[EN]

Uimhir 30 de 1950.


[EN]

ACHT MHIC SHUIBHNE (PINSEAN), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN PINSEAN D'ÍOC LE BAINTREACH THOIRDEALBHAIGH MHIC SHUIBHNE. [20ú Nollaig, 1950.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Pinsean a dheonadh do bhaintreach Thoirdealbhaigh Mhic Shuibhne.

1.—(1) Íocfaidh an tAire Cosanta, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pinsean bliantúil (dá ngairmtear an pinsean san alt seo) de chúig chéad punt ar feadh a saoil le Muirgheal, baintreach Thoirdealbhaigh Mhic Shuibhne.

[EN]

(2) Measfar an pinsean a thosnú ar an 21ú lá de Mheán Fómhair, 1950, agus íocfar, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, an méid a bheas faibhrithe ina leith in aghaidh na tréimhse dar thosach an 21ú lá sin de Mheán Fómhair, 1950, agus dar chríoch dáta an Achta seo a rith.

[EN]

(3) Aon mhéid a fhaibhreos chun bheith dlite tar éis dáta an Achta seo a rith íocfar é in aghaidh an mhí i ndiaidh láimhe.

Gearrtheideal.

(2)—Féadfar Acht Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950, a ghairm den Acht seo.