[EN]

Uimhir 28 de 1953.


[EN]

ACHT NA gCARA-CHUMANN (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN FRIENDLY SOCIETIES ACT, 1896. [24ú Samhain, 1953.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Acht 1896.

1.—San Acht seo ciallaíonn “Acht 1896” an Friendly Societies Act, 1896.

[EN]

Leasú ar alt 8 d'Acht 1896.

2.—Leasaítear leis seo an coinníoll a ghabhas le mír (1) d'alt 8 d'Acht 1896 trí “fifty-two pounds” a chur in ionad “fifty pounds” agus “three hundred pounds” in ionad “two hundred pounds”.

[EN]

Leasú ar alt 56 d'Acht 1896.

3.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 56 d'Acht 1896 trí “three hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds”.

[EN]

Leasú ar alt 57 d'Acht 1896.

4.—Leasaítear leis seo alt 57 d'Acht 1896—

[EN]

(a) trí “three hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds” i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(b) trí fho-ailt (3) agus (4) a scrios.

[EN]

Leasú ar alt 58 d'Acht 1896.

5.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 58 d'Acht 1896 trí “three hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds” agus trí gach focal ó “subject” go dtí deireadh an fho-ailt a scrios.

[EN]

Leasú ar alt 59 d'Acht 1896.

6.—Leasaítear leis seo alt 59 d'Acht 1896 trí “two thousand pounds” a chur in ionad “one hundred pounds” aon áit a bhfuil na focail deiridh sin.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

7.—(1) Féadfar Acht na gCara-Chumann (Leasú), 1953, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achta na gCara-Chumann, 1896 go 1953, a ghairm d'Achta na gCara-Chumann, 1896 go 1936, agus den Acht seo le chéile.