[EN]

Uimhir 29 de 1927.


[EN]

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1927.


ACHT CHUN NAOI MÍ DO CHUR LEIS AN AIMSIR A CEAPTAR LE hALT 46 DEN ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924, CHUN BREITHIMH CHUARDA CHONGANTA SHEALADACHA DO CHEAPA. [11adh Lúnasa, 1927.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Alt 46 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, do leasú.

1.—Leasuítear leis seo alt 46 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) tré sna focail “agus naoi mí” do chur láithreach i ndiaidh na bhfocal “thrí bliana” agus “trí bliana” sna háiteanna ina bhfuil na focail sin fé seach agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

2.—(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1927, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 agus 1926, agus féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1927, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.