Uimhir 27 de 1972
ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH, 1972
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “na Comhphobail Eorpacha” Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;
ciallaíonn “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha”—
(a) “Conradh CEGC”, is é sin le rá, an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, a síníodh i bPáras an 18ú lá d'Aibreán, 1951,
(b) “Conradh CEE”, is é sin le rá, an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957,
(c) “Conradh Euratom”, is é sin le rá, an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957,
(d) an Coinbhinsiún ar Institiúidí áirithe is coiteann do na Comhphobail Eorpacha, a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957,
(e) an Conradh ag bunú Comhairle aonair agus Coimisiún aonair de na Comhphobail Eorpacha, a síníodh sa Bhruiséil an 8ú lá d'Aibreán, 1965,
(f) an Conradh a leasaíonn forálacha Buiséadachta áirithe de na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus den Chonradh ag bunú Comhairle aonair agus Coimisiún aonair de na Comhphobail Eorpacha, a síníodh i Lucsamburg an 22ú lá d'Aibreán, 1970,
(g) an Conradh i dtaobh aontachas na hÉireann le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh sa Bhruiséil an 22ú lá d'Eanair, 1972,
(h) cinneadh an 22ú lá d'Eanáir, 1972, ó Chomhairle na gComhphobal Eorpach i dtaobh aontachas na hÉireann leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach,
arna bhforlíonadh nó arna leasú ag conarthaí nó gníomhartha eile ar dátaí nach déanaí ná an 1ú lá d'Eanáir, 1973, a ndátaí tosach feidhme.
(2) (a) San fho-alt roimhe seo ní fholaíonn “conarthaí nó gníomhartha eile ar dátaí nach déanaí ná an 1ú lá d'Eanáir, 1973, a ndátaí tosach feidhme” aon chonradh nó gníomh eile ar dáta is déanaí ná an 22ú lá d'Eanáir, 1972, a dháta tosach feidhme, mura mbeidh an Rialtas, tráth nach déanaí ná an 1ú lá d'Eanáir, 1973, tar éis a dhearbhú le hordú go mbaineann an t-alt seo leis.
(b) In aon chás ina mbeartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh gach Teach acu sin tar éis rún a rith ag ceadú an dréachta.
Foráil ghinearálta.
2.—Ón 1ú lá d'Eanáir, 1973, beidh na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha agus na gníomhartha láithreacha agus todhchaí arna nglacadh ag institiúidí na gComhphobal sin ina gceangal ar an Stát agus beidh siad ina gcuid dá dhlí baile faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna conarthaí sin.
Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh.
3.—(1) Féadfaidh Aire Stáit rialacháin a dhéanamh d'fhonn go bhféadfadh lán-éifeacht a bheith ag alt 2 den Acht seo.
(2) Féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Aire ag a mbeidh na rialacháin á ndéanamh a bheith riachtanach chun críocha na rialachán (lena n-áirítear forálacha ag aisghairm, ag leasú nó ag feidhmiú, le modhnú nó gan modhnú, dlí eile, lasmuigh den Acht seo).
(3) Ní dhéanfaidh rialacháin faoin alt seo cion indíotála a bhunú.
(4) Féadfar rialacháin faoin alt seo a dhéanamh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1973, ach ní thiocfaidh aon rialacháin a bheidh déanta amhlaidh i ngníomh roimh an lá sin.
Éifeacht agus daingniú rialachán.
4.—(1) Beidh éifeacht reachtúil ag rialacháin faoin Acht seo agus, mura rud é go ndaingneofar iad le hAcht ón Oireachtas a rithfear laistigh de shé mhí tar éis a ndéanta nó nach mbeidh iontu ach rialacháin ag cúlghairm go hiomlán rialacháin a bheidh déanta roimhe sin faoin Acht seo, scoirfidh siad d'éifeacht reachtúil a bheith acu ar bheith caite don tréimhse sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a bheith déanta roimhe sin faoi na rialacháin sin.
(2) Más rud é, ar rialacháin faoin Acht seo a bheith déanta, nó tráth ar bith ina dhiaidh sin agus roimh na rialacháin a bheith daingnithe nó roimh iad do scor d'éifeacht reachtúil a bheith acu, go mbeidh Dáil Éireann arna cur ar athló ar feadh tréimhse is faide ná deich lá agus más rud é, le linn í a bheith ar athló, go n-iarrfaidh trian ar a laghad de chomhaltaí Dháil Éireann trí fhógra i scríbhinn don Cheann Comhairle, go gcomórfaí Dáil Éireann, déanfaidh an Ceann Comhairle Dáil Éireann a chomóradh chun cruinniú ar lá a shonróidh sé nach déanaí ná lá agus fiche tar éis dó an fógra a fháil ná nach luathe ná deich lá tar éis an fógra á comóradh a bheith eisithe.
Tuarascáil do Thithe an Oireachtais.
5.—Tabharfaidh an Rialtas tuarascáil dhá uair sa bhliain do gach Teach den Oireachtas ar imeachtaí sna Comhphobail Eorpacha.
Gearrtheideal.
6.—Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, a ghairm den Acht seo.