Uimhir 29 de 1950.
AN tACHT UM AN ÚDARÁS FORBARTHA TIONSCAIL, 1950.
[An tiontó oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an tUdarás” an tUdarás Forbartha Tionscail;
ciallaíonn “comhalta” comhalta den Údarás;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
ní fholaíonn tagairtí do thionscal tagairtí do bhancaeireacht, árachas ná talmhaíocht.
An tUdarás Forbartha Tionscail.
2.—(1) Beidh comhlucht ann ar a dtabharfar an tUdarás Forbartha Tionscail.
(2) Beidh an tUdarás, i bhfeidhmiú a chumhacht agus a fheidhmeanna dhó, freagarthach don Aire.
(3) Is iad comhaltaí a bheas ar an Údarás cathaoirleach agus ceathrar comhaltaí eile ar a mhéid.
(4) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na comhaltaí a cheapadh.
(5) Beidh feidhm ag forála an Sceidil a ghabhas leis an Acht seo maidir le céad-cheapadh comhaltaí.
Feidhmeanna an Údaráis.
3.—Is comhlucht uathrialaitheach, a mbeidh na feidhmeanna seo a leanas aige, an tUdarás:—
(i) tograí agus scéimeanna a thionscain, lena gcur faoi bhráid an Aire, chun tionscail Eireannacha a bhunú agus d'fhorbairt;
(ii) léirscrúdú a dhéanamh féachaint cá mhéid is féidir tuilleadh forbairte tionscail a dhéanamh agus comhairle ina thaobh sin a thabhairt don Aire;
(iii) comhairle a thabhairt don Aire i dtaobh bearta is gá agus is inmhianuithe chun tionscail nua a bhunú;
(iv) comhairle a thabhairt don Aire i dtaobh bearta is gá a dhéanamh chun tionscail atá ann a mhéadú; agus a fhreacnairciú;
(v) comhairle agus treoir a thabhairt, nuair a hiarrfar sin, do dhaoine atá ag smaoineamh ar thionscail nua a chur ar bun nó tionscail atá ann a mhéadú;
(vi) fiosrú a dhéanamh ar éifeacht chóracha caomhainte, go háirithe ó thaobh fostaíochta, praghsanna, cáilíochta earraí, páigh-chothroma agus coinníollacha fostaíochta, agus tuarascáil ina thaobh sin a thabhairt don Aire;
(vii) scrúdú a dhéanamh ar aon tograí a tharchuirfeas an tAire chun an Údaráis maidir le táirimh, cuótanna, nó córacha eile caomhainte nó forbartha d'fhorchur nó d'athscrúdú, agus fiosrú a dhéanamh ar an éifeacht is dóigh a bheadh ag na tograí sin, go háirithe ó thaobh fostaíochta, praghsanna, cáilíochta earraí, páigh-chothroma agus coinníollacha fostaíochta, agus
(viii) comhairle a thabhairt i dtaobh aon ní maidir le forbairt tionscail a tharchuirfeas an tAire chun an Údaráis.
Comhaltaí.
4.—(1) Socróidh an tAire tréimhse oifige comhalta nuair a bheas sé á cheapadh agus ní bheidh an tréimhse sin níos sia ná chúig bliana.
(2) Duine is comhalta díreach roimh dheireadh na tréimhse tosaigh dar ceapadh é nó aon tréimhse ina dhiaidh sin dar hathcheapadh é, beidh sé inathcheaptha ar théarmaí nach lú tairbhe dhó ná na téarmaí ar ar céad-cheapadh é.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, comhalta a chur as oifig de dheasca mí-iompair nó éagumais shonraithe agus leagfaidh sé aon ordú den tsórt sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(4) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig trí fhógra i scríbhinn a chur chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí-as ar an dáta a gheobhas an tAire an fógra.
(5) Féadfar luach saothair, téarmaí ceapacháin agus coinníollacha seirbhíse comhalta a shocrú trí chonradh arna dhéanamh leis ag an Aire, ag gníomhú dhó le ceadú an Rialtais.
