[EN]

Uimhir 29 de 1939.


[EN]

ACHT NA nOISPIDÉAL PUIBLÍ (LEASÚ) (Uimh. 2), 1939.

ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS CHUMAINN CHROISE DEIRGE NA hÉIREANN CISTÍ DO CHRUINNIÚ TRÉ SCUAB-GHILL AGUS CRANNCHUIR DHUAISEANNA FÉ ACHTANNA NA nOISPIDÉAL PUIBLÍ, 1933 GO 1939, AGUS CHUN PÁIRTEANNA DE SNA hACHTANNA SAN DO LEASÚ AGUS DO CHUR I mBAINT CHUN NA CRÍCHE SIN, AGUS CHUN AILT 50 DEN ACHT AIRGID, 1932, DO CHUR I mBAINT LEIS NA SCUAB-GHILL SIN.

[26adh Deireadh Fómhair, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 (Uimh. 18 de 1933), ar n-a oiriúnú de dhruim an Bhunreachta d'achtú.

[EN]

(2) Gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht no ann chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so (mara bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) an bhrí bheirtear dó amhlaidh.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Cumann” Cumann Croise Deirge na hÉireann;

[EN]

cialluíonn an abairt “cumann coigríche” cumann no cóghléasadh i dtír seachas Éire go bhfuil cuspóirí no feidhmeanna aige atá cosúil no ar aon dul le cuspóirí no feidhmeanna an Chumainn;

[EN]

cialluíonn an abairt “an cogadh so san Eoraip” an coinbhliocht fé airm atá, le linn an Achta so do rith, á thabhairt idir comhachta Eorpacha áirithe.

[EN]

An Cumann do chur scuab-gheall ar siúl.

3.—(1) Pé uair, le linn an chogaidh seo san Eoraip, is mian leis an gCumann scuab-gheall do chur ar siúl fén bPríomh-Acht ar n-a chur i mbaint tríd an Acht so, féadfaidh an Cumann coiste scuabghill do cheapadh fé fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht, agus leis sin beidh feidhm agus éifeacht, fé réir an chéad fho-ailt eile den alt so, ag ailt 1 go 13 (ach amháin fo-alt (6) d'alt 5, mír (a) d'alt 6, fo-alt (1) d'alt 10, agus fo-alt (1) d'alt 12) den Phríomh-Acht.

[EN]

(2) Chun na bpáirteanna den Phríomh-Acht a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do chur i mbaint de bhun an fho-ailt sin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le léiriú agus míniú na bpáirteanna san den Phríomh-Acht ar n-a gcur i mbaint amhlaidh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ciallóidh an abairt “coiste scuab-ghill” coiste scuab-ghill a cheapfaidh an Cumann de bhuadh an ailt seo;

[EN]

(b) ciallóidh an focal “bunuitheoirí” an Cumann;

[EN]

(c) ciallóidh an abairt “an tAcht so” an Príomh-Acht (sa mhéid go gcuirtear i mbaint é tríd an Acht so) agus an tAcht so;

[EN]

(d) an tagairt atá i bhfo-alt (2) d'alt 12 den Phríomh-Acht don méid a híocfar de bhun an ailt sin le hIontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal léireofar í agus beidh éifeacht aici, d'ainneoin éinní atá in Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú), 1938 (Uimh. 21 de 1938), mar thagairt don méid a híocfar fén Acht so leis an gCumann.

[EN]

Lánas scéimeanna chuirfidh an Cumann isteach.

4.—Scéim a leagfaidh an Cumann fé bhráid an Aire Dlighidh agus Cirt de bhun ailt 6 den Phríomh-Acht ar n-a chur i mbaint tríd an Acht so, déarfar inti (i dteanta na nithe is gá do réir an ailt sin 6 ar n-a chur i mbaint amhlaidh) go gcoinneoidh an Cumann chun a gcrícheanna féin iomlán an airgid a híocfar leis an gCumann alos an scuab-ghill le n-a mbainfidh an scéim sin no, neachtar acu, ná coinneoid ach cuid den airgead san amhlaidh agus go n-íocfar fuighleach an airgid sin le cumainn choigríche agus, sa chás deiridh sin, déarfar inti freisin cadé an cion den airgead san a coinneofar amhlaidh agus cadé an cion de a híocfar amhlaidh no luadhfar inti cadé an tslí ina ndéanfar amach na ceana san.

[EN]

Ráitisí ar leabhair ticéadaí.

5.—Beidh ráiteas clóbhuailte go soiléir ar gach leabhar ticéadaí i scuab-gheall a chuirfidh an Cumann ar siúl de bhuadh an Achta so á rá gur fé Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1939, atá an scuab-gheall san á chur ar siúl, agus féadfaidh ráiteas bheith clóbhuailte air freisin á rá gur chun sochair don Chumann agus (más amhlaidh bheidh) chun sochair do chumainn choigríche atá an scuabgheall san á chur ar siúl.

[EN]

Toradh scuabgheall do chur chun críche.

6.—(1) Íocfar leis an gCumann an farasbarr, den airgead do gheobhfar as ticéadaí do dhíol i scuab-gheall a chuirfidh an Cumann ar siúl de bhuadh an Achta so, a bheidh fágtha tar éis na nduaiseanna do bhéarfar amach sa scuab-gheall san agus na gcostaisí fé n-a raghfar ag cur an scuab-ghill sin ar siúl agus aon diúité no cáin is inéilithe alos an fharasbairr sin d'íoc no socrú ina gcóir.

[EN]

(2) Airgead a híocfar leis an gCumann de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so alos scuab-ghill cuirfidh an Cumann chun críche é do réir na bhforálacha chuige sin a bheidh sa scéim a bheidh ceaduithe ag an Aire Dlighidh agus Cirt i leith an scuab-ghill sin.

[EN]

(3) Is dleathach don Chumann, má foráltar san leis an scéim a bheidh ceaduithe ag an Aire Dlighidh agus Cirt alos scuab-ghill a chuirfidh an Cumann ar siúl de bhuadh an Achta so, cuid den airgead a híocfar de bhun an chéad fho-ailt den alt so leis an gCumann alos an scuab-ghill sin d'íoc le cumainn choigríche do réir na scéime sin.

[EN]

Feidhm ag achtacháin cháinghearrthacha áirithe.

7.—Is tuigthe, chun crícheanna agus do réir bhrí ailt 41 den Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933), scuab-gheall a chuirfidh an Cumann ar siúl de bhuadh an Achta so do bheith á chur ar siúl fén bPríomh-Acht, agus dá réir sin bainfidh alt 50 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), le gach scuab-gheall den tsórt san de bhuadh an ailt sin 41.

[EN]

Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú), 1939, do dhúnadh amach.

8.—Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú), 1939 (Uimh. 15 de 1939), maidir le scuab-gheall a chuirfidh an Cumann ar siúl de bhuadh an Achta so.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus cóluadh.

9.—(1) Féadfar Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú) (Uimh. 2), 1939, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1939, agus an tAcht so le chéile.

[EN]

(3) Chun crícheanna có-luachainte, folóidh an abairt “Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1939,” an tAcht so.