Uimhir 30 de 1953.
AN tACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1953.
[An tiontó oifigiúil.]
Leiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1902” an Licensing (Ireland) Act, 1902;
ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927);
ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;
ciallaíonn “an Chúirt”, maidir le himeachta i leith ar-cheadúnais, an Chúirt Chuarda, agus, maidir le himeachta i leith eis-cheadúnais, an Chúirt Dúiche;
ciallaíonn “na hAchta Ceadúnúcháin” na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1952;
ciallaíonn “áitreabh ceadúnaithe” áitreabh atá ceadúnaithe chun deocha meisciúla a dhíol ar mionreic;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
ciallaíonn “an busáras” busáras an Bhoird in Áras Mhic Dhiarmada i Sráid na Stór i gcathair Bhaile Atha Cliath.
(2) Forléireofar na hAchta Ceadúnúcháin agus an tAcht seo mar aon ní amháin.
An Busáras.
Ceadúnas a dheonadh.
2.—(1) Féadfaidh an tAire, más dóigh leis gur ceart ar-cheadúnas a dheonadh don Bhord i leith aon choda áirithe den bhusáras, deimhniú d'eisiúint don Bhord á cheadú an ceadúnas a dheonadh.
(2) Deonfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an ceadúnas ar an deimhniú a thíolacadh dhóibh.
An ceadúnas d'athnuachaint.
3.—(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, deimhniú d'eisiúint don Bhord ó am go ham á cheadú an ceadúnas d'athnuachaint.
(2) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an ceadúnas d'athnuachaint ar an deimhniú a thíolacadh dhóibh.
An ceadúnas a leasú.
4.—(1) Féadfaidh an tAire, más dóigh leis gur ceart go leathnófaí feidhm an cheadúnais, nó go n-aistreofaí an ceadúnas, chun coda eile den bhusáras nó go scoirfeadh an ceadúnas d'fheidhm a bheith aige i leith aon choda áirithe den bhusáras, deimhniú d'eisiúint don Bhord ag ceadú an athruithe.
(2) Aon uair a tíolaicfear deimhniú den tsórt sin do na Coimisinéirí Ioncaim, leasóidh siad an ceadúnas dá réir.
Modhnú ar Acht 1927.
5.—(1) Ní bheidh feidhm ag alt 3 d'Acht 1927 (a bhaineas le trádáil mheasctha) maidir le háitreabh a ceadúnófar faoi alt 2.
(2) Beidh feidhm ag alt 5 (a bhaineas le horduithe díolúine speisialta) agus ag alt 13 (a bhaineas le deocha meisciúla a thabhairt le béile) d'Acht 1927 maidir le háitreabh a ceadúnófar faoi alt 2.
(3) Ní bheidh feidhm ag Cuid IV d'Acht 1927 (a bhaineas le ceadúnais a laghdú) maidir le ceadúnas faoi alt 2.
Aitribh a Scartáil Údarás Áitiúil.
Deimhniú údaráis áitiúil ag ceadú láithreáin d'áitreabh ceadúnaithe.
6.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, más cuí leo é, deimhniú d'eisiúint d'aon duine, á dhearbhú—
(a) go ndearnadh nó go ndéanfar áitreabh ceadúnaithe áirithe a scartáil, tar éis an tAcht seo a rith, ag an údarás, nó ar ordú ón údarás, i bhfeidhmiú aon cheann dá bhfeidhmeanna, agus
(b) go bhfuil láithreán áirithe a thógadar ceadaithe acu mar láithreán d'áitreabh ceadúnaithe in ionad an tseanáitribh.
(2) Ní eiseoidh an t-údarás áitiúil deimhniú do dhuine ar bith seachas an duine (nó ainmní an duine) ag a bhfuil an t-eastát nó an tionóntacht is ísle san áitreabh nó, má thóg an t-údarás áitiúil an t-áitreabh chucu féin, a raibh sin aige díreach sarar thóg an t-údarás áitiúil an t-áitreabh chucu féin, mura rud é gur tairgeadh deimhniú don duine sin agus nár ghlac sé leis.