(6) Beidh na comhaltaí freagarthach don Aire i gcomhlíonadh a ndualgas.
(7) Déanfaidh comhalta iomlán a chuid aimsire, nó pé méid dá chuid aimsire a ordós an tAire ó am go ham, a chaitheamh lena dhualgais.
(8) Ní bhainfidh Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le hoifig chomhalta.
(9) (a) Má thagann comhalta den Údarás chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, chun bheith i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Údarás.
(b) Duine a bheas de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas chun suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Údarás.
(10) Ní ceapfar aon duine ina chomhalta mura bhfuil gnáthchónaí air sa Stát.
(11) Ní dhéanfaidh aon chomhalta aon eolas a nochtadh a gheobhas sé ag feidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo dhó i dtaobh cúrsaí príobháideacha aon duine nó gnótha ach amháin i gcúrsa tuarascála ón Údarás chun an Aire.
(12) Má bhíonn aon leas airgeadais, díreach nó neamhdhíreach, ag comhalta in aon ghnóthas tionscail, cuirfidh sé in iúl don Aire, sar a bhfeidhmeoidh sé aon fheidhmeanna mar chomhalta, cad é an leas é agus comhlíonfaidh pé ordacháin a bhéarfas an tAire dhó ina thaobh.
(13) Beidh comhalta dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh de bheith, i seilbh oifige má breithnítear ina fhéimhí é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúntachta nó phiantseirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáthchónaí sa Stát.
Cumhacht an Údaráis chun finnéithe a thoghairm, etc.
5.—(1) Féadfaidh an tUdarás, chun críocha a bhfeidhmeanna, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—
(a) finnéithe a thoghairm chun teacht ina láthair,
(b) na finnéithe a thiocfas ina láthair a scrúdú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo do gach comhalta iad a chur faoi mhionn),
(c) a cheangal ar fhinné aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Údarás.
(2) Ní hiarrfar, in aon imthosca, ar fhinné aon tsonraí a nochtadh a bhéarfadh go scaoilfí eolas ar aon phróiseanna nó sain-oidis rúnda déantóireachta nó ar aon mhodhanna a bhaineas go sonrach le gnóthas áirithe an fhinné sin.
(3) Ní thoghairmfidh an tUdarás finné chun teacht ina láthair ná ní cheanglóid ar fhinné aon doiciméad a thabhairt ar aird ná aon eolas a thabhairt gan a chur in iúl don fhinné cad chuige a bhfuil an t-eolas uathu.
(4) Beidh finné i láthair an Údaráis i dteideal na saoirsí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé ina dteideal dá mba fhinné i láthair na hArd-Chúirte é.
(5) I gcás duine ar bith—
(a) arna thoghairm go cuí i láthair an Údaráis mar fhinné, do mhainniú teacht i láthair, nó
(b) ar bheith i láthair dó mar fhinné, do dhiúltú mionn a ghlacadh a cheanglós an tUdarás air go dlíthiúil a ghlacadh, nó aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglós an tUdarás air go dlíthiúil a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a cheanglós an tUdarás air go dlíthiúil a fhreagairt,
beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
(6) Ní foláir toghairm faoin alt seo a bheith sínithe ag comhalta amháin ar a laghad.
(7) Féadfaidh an tAire imeachta i leith ciona faoin alt seo a bhunú agus a thabhairt ar aghaidh.
Oifigigh agus seirbhísigh.
6.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cabhrú leis an Údarás i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna.
(2) Na hoifigigh agus na seirbhísigh a ceapfar chun cabrú leis an Údarás, sealbhóid oifig ar pé téarmaí, agus gheobhaid pé luach saothair, a chinnfeas an tAire Airgeadais.
(3) Féadfaidh an tAire, ar an Údarás dá iarraidh sin agus le toiliú an Aire Airgeadais, comhairleoirí teicniúla don Údarás a cheapadh agus féadfar pé táillí nó luach saothair eile achinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc leis na comhairleoirí sin as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
(4) Ní dhéanfaidh aon chomhairleoir teicniúil a ceapfar faoi fho-alt (3) den alt seo aon eolas a gheobhas sé i gcomhlíonadh a dhualgas mar chomhairleoir den tsórt sin a nochtadh ach amháin i gcúrsa tuarascála uaidh chun an Údaráis.
