[EN]

Uimhir 29 de 1945.


[EN]

AN tACHT DOICIMÉIDÍ AGUS PICTIÚIRÍ (ONNMHUIRIÚ DO RIALÁIL), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH RIALÁLA AR ONNMHUIRIÚ DOICIMÉIDÍ AGUS PICTIÚIRÍ D'FHONN BREACACHÁIN DO CHOIMEÁD ORTHU SAN ATÁ INSPÉISE Ó THAOBH CÚRSAÍ NÁISIÚNTA, STAIRE, GEINEALAIS NO LITRÍOCHTA. [4ú Lúnasa, 1945.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe

1.—San Acht so—

[EN]doiciméid.

folaíonn an focal “doiciméid” aon scríbhinn, tarraingeoireacht, léarscáil, cairt, plean, grianghraf nó scannán;

[EN]ceadúnas onnmhuirithe.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas onnmhuirithe” ceadúnas arna dheonadh faoi alt 4 den Acht so;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Oideachais.

[EN]

Earraí lena mbaineann an tAcht so.

2.—(1) Is earra lena mbaineann an tAcht so gach earra acu so leanas—

[EN]

(a) aon doiciméid (seachas doiciméid a mbeidh a hiomlán i gcló) ar mó ná céad blian a haois,

[EN]

(b) aon phinteoireacht,

[EN]

(c) aon doiciméid a ndearbhófar le hordú arna dhéanamh ag an Aire faoi fho-alt (2) den alt so í bheith ina hearra lena mbaineann an tAcht so.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham a dhearbhú le hordú aon doiciméid is dóigh leis do bheith inspéise ó thaobh cúrsaí náisiúnta, staire, geinealais nó litríochta do bheith ina hearra lena mbaineann an tAcht so agus féadfaidh aon ordú den tsórt san do chúlghairm.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire ó am go ham a dhearbhú le hordú aon doiciméid nó pinteoireacht áirithe nó aon doiciméid nó pinteoireacht d'aicme áirithe do bheith eiscthe ó oibriú an Achta so agus aon doiciméid nó pinteoireacht a dearbhófar amhlaidh do bheith eiscthe scoirfidh sí, faid a bheas an t-ordú i bhfeidhm, de bheith ina hearra lena mbaineann an tAcht so, agus féadfaidh an tAire aon ordú den tsórt san do chúlghairm.

[EN]

Srian le hearraí lena mbaineann an tAcht so d'onnmhuiriú.

3.—Ní dleathach do dhuine ar bith aon earra lena mbaineann an tAcht so d'onnmhuiriú mura sealbhóir an duine sin ar cheadúnas onnmhuirithe á údarú an earra d'onnmhuiriú agus mura seachatar an ceadúnas don oifigeach iomchuibhe custam agus máil tráth an onnmhuirithe.

[EN]

Ceadúnais onnmhuirithe.

4.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt so, déanfaidh an tAire, ar iarratas ó dhuine a bheartós earra lena mbaineann an tAcht so d'onnmhuiriú, ceadúnas do dheonadh don duine sin chun an earra d'onnmhuiriú.

[EN]

(2) Má déantar iarratas chun an Aire ag lorg ceadúnais onnmhuirithe chun earra lena mbaineann an tAcht so d'onnmhuiriú, féadfaidh an tAire a iarraidh ar an iarratasóir pé caoi do thabhairt don Aire is dóigh leis is gá chun cóipeanna grianghraftha den earra do dhéanamh laistigh d'am réasúnach, agus sa chás san ní dheonfaidh an tAire an ceadúnas onnmhuirithe mura ndéantar do réir mar bheas iarrtha aige.

[EN]

Cóipeanna grianghraftha d'earraí lena mbaineann an tAcht so do dhéanamh agus d'úsáid.

5.—Má thugann an t-iarratasóir ar cheadúnas onnmhuirithe i leith earra lena mbaineann an tAcht so caoi chun cóipeanna grianghraftha den earra do dhéanamh, féadfaidh an tAire a thabhairt go ndéanfar cóipeanna grianghraftha den earra agus a thabhairt go bhfoillseofar nó go n-úsáidfear in aon tslí is dóigh leis is ceart aon chóipeanna grianghraftha a déanfar amhlaidh.

[EN]

Costais.

6.—Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh, déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearr-theideal.

7.—Féadfar an tAcht Doiciméidí agus Pictiúirí (Onnmhuiriú do Rialail), 1945, do ghairm den Acht so.