(3) Má bhíonn an t-eastát nó an tionóntacht is ísle faoi réir choinníll (pé acu i leith deocha meisciúla i gcoitinne é nó i leith aon chineáil áirithe dí meisciúla) nach ndíolfaidh sealbhóir an eastáit nó na tionóntachta sin ach deocha meisciúla a ceannaíodh ón neas-léasóir, nó tríd, ansin, measfar, chun críocha fo-ailt (2), gurb é an neas-léasóir an duine ag a bhfuil (nó ag a raibh) an t-eastát nó an tionóntacht is ísle.
Aitreabh nua a cheadúnú.
7.—(1) Nuair a dhéanfas an sealbhóir ar dheimhniú faoi alt 6, tar éis dó fógra a thabhairt go cuí go bhfuil sin ar intinn aige, iarratas chun na Cúirte ar dheimhniú ag tabhairt teidil dó ceadúnas d'fháil i leith áitribh ar an láithreán ceadaithe, cuirfidh an Chúirt faoi deara, d'ainneoin aon ní in Acht 1902, an deimhniú sin a thabhairt dó mura rud é go dtoirmiscfidh an Chúirt, dá rogha féin, eisiúint an cheadúnais—
(a) ar fhoras carachtar, mí-iompar nó neamh-oiriúnacht an iarratasóra nó neamhoiriúnacht nó neamháisiúlacht an áitribh, nó
(b) faoi réir fo-ailt (2), ar an bhforas go ndéanfadh sé dochar míréasúnach don ghnó atá á dhéanamh le linn na huaire sin in áitreabh ceadúnaithe éigin sa chomharsanacht ceadúnas a bheith ag an áitreabh.
(2) Ní tabharfar aird ar an bhforas agóide a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1)—
(a) más ar láithreán an tsean-áitribh cheadúnaithe a bheas an t-áitreabh déanta, nó
(b) má dheimhníonn an t-údarás áitiúil nach bhfuil an láithreán sin ar fáil mar láithreán d'áitreabh ceadúnaithe agus go bhfeicfear don Chúirt nach dócha go ndéanfaidh suíomh an áitribh san áit a bhfuil sé, in ionad a bheith ar an sean-láithreán, dochar ábhartha, ann féin, don ghnó atá á dhéanamh in áitribh na comharsanachta.
(3) (a) Beidh an ceadúnas a deonfar de bhun an ailt seo comhionann ina chineál, agus faoi réir na gcoinníollacha céanna, leis an gceadúnas a ghabh leis an seanáitreabh.
(b) Ní chuirfidh aon ní in Acht 1902 cosc leis an gceadúnas nua a dheonadh.
(c) Ar an gceadúnas nua a dheonadh, beidh deireadh leis an sean-cheadúnas (mura bhfuil sé ar ceal cheana féin).
(d) Aon chiontú a bheas ar taifead ar an sean-cheadúnas faoi alt 25 d'Acht 1927, nuair a deonfar an ceadúnas nua, measfar, má b'é an ceadúnaí sealbhóir an tseancheadúnais, é a bheith ar taifead ar an gceadúnas nua faoin alt sin agus gur cuireadh ar taifead amhlaidh é ar an dáta a cuireadh ar taifead ar an sean-cheadúnas é.
(e) Má ba áitreabh lenar bhain mír (1) d'alt 2 d'Acht 1902 an sean-áitreabh, scoirfidh an mhír sin d'fheidhm a bheith aige maidir leis, ar an gceadúnas nua a dheonadh, agus measfar feidhm a bheith aici maidir leis an áitreabh nua.
(f) Má ba áitreabh lenar bhain alt 6 d'Acht 1902 an seanáitreabh, measfar gur áitreabh lena mbaineann an t-alt sin an t-áitreabh nua.
Dearbhú faoi oiriúnacht agus áisiúlacht an áitribh atá beartaithe.