(5) Duine a shárós fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
Deontas bliantúil.
7.—Sa bhliain airgeadais a bheas ann ar dháta an Achta seo a rith, agus i ngach bliain airgeadais dá éis sin, íocfar leis an Údarás, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontas de pé méid a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, faoi chomhair luach saothair na gcomhaltaí agus pé caiteachas, a ghabhfas lena gcuid oibre, a mheasfas na comhaltaí, dá roghain féin, a bheith riachtanach chun a chumasú dhóibh a bhfeidhmeanna a dhéanamh.
Airgeadas, cuntais agus iniúchadh.
8.—(1) Beidh de dhualgas ar an Údarás an deontas bhantúil a riaradh.
(2) Coimeádfaidh an tUdarás, i pé foirm a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is gnáth agus is cuí ar airgead a gheobhaid agus a chaithfid, agus coimeádfaid go háirithe na cuntais speisialta sin go léir a ordós an tAire ó am go ham.
(3) Cuirfear na cuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bliantúil le hiniúchadh pé tráth a ordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus déanfar na cuntais sin ar iad a bheith iniúchta amhlaidh, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus bhéarfaidh seisean go leagfar cóipeanna dhíobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Doiciméid an Údaráis a nochtadh.
9.—Ní nochtfaidh an tUdarás, gan toiliú an Aire, aon doiciméad a bheas ina gcoiméad nó faoina n-urláimh agus a hiarrfar a thabhairt ar aird i ndáil le haon imeacht dlíthiúil, agus féadfaidh an tAire an phribhléid chéanna d'éileamh i leith an doiciméid d'fhéadfadh sé d'éileamh dá mba ina choiméad féin a bhí sé.
Caiteachais.
10.—Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
Gearrtheideal.
11.—Féadfar an tAcht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950, a ghairm den Acht seo.
AN SCEIDEAL.
Cead-Chomhaltai an Udarais Forbartha Tionscail.
1. Tiocfaidh ceapacháin (a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála, le ceadú an Aire Airgeadais, trí bharántais dar dáta an 26ú lá de Bhealtaine, 1949) Shéamais Uí Bhiada ina chomhalta agus ina chathaoirleach, agus Chaoimhghin Mhic Chuarta, Lúcáis Uí Dhubhthaigh agus Sheáin S. Bhreathnaigh ina gcomhaltaí, ar an Údarás Forbartha Tionscail in éifeacht ar dháta an Achta seo a rith mar cheapacháin chun oifigí iontamhla an Údaráis a bunaítear leis an Acht seo don tréimhse dar críoch an 25ú lá de Bhealtaine, 1954.
2. Bhéarfar luach saothair do réir ráta nach lú ná £2,500 sa bhliain don tSéamas Ó Biada sin amhail ar an 26ú lá de Bhealtaine, 1949, agus ón dáta sin, agus bhéarfar luach saothair do réir ráta nach lú ná £2,000 sa bhliain don Chaoimhghin Mac Cuarta, don Lúcás Ó Dubhthaigh agus don tSeán S. Breathnach sin amhail ar an dáta sin a us ón dáta sin.
3. Má bhíonn an Séamas Ó Biada sin ina Chathaoirleach nuair a shlánós sé 65 bliana d'aois, beidh teideal aige, ar éirí as oifig dó, chun pinsin is iníoctha as airgead a sholáthrós an tOireachtas de mhéid is comhionann leis an bpinsean a mbeadh teideal aige chuige dá leanadh sé de bheith ag fónamh leis an gCuideachta Chairde Thionscail, Teoranta, tar éis an 26ú lá de Bhealtaine, 1949, agus gur cháiligh sé chun an lán-phinsin a mbeadh sé i dteideal a íoctha leis ón gCuideachta sin.
