lá de Nollaig, 1955, méadófar aon tsuim is iníoctha leis i leith an phinsin sin don tseachtain sin de mhéid is ionann agus an tsuim sin.

[EN]

Méadú—pinsin faoi na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1955.

2.—Má bhíonn duine i dteideal pinsin (neamhranníocach) bhaintrí faoi na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1955 (ar pinsean é is liúntas (neamhranníocach) baintrí nó ina n-áirítear sin), i leith na seachtaine dar tosach an 23ú lá de Nollaig, 1955, méadófar aon tsuim is iníoctha i leith an phinsin sin don tseachtain sin de mhéid is ionann agus—

[EN]

(a) an tsuim sin, mura bhfuil sa tsuim sin ach liúntas (neamhranníocach) baintrí, agus

[EN]

(b) an méid den tsuim sin is ionann agus liúntas (neamhranníocach) baintrí, in aon chás eile.

[EN]

Méadú—sochar michumais faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.

3.—Más rud é—

[EN]

(a) go mbeidh duine i dteideal sochair mhíchumais faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) i leith na seachtaine dar tosach an 19ú lá de Nollaig, 1955, nó i leith aon choda den tseachtain sin, agus

[EN]

(b) go raibh sé i dteideal an tsochair sin go leanúnach ar feadh na tréimhse d'aon tseachtain chaogad díreach roimh an seachtain sin;

[EN]

méadófar aon tsuim is iníoctha leis i leith an tsochair sin don tseachtain sin de mhéid is ionann agus—

[EN]

(i) an tsuim sin, mura bhfuil sa tsuim sin cuid is ionann agus méadú do leanbh cáilithe nó do leanaí cáilithe, agus

[EN]

(ii) an tsuim sin lúide an chuid di is ionann agus méadú do leanbh cáilithe nó do leanaí cáilithe in aon chás eile.

[EN]

Srian ginearálta.

4.—D'ainneoin na n-alt sin roimhe seo den Acht seo—

[EN]

(a) más rud é go dtarlódh, mura mbeadh an mhír seo, méadú de bhuaidh aon cheann de na hailt sin i gcás duine ar a mbeidh cónaí, an lá a bheas sé i dteideal na suime a méadófaí, lasmuigh den Stát, ní déanfar an méadú sin, agus

[EN]

(b) más rud é go dtarlódh, mura mbeadh an mhír seo, níos mó ná méadú amháin de bhuaidh na n-alt sin i gcás aon duine áirithe, ní déanfar ach ceann amháin de na méaduithe sin.

[EN]

Gearrtheideal.

5.—Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forála Sealadacha). 1955, a ghairm den Acht seo.