8.—(1) Má bheartaíonn an sealbhóir ar dheimhniú faoi alt 6 áitreabh a dhéanamh ar an láithreán ceadaithe agus a iarraidh go gceadúnófaí an t-áitreabh chun deocha meisciúla a dhíol, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar dhearbhú go mbeadh an t-aitreabh atá beartaithe oiriúnach agus áisiúil chun a cheadúnuithe amhlaidh, agus
(a) gur áitreabh lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 7 a bheas san áitreabh nuair a bheas sé déanta, nó
(b) nach ndéanfadh sé dochar míréasúnach don ghnó atá á dhéanamh, ar dháta an iarratais faoin alt seo, in aon áitreabh ceadúnaithe sa chomharsanacht ceadúnas sa chomharsanacht ceadúnas a bheith ag an áitreabh,
agus, más deimhin leis an gCúirt gurb amhlaidh atá, féadfaidh sí an t-iarratas a dheonadh ar pé téarmaí is cuí leis an gCúirt.
(2) Má bheartaíonn an t-údarás áitiúil áitreabh a dhéanamh ar láithreán atá ceadaithe acu mar láithreán d'áitreabh ceadúnaithe in ionad áitribh cheadúnaithe a ndearnadh nó a ndéanfar é a scartáil, tar éis an tAcht seo a rith, ag an údarás, nó ar ordú ón údarás, i bhfeidhmiú aon cheann dá bhfeidhmeanna, agus an t-áitreabh a léasú chun a úsáidte mar áitreabh ceadúnaithe, féadfaidh an t-údarás áitiúil iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar dhearbhú faoi fho-alt (1).
(3) Ní foláir don duine atá chun iarratas a dhéanamh—
(a) a chur faoi deara go bhfoilseofar, lá agus fiche ar a laghad sara ndéanfar an t-iarratas, i nuachtán a léitear san áit a mbeartaíonn sé an t-áitreabh a bheith ann, fógra go bhfuil sé chun an t-iarratas a dhéanamh,
(b) fógra i scríbhinn go bhfuil sé chun an t-iarratas a dhéanamh a thabhairt, lá agus fiche ar a laghad roimh ré, do Cheannfort an Gharda Shíochána ar ina dhúthaigh a bheartaíos sé an t-áitreabh a bheith aige, agus
(c) a chur faoi deara go dtaiscfear leis an gCeannfort sin cóip de phleananna an áitribh atá beartaithe.
(4) Ní foláir plean den áitreabh atá beartaithe a bheith ag gabháil leis an iarratas.
(5) Aon duine a mbeadh teideal aige agóid a dhéanamh i gcoinne iarratais ar dheimhniú ag tabhairt teidil don iarratasóir chun ceadúnais i leith an áitribh, beidh teideal aige agóid a dhéanamh sa tslí chéanna i gcoinne an iarratais faoin alt seo.
(6) Leanfaidh dearbhú faoin alt seo i bhfeidhm go ceann trí bliana ón dáta a deonfar an t-iarratas, nó go ceann pé tréimhse is sia ná sin is cuí leis an gCúirt d'fhoráil in aon chás áirithe.
Ceadúnú áitribh a rinneadh i gcomhréir le pleananna a cheadaigh an Chúirt.
9.—Más rud é, le linn iarratas d'éisteacht faoi alt 7, go gcruthófar chun sástachta na Cúirte, go bhfuil an t-áitreabh déanta i gcomhréir go substainteach le téarmaí dearbhuithe faoi alt 8, ní ghlacfaidh an Chúirt le haon agóid i gcoinne an iarratais a bheas bunaithe ar neamh-oiriúnacht nó neamháisiúlacht an áitribh nó ar aon dochar a déanfaí d'aon ghnó a bheadh á dhéanamh ag an am sin sa chomharsanacht.
Gearrtheideal agus comhlua.
10.—(1) Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla, 1953, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1953, a ghairm de na hAchta Ceadúnúcháin agus den Acht seo le chéile.