Uimhir 29 de 1956.
ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA (LEASÚ), 1956.
[An tiontó oifigiúil.]
Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasacht áitiúla.
1.—Athghairmtear leis seo alt 1 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1954 (Uimh. 3 de 1954), agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach raghaidh méid iomlán an airgid a heiseofar as ciste na n-iasacht áitiúla i leith iasacht áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935), thar suim chéad agus deich milliún punt.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1956, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1956, a ghairm d'Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1954, agus den Acht seo le chéile.