4. (a) Má tharlann, aon tráth sar a slánóidh sé 65 bliana d'aois, go mbeidh an Séamas Ó Biada sin inathcheaptha ina Chathaoirleach agus nach n-athcheapfar amhlaidh é, beidh feidhm ag forála míre (3) amhail is dá n-athcheaptaí amhlaidh é agus go raibh sé i seilbh oifige go dtí gur shlánaigh sé 65 bliana d'aois.
(b) Ní bheidh éifeacht ag an mír seo má éarann an tAire é d'athcheapadh de dheasca mí-iompair nó éagumais shonraithe nó má dhiúltaíonn sé glacadh lena athcheapadh.
5. Má scoireann an Séamas Ó Biada sin de bheith i seilbh oifige mar chathaoirleach de dheasca easláinte sar a slánóidh sé 65 bliana d'aois, agus go nglacfaidh an tAire lena scor, beidh sé i dteideal pé pinsean d'íoc leis as airgead a sholáthrós an tOireachtas a mbeadh teideal aige chuige dá mb'as seirbhís na Cuideachtan Cairde Tionscail, Teoranta, a scoir sé an uair sin.
6. Déanfar an pinsean, pé acu faoi mhír 3, 4 nó 5 a éireos sé, a ríomh do réir an tuarastail, mar chathaoirleach, a mbeidh teideal ag an Séamas Ó Biada sin chuige díreach roimh é a scor de bheith i seilbh oifige sna himthosca dá dtagartar sa mhír iomchuí.
7. Aon phinsean a dámhfar faoin Sceideal seo, is é an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire Tionscail agus Tráchtála, a dhámhfas é.
8. Más rud é, tar éis pinsean a dhámhachtain, go sealbhóidh an pinsinéir post a mbeidh luach saothair ina leith á íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas nó as an bPríomh-Chiste nó ag údarás áitiúil nó ag bord nó comhlucht arna bhunú faoi Acht ón Oireachtas nó faoi reacht de reachta Shaorstát Éireann nó i gcomhpháirt ag dhá cheann nó níos mó acu sin a luaitear thuas, ansin—
(a) ní bheidh an pinsean iníoctha d'aon tréimhse a mbeidh an luach saothair ina haghaidh comhionann leis an tuarastal nó níos mó ná an tuarastal ar dá réir a ríomhadh an pinsean;
(b) má tharlann i gcás aon tréimhse go mbeidh breis ag comhsuim an phinsin agus an luach saothair ar an tuarastal sin, déanfar an pinsean don tréimhse sin a laghdú méid na breise.
9. Más rud é, tar éis pinsean a dhámhachtain, go mbeidh an dara pinsean iníoctha leis an bpinsinéir i leith seirbhíse i bpost de chineál dá dtagartar i mír 8, ansin—
(a) ní bheidh an pinsean faoin Sceideal seo iníoctha d'aon tréimhse a bheas an dara pinsean comhionann le dhá dtrian, nó níos mó ná dhá dtrian, an tuarastail ar dá réir a ríomhadh an pinsean faoin Sceideal seo;
(b) más rud é i gcás aon tréimhse go mbeidh an dara pinsean níos lú ná dhá dtrian an tuarastail sin, déanfar an pinsean faoin Sceideal seo don tréimhse sin a laghdú go dtí méid an easnaimh.
10. Beidh íoc an phinsin faoi réir an pinsinéir do dhéanamh dearbhuithe i pé foirm agus ag pé trátha a cheanglós an tAire Airgeadais.
11. (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh go mbeidh cuid d'íocaíocht i leith an phinsin faoin Sceideal seo le déanamh ag an gCuideachta Chairde Thionscail, Tta.
(b) Má chinneann an tAire Airgeadais amhlaidh, cinnfidh sé freisin cad é an méid den íocaíocht a bheas le déanamh ag an gCuideachta agus íocfaidh an Chuideachta an méid sin leis an Aire sin.
(c) Aon tsuim a híocfar leis an Aire Airgeadais faoin mír seo, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordacháin an Aire sin.