Uimhir 29 de 1959.
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (Uimh. 2), 1959.
[An tiontó oifigiúil.]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Chuideachta” Aer Rianta, Teoranta, is é sin, an chuideachta a bunaíodh de bhun ailt 68 den Phríomh-Acht;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936.
Caipiteal na Cuideachta a mhéadú.
2.—Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946, a leasú trí “£10,000,000 (deich milliún punt) arna roinnt ina dheich milliún scaireanna de phunt an ceann” a chur in ionad “£2,000,000 (dhá mhilliún punt) arna roinnt ina dhá mhilliún scaireanna de phunt an ceann”, agus déanfar aon tagairt i gCuid IV den Acht sin don alt sin 21 a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt sin arna leasú leis an alt seo.
Srian leis an Stát do ráthú bintiúirí na Cuideachta.
3.—Ní dhéanfar an chumhacht a thugtar don Aire Airgeadais le halt 75 den Phríomh-Acht chun ráthaíochtaí a thabhairt i leith bintiúirí a eiseoidh an Chuideachta a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £5,000,000 (cúig mhilliún punt) an méid iomlán airgid phríomhshuime a mbeidh a chuí-íoc ráthaithe tráth ar bith de bhun an ailt sin.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Uimh. 2), 1959, a ghairm den Acht seo.
(2) Folóidh an comhlua na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1959, an tAcht seo.