[EN]

Uimhir 28 de 1924.


[EN]

ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE DEOCHA MEISCIÚLA DO DHÍOL AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS SIN.

[23adh Iúl, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Cuid I.

Trathanna Coiscithe.

[EN]

Leathanú ar thráthanna coiscithe.

1.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun í dhíol, ná aon áitreabh d'oscailt chun deocha meisciúla do dhíol, aon lá nách Domhnach ná Aoine an Chéasta ná Lá Nodlag roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog tráthnóna. Ní bhainfidh an fo-alt so le haon áitreabh ceadúnuithe is cuid d'amharclainn, de halla ceoil, no d'aon áit eile i gcóir caitheamh-aimsire phuiblí.

[EN]

(2) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun í dhíol in aon amharclainn, halla ceoil, ná in aon áit eile i gcóir caitheamh-aimsire phuiblí aon uair is luatha ná tríocha nómat roimh thosach taibhdhirc no siamsa ná aon uair is déanaí ná tríocha nómat tar éis deire taibhdhirc no siamsa ná aon uair tar éis a deich a chlog istoíche.

[EN]

Féadfidh Giúistís Dúithche a ordú go ndúnfar áitreabh ceadúnuithe láithreach.

2.—Más deimhin le Giúistís Dúithche, ar iarratas scríbhte o Cheannphort no o Chigire don Ghárda Síochána, go bhfuil sé oiriúnach, chun síocháin agus ordú puiblí do chimeád, stad do chur láithreach le deocha meisciúla do dhíol in aon bhaile no sráidbhaile, féadfidh an Giúistís Dúithche a ordú go ndúnfar láithreach go deire an lae sin, no go ceann pé tréimhse níos giorra ná san is dó leis is leor, gach áitreabh go bhfuil ceadúnas aige chun deocha meisciúla do dhíol sa bhaile no sa tsráidbhaile sin.

[EN]

Pionóisí mar gheall ar oscailt le linn tráthanna coiscithe.

3.—Gach pionós atá i bhfeidhm de thurus na huaire fén Acht so no fé aon Acht eile mar gheall ar dheocha meisciúla do dhíol no do thaisbeáint chun iad do dhíol no mar gheall ar iad do cheannach no mar gheall ar aon áitreabh d'ascailt no do chimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol no mar gheall ar bheith i láthair in aon áitreabh den tsórt san le linn aon tráthanna no amannta go gcoiscithear le haon Acht atá i bhfeidhm anois deocha meisciúla do dhíil le n-a linn, agus gach foráil reachtúil a bhaineann leis na pionóisí sin, dintar leis seo iad do leathanú agus do chur i mbaint leis na hamannta go gcoiscithear leis an gCuid seo den Acht so no go gcoiscfar le haon ordú a déanfar fén gCuid seo den Acht so deocha meisciúla do dhíol le n-a linn.

[EN]

Nithe ná bainfidh an tAcht so leo.

4.—Ní léireofar éinní sa Chuid seo den Acht so mar ní a bhaineann le deocha meisciúla do dhíol le lóistéirí, ná le deocha meisciúla do dhíol i mbáid phacáide, ná i gceantíní do réir an Achta le n-a regleáltar an céanna, ná i gclub cláruithe mar a mínítear é les an Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ná ni choiscfe sé deocha meisciúla do dhíol aon uair i stáisiún traenach ar theacht ná ar imeacht do thraenacha, ná deocha meisciúla do dhíol le taistealuithe bona fide do réir brí na Licensing (Ireland) Acts, 1883 to 1905.

Cuid II.

Ilghneitheach.

[EN]

Tráthanna coiscithe i gclubanna.

5.—(1) I dtreo go mbeidh club ionchláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, forálfar i rialacha an chlub (i dteanta na nithe a luaidhtear in Alt 4 den Acht san) ná tabharfar aon deoch ionmháil d'éinne (nách ball den chlub atá ar lóistín in áitreabh an chlub) roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a deich a chlog tráthnóna lá ar bith.

[EN]

(2) Aon chlub atá cláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, le linn rithte an Achta so, ní bhainfidh an t-alt so leis go dtí go n-éagfidh an deimhniú, ar chlárú an chlub san, a bheidh i bhfeidhm i gceann dhá mhí o am rithte an Achta so.

[EN]

I gcásanna áirithe ní lúde dleathacht ceadúnaisí gan iad a bheith athnuaidhte.

6.—In aon chás, tar éis an 1adh lá d'Eanair, 1919—

[EN]

(a) nár bhféidir athnuachaint do dhéanamh ar cheadúnas chun aon tsaghas na saghasanna dighe meisciúla do dhíol, pe'ca san áitreabh é no lasmuich de, toisc nár comóradh an Gearr-Shiosón Bliantúil Ceadúnais sa Chontae no sa Chontae-Bhuirg ina raibh an t-áitreabh ceadúnuithe suidhte, no toisc ná raibh aon Ghiúistís Síochána no toisc nár leor an méid Giúistisí Síochána a bhí sa Chontae no sa Chontae-Bhuirg sin chun na deimhnithe ba riachtanach do thabhairt chun an ceadúnas san d'athnuachaint, no toisc go raibh sealbhóir an cheadúnais sin, mar gheall ar a phrínsiobail, i gcoinnibh athnuachaint a cheadúnais d'iarraidh ar an nGearr-Shiosón san no na deimhnithe sin d'iarraidh ar na Giúistísí sin, agus

[EN]

(b) gur híocadh go cuibhe no go n-íocfar go cuibhe laistigh de mhí tar éis rithte an Achta so, gach diúité máil is iníoctha ar son no ar scór an cheadúnais sin ón athnuachaint air,

[EN]

tuigfar, chun gach, criche, go bhfuil an ceadúnas san, agus go raibh sé riamh ón athnuachaint deiridh air, chó dleathach agus chó héifeachtúil agus dá ndintí é athnuachaint go féiltiúil gach bliain ón athnuachaint deiridh air agus leanfa sé de bheith chó dleathach agus chó héifeachtúil sin do deire an 10adh lá de Dheire Fomhair, 1923, agus gach aistriú a dineadh no a déanfar ar an gceadúnas san in gceann bliana ón athnuachaint deiridh air agus roimh an 11adh lá de Dheire Fomhair, 1923, tuigfar go bhfuil agus go raibh sé riamh chó dleathach agus chó héifeachtúil agus dá ndintí an ceadúnas san d'athnuachaint go féiltiúil gach bliain go dti an bhliain in ar dineadh no ina ndéanfar an t-aistriú san agus an bhliain sin féin.

[EN]

Gearr-theideal.

7.—Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla, 1924, do ghairm den Acht so.